Foclóir: Bailitheoir - collector; tairseach - threshold; rochtain - reach; ar theann a dhíchill - doing his very best; claochlú - change; cabaireacht - babbling/chin-wagging; Lochlannaigh - Vikings; fulacht fia - ancient cooking place; brothall - heat; pont - tip.
Ceann de na leabhair is spéisiúla dar foilsíodh riamh in Éirinn is ea an Handbook of Irish Folklore a chuir Seán Ó Súilleabháin le chéile. Is é atá ann don chuid is mó sraith de cheisteanna a cuireadh le chéile mar áis don bhailitheoir béaloideasa agus é amuigh sa ghort i mbun a chúraim.
I measc na gceisteanna arbh fhéidir a chur maidir le hOíche Shamhna bhí an fhiafraí an raibh ainmneacha áitiúla éagsúla eile air, mar shampla, ‘Oíche na gCleas’, ‘Oíche na hAimléise’ nó ‘Oíche na bPúcaí’. Ar shíl daoine go n-imeodh breoiteacht agus tinneas le teacht na féile? Ar chóir caora agus sméara a ithe tar éis an lae sin? Ar creideadh go raibh na liosanna ar oscailt an oíche sin? Ar aistrigh an slua sí ó áit go háit an t-am sin? An raibh na mairbh le feiscint? Ar lorg siad rud ar bith? Ar cuireadh bia amach faoina gcomhair? Ar fágadh an doras ar leathadh dóibh? Ar lasadh coinnle d’anamnacha na marbh?
Bhí ceisteanna breise ann mar gheall ar chaitheamh aimsire na hoíche, na cluichí agus na clis a d’imrítí, na tomhaiseanna, na hamhráin, na ranna a d’insítí nó a cheoltaí. Agus ina dhiaidh sin, an bia faoi leith ba nós leo, go háirithe cnónna agus úlla. Rud amháin nach bhfuil lua ar bith air is ea an puimcín.
Protestant churches face a day of reckoning with North’s inquiry into mother and baby homes
Pat Leahy: Smart people still insist the truth of a patent absurdity – that Gerry Adams was never in the IRA
The top 25 women’s sporting moments of the year: 25-6 revealed with Mona McSharry, Rachael Blackmore and relay team featuring
Former Tory minister Steve Baker: ‘Ireland has been treated badly by the UK. It’s f**king shaming’
Ba léir go raibh Oíche Shamhna ar cheann d’fhéilte móra na bliana, féile a raibh idir eagla agus spraoi ag baint léi. Chreidtí gur thréimhse í ar thairseach an tsaoil eile agus dá mbeadh an t-ádh (nó an mí-ádh) leat d’fhéadfaí dul ann, pé áit a raibh sé. Creideamh amháin ba ea go bhféadfaí an saol sin a rochtain tríd an uisce, rud a d’fhágfadh go mbeidh sé i bhfad níos fusa i mbliana ná le tamall anuas.
Tá scéal ag an scríbhneoir Albanach Iain Mac a’ Ghobhainn a bhfuil an teideal ‘An t-Adhar Ameirigeanach’/’An tAer Meiriceánach’ air. Deoraí as Albain a ghlacann tuairim go hobann filleadh ar a áit dhúchais in Leodhas in Inse Gall. Nuair a shroicheann sé an áit, áfach, tá claochlú ar fad air. Ceol Meiriceánach ag teacht as na tithe bia agus blas Meiriceánach ar chaint na hóige. Seolann sé an bád amach as an oileán chomh tapaidh in Albain is a d’fhéad sé agus féachann siar ó fhuinneog an tsoithigh ‘ar an aer Meiriceánach’ ina thimpeall agus é ag imeacht.
Is róbhaol gur mar sin dúinn go léir anois. Táimid inár gcónaí anois san aer Meiriceánach sin. Ní féile Éireannach/Ghaelach/Cheilteach í Oíche Shamhna níos mó ach ceann a tháinig aniar le déanaí ina chulaith nua snasta Poncánach.
Nuair a foilsíodh an leabhar lofa sin Angela’s Ashes le Frank McCourt níor tugadh aon aird faoi leith air, go fiú i Luimneach. Thit sé isteach i ngnáthlog an chiúnais ar nós formhór na leabhar a fhoilsítear. Ach nuair a bhuaigh sé duais litríochta sna Stáit Aontaithe, ar chúis éigin a chuireann mearbhall fós ar na cloigne is meabhraí sa chruinne, bhíog an pobal abhus suas, agus bhí caint agus cabaireacht ina thaobh go ceann na mblianta dá éis. Bhí sé mór i Meiriceá, dá bhrí sin, chaithfeadh sé a bheith mór anseo.
Tharla go raibh cara liom ag obair i gcathair mhór sna Stáit Aontaithe sin agus bhí sé gníomhach go maith i ngnóthaí a bhain le cultúr na hÉireann ann. Dúirt sé liom go raibh sé ar theann a dhíchill na leipreacháin a dhíbirt as na paráidí bliantúla lá ‘le Pádraig. Tar éis mórán dua agus achrainn a thóg nach mór fiche bliain a réiteach d’éirigh leis. Nuair a d’fhill sé abhaile, áfach, bhí na leipreacháin roimhe arís, iad tagtha aniar chugainn go lánghlasmhar agus hataí mór paidí Darby O’Gill ina dteannta.
Is é a dhála sin ag Oíche Shamhna anois é.
Ní bheadh feidhm ar bith le haon cheist sa lámhleabhar béaloideasa úd anois. Cé gur imigh go leor de na taibhsí, sprideannna, púcaí, gruagaigh, taiseanna le teacht an leictreachais, má thagann siad ar ais in aon chor anois is le cabhair an leictreachais chéanna é i bhfoirm na scannán uafáis a éiríonn iomadúil an tráth seo bliana.
Ait go leor, cé go bhfuil traidisiún fada ag baint le púcaí agus le sprideanna níl na scannáin a bhaineann go ró-áirithe le hOíche Shamhna chomh sean sin. Is sa bhliain 1978 a tháinig an scannán ‘Halloween’ féin amach, an ceann sin ina maraíonn an buachaill áirithe seo, a bhfuil Myres air más leathbhuan mo chuimhne, a dheirfiúr, ach éalaíonn amach as an bpríosún d’fhonn dul ar ais don teach agus cur as do dhaoine eile. Sceith an scannán sin na dosaen eile ionas gur saincheadúnas an teideal Halloween féin anois. Ceist níos diamhaire bun is ea cad ina thaobh go dtaitníonn scannáin uafáis le duine ar bith ach ní bhíonn sprid ná púca ná duine gan fios a chúise féin aige.
Mar a tharlaíonn ní gá dúinn a bheith ag brath ar na scannáin uafáis seachtracha sin. Tar éis an tsaoil b’é ár Bram Stoker féin a bhreac Dracula, leabhar eile a thál nach mór 100 scannán cheana féin. Inár gcásna, áfach, ní gá dul níos sia ná na scéalta dúchais a bhfuil go leor uafáis iontu chun tionscal scannánaíochta TG4 agus Bord Scannán na hÉireann a choinneáil gnóthach go ceann i bhfad.
Cad a déarfá faoin scéal sin mar gheall ar bheirt iníonacha a chrochann deirfiúr eile nach maith leo sa simléar, ach nuair a éalaíonn sí uathu déanann sí sparán as craiceann a máthar, nó an bhean a d’ith úll agus a shaolaíonn cearc agus coileach in ionad leanaí, nó an cailín óg a ghoideann cloigeann ón reilig a labhrann léi agus a chuireann faoi gheasa í leite nó praiseach nó brochán (de réir do rogha féin) a dhéanamh dó le fuil a leannáin féin, nó an capall a phósann bean ach go ndéantar fear de istoíche, nó…? Is féidir liom scriopt ar bith a sholáthar ar iarratas.
Ní hé nár ghabh an fhéile i bhfeidhm ar thíortha eile lasmuigh de Mheiriceá. Tuigeann go leor cad is brí le ‘sauna’ na Fionlainne, ach ní léir dóibh go bhfuil bunús Gaeilge leis. Toisc aeráid na hÉireann a bheith i bhfad níos fuaire sna seanlaethanta is amhlaidh nuair a thagadh an geimhreadh, agus d’aithnítí an chéad lá den aonú mí déag mar thosach an tséasúir sin, is amhlaidh go dtumadh na huaisle (fir, gan amhras) isteach sa tobar lomnocht a mbíodh an fulacht fia ann agus thugadh siad ‘folcadh na Samhna’ air. Cé nach Lochlannaigh le ceart iad muintir na Fionlainne, is amhlaidh gur airigh siad faoin nós sin ó na Sualannaigh a dhein gabháltas orthu, agus is de sin ó shin an focal ‘sauna’ sa teanga acu. Is ait mar atá an focal fillte ar ais orainn mar ‘seomra allais’, nuair nach raibh aon ghá le téarma nua sa chéad áit.
Le linn brothall na seachtainí seo caite ráinig mé a bheith amuigh ar Inis na Bó Brice. Bhí an Ghaeilge lag go leor san áit toisc oiread sin de theifigh ó Bhaile Átha Cliath ó dheas ag lonnú ann. Iad ar a dteitheadh ó na praghsanna a loirgeofaí ar bhosca teileafóin folamh a bhféadfaí púdal a bheathú ann ina ndúthaigh féin. Dá ainneoin sin bhí smut beag éigin de na sean-nósanna a d’imigh le Micí Mouse fós san áit. Níor cheapas go raibh aon amhrán feasta le bailiú ann gur casadh an seanduine seo orm a raibh leisce air a admháil go raibh ‘Samhna, Samhna, bainne na ngamhna’ aige dom. Dúirt sé gur leagan nua de sheanamhrán a bhí ann mar ómós do théamh na cruinne.
Pé rud a tharlóidh as seo go ceann cúpla lá is beag an bhaint a bheidh aige lenar tharla roimhe seo in Éirinn. Is róchuma le daoine gur i dtús na Samhna a dhein arm Chonnacht ionsaí ar Uladh sa Táin Bó Cuailgne, óir ba sa Samhradh is minice a thosnaítí ar bha is ar eallaigh a ghoid óna chéile ar shlite nach réiteodh anois leis an bPolasaí Comónta Talmhaíochta a dhéanann gadaíocht i bhfad níos oifigiúla. Má bhain siad geit as na hUltaigh leis an ionsaí sleamhain sin, is beag foireann Chonnachtach ar éirigh leo díorma de pheileadóirí Uladh a chloí ó shin nuair a tháinig an troigh ar thairne na buataise peile.
Agus cé go luaitear gaois Fhinn Mhic Cumhaill leis an mbradán feasa a bhí á thógaint go mídhleathach as feirm éisc na Bóinne lena linn agus an tslí ar dhein sé an ordóg dhóite a líorac, is fearr ar fad an insint eile. Is é sin gur chuaigh pont a ordóige greamaithe sa doras idir dhá shaol nuair a sciob Cúldubh ó Shliabh na mBan torc rósta agus gur dhein Fionn iarracht ar é a sciobadh uaidh sular théaltaigh sé isteach i bpluais an tsaoil eile. Is amhlaidh gurbh éigean dó an phian a mhaolú lena chur ina bhéal, agus b’as sin a tháinig fios a fheasa, go raibh an ordóg aige tamall sa domhan draíochta.
Taibhsí agus gréasáin damhán alla agus cailleacha draíochta ar scuaba, agus sábhanna ó Texas, agus puimcíní oráiste, agus bagairtí baotha, agus ceo cadáis is túisce a chífidh tú anois seachas aon rud a bhain le fíoreagla agus le fíorbheannaitheacht na Samhna a bhíodh réimiúil.
Is róbhaol gur fothram luiche nó coiscéim foghlaí tí an fhuaim sin a chloisfear sa chistin Oíche Shamhna anois ná duine ar bith de do shinsir ag tabhairt athchuairde ort agus ar a theallach dúchais.
Find The Irish Times on WhatsApp
What is The Irish Times WhatsApp channel?
How do I sign up?