Ghlac Ard-Fheis Fhine Gael le rún an tseachtain cheana go gcuirfí deireadh leis an nglas triarach a cheileann cead dúinn dul chun cogaidh in ainneoin a dtola. Go hoifigiúil, ní foláir cead an rialtais, cead na Dála agus cead na Náisiún Aontaithe a bheith againn d’fhonn ár gcuid fear agus ban óga a chur amach i mbaol a mbáis, nó i mbaol maraithe daoine eile. Le fírinne, áfach, is mian leo deireadh a chur leis na srianta atá orainn agus ligean dóibh féin an cinneadh sin a dhéanamh.
Is iad Fine Gael atá i gceist agam leis seo. Ní dul suas ó dhúchas dóibh cur i gcoinne ár neodrachta. Beag a bhfoighne leis an tsíocháin. Suim bheag de bhlianta ó shin rinne a gcuid teachtaí i bParlaimint na hEorpa ráiteas (is é sin achainí) gur cheart dúinn ballraíocht i NATO a phlé (is é sin, go rachaimis isteach leo). Tuigimid an nod, is eol dúinn an leid.
Is é donas an scéil, chomh cinnte is a leanann an oíche an lá, an teip Maigh Eo, an tsnáthaid an galar agus chomh siúráilte is atá bianna ar mhaide bacaigh, go leanfaidh Fianna Fáil an chonair chéanna. Pé rud is a shocraíonn Fine Gael leanfaidh FF iad luath, nó níos luaithe. Foghlaimeoirí malla FG iad FF.
Is é an glam anois ná go bhfuil saoirse ár gcuid polasaithe eachtrannacha – más ann dóibh – á cur i lámha na Rúise agus dreamanna eile nach iad. Is amhlaidh nach luaitear, áfach, cé hiad na dreamanna eile sin nach iad, ach arb iad go dearfa.
Ní deacair, agus ní ansa. Is iad buanbhaill Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iad, gach soc impiriúlach díobh. Ní hea amháin go bhfuil urghaire ag an Rúis orainn, ach tá leis, ag an tSín, an Fhrainc, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe, is é sin, Sasana go bunúsach. Ní chloistear geoin ná gíocs ná míocs ná píp ná giolcadh ná meigeallach ná meabhlach mar gheall ar na baill eile sin.
B’fhéidir go gcloisfear arís nuair a thiocfaidh dragan na huillinne ar chnámh na Téaváine, ach i láthair na huaire seo gan an dul ar aghaidh a lua in aon chor, is í urghaire na Rúise an t-aon bhac ar bhóthar mór an chogaidh.
Ach fóill orainn, agus glas ar ár mbéal nach é an glas triarach é. Cad é an cogadh is mó agus is barbartha agus is uafásaí a fearadh is a mnaíodh in áit ar bith ar fud an domhain bhréanaigh le scór éigin de bhlianta anuas?
Ná déantar an iomad tochais ar eagla an phoill id chloigeann, ach b’é…is ea, an t-ionsaí mídhleathach a dhein na Stáit Aontaithe ar an Iaráic sa bhliain 2003. An ceart agat, an ceann sin mar gheall ar na hairm ollscriostacha nach raibh riamh ann agus na bréaga corónta go raibh Saddam Hussein ar tí nó ábalta ar ionsaí fuilteach a dhéanamh ar Londain laistigh d’uair an chloig.
Ansin an fuadar go léir a lean ag Bush agus ag an mBlár Cogaidh comhghuaillíocht idirnáisiúnta a chur ar bun d’fhonn argana is áir a dhéanamh san Iaráic. An dóigh leat, dáiríre píre fire, dá mbeadh FG i gcumhacht an tráth úd, an dóigh leat nach dteastódh uathu a bheith páirteach sa bharbaracht uilechoiteann a lean? Níos tábhachtaí, an dóigh leat go seasfaidh siad siar ar an gcéad ghlao eile a gheofar nuair a sheasann ceannaire Arabach éigin le dáine in aghaidh an leagain amach idirnáisiúnta nach n-oireann?
Ó sea, ar eagla an dearmaid. Níor thug na Náisiúin Aontaithe faomhadh don chogadh barbartha mídhleathach áirithe sin.
Nach maith go bhfuil urghaire anoir ann d’fhonn sinn a shábháil orainn féin an chéad uair eile?