Foclóir: Coscrach – harrowing; oidhreacht – legacy; droim díbeartha – drive out; dálaí – conditions; rianaigh – traced; faoi seach- respectively; dílleachta – orphan; meascán mearaí- jigsaw; ola dheireanach – last rites; cion an chiontaigh – crime of the offender; neamhchiontach – innocent.
Is scéal coscrach é scéal Thithe na mBocht. D’fhág uafás an tsaoil agus an bháis laistigh de na ballaí gruama, cuimhne nimhneach buan in aigne mhuintir na hÉireann. Bhí baint mhór ag na hinstitiúidí gránna seo leis an nGorta Mór (1845-51), dar ndóigh, mar ba iad na tithe úd an rogha dheiridh a bhí ag na bochtáin agus iad ag fáil bháis den ocras. Meastar gur bhásaigh os cionn 300,000 duine sna tithe sin.
Tógadh 163 de na foirgnimh bhagracha seo idir 1838-1851. Agus ba é an chéad pholasaí a chuir an stát nua i bhfeidhm in 1922, ná deireadh a chur leo. Ach i ndáiríre níor athraíodh ach an t-ainm mar úsáideadh cuid acu mar Poorhouses (nó County Homes mar a tugadh orthu freisin) go dtí na 1970ídí.
Is dócha gurb í oidhreacht an Ghorta Mhóir is suntasaí ar thírdhreach na tíre ná Teach na mBocht. Bhí ballaí arda timpeall orthu agus chuaigh na bochtáin iontu i gcoinne a dtola i ndeireadh na dála mar creideadh gurbh annamh a tháinig aon duine slán astu. D’fhág easpa spáis, drochshláinte agus cúram leighis easnamhach go raibh galair mharfacha go rábach iontu.
Ba é an Bord Bardachta a bhí freagrach as bainistíocht Thithe na mBocht ar fheidhmigh siad de réir treoirlínte a leagadh síos ag Coimisinéirí Dhlí na mBocht. B’uafásach na dálaí faoina a raibh na daoine á gcoimeád sna tithe. B’amhail príosún é laistigh: na bardaí dorcha; na héadaí ainnise; leite uisciúil Indiach a cócaráladh; an t-im bréan agus an t-arán stálaithe.
Bhí ar theaghlaigh dul isteach le chéile iontu chun go mbeadh sé níos éasca do na tiarnaí talún droim díbeartha a chur leis na dtionóntaí as na heastáit. A luaithe a bhí na teaghlaigh laistigh, scaradh na páistí óna dtuismitheoirí; leithscaradh iad ansin de réir inscne agus go minic tharla sé nach bhfaca na tuistí ná na páistí a chéile arís.
B’éigean do na cimí éirí ag a seacht a chlog ar maidin agus a gcuid bricfeasta a ithe go ciúin. Cuireadh iachall ar gach duine obair a dhéanamh i gcomhair a gcuid bia agus lóistín. Bhí ar na fir clocha a bhriseadh le haghaidh bóithre a thógáil. Shiúil mná agus páistí gan deireadh i gciorcal ag brú roth mór a úsáideadh chun arbhar a mheilt. Cion an chiontaigh ar an neamhchiontach!
Tógadh trí Theach na mBocht i mbailte i gCill Dara: An Nás, Cill Droichid agus Baile Átha Í. De réir taighde ar mo chrann ginealaigh, fuair mo shin seanathair bás i dTeach na mBocht sa Nás in 1901 in aois 42 bhliain. Agus bhí mo sheanathair a bhí ceithre bliana d’aois ann ag an am céanna chomh maith. Ní raibh aon rian dá mháthair ann, ámh. Tá gach seans ann go bhfuair sí bás ann agus gur cuireadh í agus a hathair roimhe san olluaigh ar chúl an fhoirgnimh.
Ar ámharaí an tsaoil, tháinig an leanbh slán agus rinne teaghlach a raibh aithne acu ar a mháthair cúram de agus thugadar é chun cónaithe leo i gCill Chuillin i gContae Chill Dara. Rianaigh mé é arís sa Daonáireamh 1911 mar bhuachaill 14 bliana d’aois, mar ‘boarder’ i liosta na bpáistí sa teaghlach sin. Le himeacht aimsire nuair a bhí sé lánfhásta phós sé mo sheanmháthair agus shocraigh siad síos ar an mBaile Mór.
Nuair a tháinig mé féin slán ón eitinn i lár na 1950idí, tháinig mé faoi chúram Chomhairle Contae Chill Dara mar dhílleachta. Bhí mé seacht mbliana d’aois agus ní raibh an dara rogha ag na húdaráis áitiúil ach mé a sheoladh go dtí Teach na mBocht i mBaile Átha Í, áit a raibh grúpa beag dílleachtaí eile. Chaith mé dhá thréimhse ansin – dhá bhliain agus sé mhí faoi seach.
Tar éis na chéad tréimhse, tugadh mé agus dílleachta eile mar ‘boarders’ do lánúin gan chlann i gCoill Dubh, Contae Chill Dara. Chuamar ar scoil ansin. Níor mhair an socrú sin ach sé mhí mar fuair an fear céile bás go tobann agus dá bharr sin ní raibh aon teacht isteach ag a bhean chéile dá uireasa chun aire a thabhairt dúinn. Mar sin cuireadh ar ais muid go dtí Teach na mBocht.
Daichead bliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí mé ag iarraidh meascán mearaí de bhlúirí mo shaoil a chur le chéile fuair mé cóip de mo thaifead tinrimh sa scoil i gCoill Dubh. Cé go raibh a fhios agam cad a tharla dom ag an am baineadh stangadh asam nuair a léigh mé na focail loma a scríobh an príomhoide ar imeall an rolla nuair a bhain sé m’ainm de: “imithe go Tigh na mBocht, Átha Í”
Cláraíodh mé sa scoil náisiúnta i mBaile Átha Í. I m’aonar a shiúlainn an dá mhíle ó Theach na mBocht go dtí an scoil, chuile lá. Agus mé ag filleadh um thráthnóna is cuimhin liom na seanfhir a raibh aghaidheanna cráite orthu ag stánadh orm thar an bhalla agus ag fiafraí díom: ”Cén leabhar ina bhfuil tú anois a gharsúin?”
Tá cuimhne bheoga agam ar an lá a bhí mé ag déanamh aithrise ar cheannlíne a scríobh an tsiúr idir línte dubha agus gorma ar an gclár dubh. Ba é an chéad uair a d’úsáid mé peann gobach agus dúch agus chuaigh sé deacair orm iad a láimhseáil. Mhol an tsiúr mo chuid peannaireachta agus thaispeáin sí m’iarracht don rang. Níor bhris focal maith fiacail riamh!
Nuachóiríodh Teach na mBocht sa Nás thar na blianta. Is Ospidéal Ginearálta na laethanta seo é. Níl lorg den seanfhoirgneamh gránna fágtha ann. Ach tá iarsma scanrúil dofheicthe an drochshaoil sa chré ar chúl an ospidéil: an olluaigh ina bhfuil na céadta créatúr curtha gan leac gan ainm.
Théinn ann thar na blianta chun ómós a thabhairt do na bochtáin atá curtha ann, mo shin-seanathair ina measc – taibhsí an tráma nár chualathas a nguth riamh. Bhíodh mé an-chorraithe ann ag machnamh ar an méid a d’fhulaing siad agus ar an gcaoi ar caitheadh leo sa deireadh. Shamhlaínn capall faoi chairt ina raibh carn corpán, cuid acu idir beo is marbh á dtabhairt amach ón teach i ndorchadas na hoíche. Chaití isteach iad i bpoll adhlactha gan chónra agus gan an ola dheireanach curtha orthu.
Agus an t-aon choir amháin a d’fhéadfaí a chur ina leith: bhí siad beo bocht.