Foclóir: An Fhiannaíocht – fenian cycle; samhlaíocht – imagination; ríméad – delight; i ngéibheann – in captivity; saothraithe – earned; ruthaig - runs; mada – dog; niachas - valour.
An áit a mbíonn an scéalaíocht, bíonn an Fhiannaíocht agus an rianaíocht,” a deir an seanfhocal.
Agus is fíor sin.
Tráth dá raibh ba ó bhéal ba mhó a chuirtí léann na ndaoine ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Bhailítí i gcomhluadar a chéile, i dtithe airneáin nó thart timpeall na tine théis obair an lae, chun scéalta, filíocht agus amhráin a inseacht dá chéile.
Deis a bhí ann ligean a thabhairt don tsamhlaíocht. Cé go bhfuil deireadh tagtha leis na nósanna sin den chuid is mó, tá tábhacht ar leith i gcónaí leis an scéalaíocht in aigne na ndaoine.
Bhí ríméad ar phobal na tíre nuair a fógraíodh 14 ainmniúchán Éireannach do ghradaim na nOscar – ceann acu saothraithe ag an scannán sármhaith Gaeilge, An Cailín Ciúin. Ba thráthúil mar sin gur labhair Tuarascáil le Máirín Mhic Lochlainn, scéalaí as Conamara a ceapadh mar Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta in Ollscoil na Gaillimhe an mhaidin chéanna a fógraíodh na hainmniúcháin.
Agus í ag cur síos ar a bhfuil beartaithe aici mar ealaíontóir cónaithe, d’inis sí dúinn faoi ghnás na scéalaíochta, an fhaillí atá déanta ann, agus na moltaí atá aici le dúshraith láidir a chur faoi arís.
“Nuair a bhí mise óg, ní raibh teilifís ná raidió againn,” a dúirt sí.
“Sé an caitheamh aimsire a bhí againn ar oícheanta fada geimhridh ná bheith ag éisteacht le deaide ag inseacht scéalta móra fada faoi mhac rí na hÉireann.”
Bhíodh chuile chineál scéil ag a hathair Beairtlín Shéamuis Rua Ó Maoileoin, na scéalta beaga agus na scéalta móra, agus mórshaothair litríocht béil na tíre seo, an Fhiannaíocht agus an Rúraíocht san áireamh.
“B’fhéidir go n-inseodh sé leathuair inniu agus leathuair amárach. Bhíodh cuid acu ina scéalta a sheasfadh ceithre oíche,” a dúirt sí.
“Chríochnaíodh sé an scéal i gcónaí agus mac rí Éireann i ngéibheann, nó an lámh in uachtar á fáil air ag an bhfathach nó rud éigin mar sin.”
“Théinn a chodladh san oíche ag cuimhneamh ‘meas tú céard a tharla do mhac rí Éireann?’
“Bhí an seanchas áitiúil aige freisin, faoi chuile rud a bhain leis an gceantar i ndáiríre, ó Naomh Colmcille go dtí caint ar an nGorta Mór.”
D’fhoghlaim a hathair a chuid scéalta óna mháthair, Baba Mhaidhc Tom Ó Curraoin, agus lean Máirín leis an nós céanna í féin.
Ach cé go raibh siad ar eolas aici i gcónaí, níor thosaigh sí ar an scéalaíocht go dtí go raibh a mac sna déaga.
“Bhí mé sean go leor, mar a deir an ceann eile, nuair a thosaigh mé ag cuimhneamh ar na scéalta,” a dúirt sí.
“Nuair a thosaigh mé ar cheann a inseacht, tháinig ceann eile agus ceann eile, bhí siad istigh ansin in áit éigint. Aisteach go leor nuair a bhí an mac is óige agam dhá bhliain déag is ea a thosaigh mé ag cuimhneamh orthu,” a dúirt sí.
“Ní raibh a fhios agam go dtí sin go raibh siad agam. Thosaigh mé ag inseacht scéil agus muid ag dul síos go dtí an trá agus bhí sé féin á chleachtadh agus muid ag teacht ar ais.”
Tá an cur i láthair tábhachtach agus ar nós ealaíontóir ar bith, caithfidh an scéalaí cleachtadh a dhéanamh.
“Bím á gcleachtadh agus mé ag siúl leis an mada. Bím ag siúl an bhóthair agus cuimhním ar scéal éigint agus mé ag caint liom féin,” a dúirt sí, agus í ag gáire.
Nasc atá sa scéalaíocht leis an am atá thart. Ní fios go díreach cén uair a tháinig tóir i dtosach ar an Fhiannaíocht ach tá a rian le feiceáil i lámhscríbhinní Nua-Ghaeilge ón dara haois déag, cé go gceaptar go raibh siad á n-inseacht i bhfad roimhe sin. Mhair na scéalta ársa sin beo i mbéal na scéalaithe anuas go dtí ár linn féin.
Saothair fhileata atá san Fhiannaíocht agus sna Scéalta Gaisce agus bhaintí úsáid as seifteanna athrá agus foghraíochta chun cur síos a dhéanamh ar eachtraí ar nós cathanna agus aistir farraige.
Chuidíodh na seifteanna seo leis an scéalaí cuimhneamh ar scéal agus é a chur de ghlanmheabhair go héasca. Bhain a hathair úsáid as na modhanna céanna ar nós ‘ruthaig’ - sé sin focail a thosaíonn leis an litir chéanna san abairt chéanna.
“Thabharfadh seisean ‘comharthaí catha’ nó ‘cultrachaí gaisce’ orthu,” a dúirt sí. “Deirtí iad mar fhilíocht, ar nós: ‘Chroch sé suas na seolta móra bucóideacha bacóideacha ó bhun go barr na gcrann. Níor fhág sé téid tíre gan tarraingt.”
Níl gnás na scéalaíochta chomh sláintiúil céanna agus a bhíodh. Tá iarrachtaí maithe ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta é a chur chun cinn i measc na ndaoine óga ach creideann Máirín go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun daoine a mhealladh chun na scéalaíochta.
“Sílim go mb’fhéidir go bhfuil faillí á déanamh sa scéalaíocht. Níl tada faoin scéalaíocht ar an raidió ná ar an teilifís. Le hais an cheoil ní chuirtear béim uirthi. Tá sé mar chomórtas ag an Oireachtas ceart go leor, ach tá an t-airgead suarach le hais airgead na n-amhrán ar an sean-nós nó damhsa ar an sean-nós.
“Sílim gur gá borradh a chur fúithi arís.”
Tá smaointe aici ar bhealaí chun é sin a dhéanamh. Mar shampla amháin luann sí an tionchar a bhí ag Raidió na Gaeltachta ar an amhránaíocht.
“Bhí amhránaíocht ar an sean-nós beagnach básaithe in 1972 nuair a d’oscail Raidió na Gaeltachta ach tháinig borradh fúithi ina dhiaidh sin,” a dúirt sí.
Tá ábhar go leor caomhnaithe i gcartlann Raidió na Gaeltachta, áit ar chaith sí féin na blianta ag obair. Tús maith a bheadh ann dar léi, athchraoladh a dhéanamh ar na scéalta sin.
“Tá an oiread rudaí a ndéantar athchraoladh orthu ach ní dhéantar aon athchraoladh ar na scéalta seo,” a dúirt sí.
“Agus tá scoth na Gaeilge iontu.”
D’fhéadfaí níos mó a dhéanamh sna scoileanna freisin. “Caithfear tosú nuair a bhíonn na gasúir óg,” a dúirt sí.
Leis na tréithe a fheictear sna scéalta - crógacht, éiric agus niachas - creideann sí go bhfuil ábhar maith scannánaíochta iontu freisin.
“An saghas scannáin a bheadh déarfaimid in The Lord of the Rings le [carachtair] osnádúrtha ag déanamh rudaí nach mbeadh an gnáthdhuine in ann a dhéanamh mar a déarfá.”
Agus tionscal scannánaíochta na hÉireann ar bhuaic a réime faoi láthair, cad chuige nach n-éireodh lena leithéid?
Tá sé i gceist ag Máirín ceardlanna scéalaíochta a stiúradh mar chuid dá cuid oibre mar ealaíontóir cónaithe. Beidh siad á múineadh aici san Ollscoil san earrach agus arís san fhómhar agus beidh fáilte roimh chách.
Bhí an-cháil ar an seanchaí Éamon a Búrc i gConamara agus níos faide i gcéin agus bainfear úsáid as an leabhar Éamon a Búrc: Scéalta mar chuid den chúrsa.
“Gan an focal scríofa sa lá atá inniu ann [is] beag duine a bheadh in ann é a thógáil ó bhéal,” a dúirt Mhic Lochlainn. Ach, ar nós rud ar bith a bhfuil fiúntas leis bíonn rath ar éinne a oibríonn go crua agus go dícheallach.
“Tá suim ag daoine sa scéalaíocht. Bíonn tú ag úsáid do chuid samhlaíochta ag éisteacht le scéal. Caitheann tú anró beag a chur ort féin leis an scéal a thabhairt leat.”
Beidh na cúig cheardlann san earrach saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách. Beidh siad ar siúl gach Déardaoin ag 7pm, ag tosú ar an 2 Feabhra, in Ionad Léinn na hÉireann, 4 Bóthar na Drioglainne, Ollscoil na Gaillimhe. Breis eolais: 091 492051