Na deirfiúracha Hamilton: péintéirí de chuid na Cinsealachta

Ba ghníomhaire rachmasach talún leis an Diúc Laighean é Charles Robert Hamilton

Foclóir: An Chinsealacht – the Ascendancy; gníomhaire talún – land agent; sneachtadhreach – snowscape; roth tochraiste – winding wheel; córas ulóige – pulley system; inneachair – contents; ag mungailt – chewing; droichead tógála - drawbridge; túslitreachta - initials; Dún Búinne - Dunboyne.

Ós rud é gur poblachtánach cruthanta mé agus mar dhuine de bhunadh na cosmhuintire ba bhoichte dar chuir cos i mbróg riamh, is ábhar iontais dom go bhfuil mé ag cur pinn ar phár faoi bheirt ealaíontóir de bhunadh na Cinsealachta –Letitia (1878-1964) agus a deirfiúr Eva Hamilton (1876-1960) a rugadh agus a tógadh i dTeach Hamwood i nDún Búinne i gContae na Mí.

Ba chuid de phiardaí na dúiche i nDún Búinne iad a muintir, ó dheireadh an seachtú haois déag go dtí an lá atá inniu ann.

Ba ghníomhaire rachmasach talún leis an Diúc Laighean é Charles Robert Hamilton, athair na beirte. Is den seachtú glúin é Charles Ralph, an t-oidhre reatha atá ina chónaí sa Teach Mór faoi láthair agus a bhfuil obair na gcapall á déanamh aige chun an teach agus na gairdíní a chur ina gcruth agus ina ndeilbh féin arís (féach hamwood.ie).

READ MORE

D’éirigh mé fiosrach faoin mbeirt deirfiúr 25 bliain ó shin nuair a roghnaíodh péintéireacht de chuid Eva Hamilton mar chlúdach tosaigh d’ár leabhar ar stair an pharóiste. Ba phictiúr gleoite é de pháistí ag súgradh faoi scáth crainn i lár an tsráidbhaile tuaithe. Spreag sé sin mé chun dul ar thóir pictiúir de chuid Letitia dar teideal ‘Snowfall in Co. Down’ i nDánlann an Hugh Lane agus b’iontach an sásamh é an sneachtadhreach sin a fheiceáil.

Tá baint shuimiúil eile agam leis na deirfiúracha, fiú más fánach í, mar chaith siad tréimhse idir 1916-1919 ina gcónaí i Mainistir Eimhin, m’áit dhúchais - áit ar phéinteáil siad pictiúir de shainchomharthaí so-aitheanta an bhaile, amhail an phictiúir a dhúisigh cuimhní geala ionam ó m’óige: an sean droichead adhmaid tógála trasna na canála a bhí faoi urchair méaróige de mo theach cónaithe.

B’iomaí lá samhraidh a chaithinn le mo chairde ag snámh ann agus ba mhinic a chuideoinn leis an ngeatóir an droichead sin a ardú nuair a ligeadh sé dom an roth tochraiste a chasadh chun an córas ulóige a chur ag obair d’fhonn na báid phléisiúir a ligean tríd an tarbhealach. Mar aon leis an bpictiúr seo tá go leor pictiúr eile de shaothar ealaíne na beirte le feiceáil sa leabhar fíorálainn a scríobh Stephen Odlum faoin teaghlach.

Bhain an bheirt clú agus cáil amach mar phéintéirí mór le rá i dtús an fichiú haois ach níor glacadh leo mar ealaíontóirí ag lucht na n-ealaíon sa Stát Nua Éireannach.

Le teacht neamhspleáchais Éireannaigh in 1922, d’athraigh an t-ord sóisialta ó bhonn nuair a tháinig léargas náisiúnachais chun tosaigh. Bhí cineál nua péintéirí náisiúnacha, amhail Seán Keating, ag díriú ar iarthar na hÉireann chun inspioráide, mar a léiríonn a phictiúr, ‘An Aran Man and his Wife’. Os a choinne sin, dhírigh Letitia agus Eva a n-aird ar an oirthear dá n-inspioráid agus ar na treochtaí a bhí ag teach chun cinn san Eoraip.

Cé gurbh ealaíontóir portráidí den scoth í Eva, bhí Letitia ní b’iomráití mar chuirtí a saothar ar taispeáint go tráthrialta i ngailearaithe ar fud na tíre. Ba í an chéad bhean Éireannach a bhuaigh bonn Oilimpeach nuair a bronnadh bonn cré-umha uirthi i Londain in 1948 i gcomórtas d’ealaíontóirí. A pictiúr, ‘Meath Hunt Point-to-Point Races’ a thuill an gradam sin di.

Meastar go ndearna sí thart ar 1,600 pictiúr san iomlán. Tagann cuid dá saothar chun solais ag ceantanna ó am go chéile ach bhí líon mór dá bpictiúr in uiscedhathanna nach raibh ar fáil go poiblí. Is mar chuid de bhailiúcháin phríobháideacha atá cuid eile dá saothar.

Faoi thús an fichiú haois, ámh, bhí An Chinsealacht agus na tiarnaí talún ag titim go seasta mar gur briseadh na heastáit mhóra ina bpíosaí agus díoladh an talamh leis na tionóntaí. Bhí ré uaisle na talún agus a saol breá teolaí sna Tithe Móra ag teacht chun deiridh. I slí ba iad na hathruithe céanna a tharla i gcás na ndeirfiúracha Hamilton mar b’éigean dóibh cuid d’inneachair Hamwood a dhíol chun an t-eastát a choimeád slán. Ar deireadh fágadh an t-eastát ag an deartháir ba shine Charles Gerald agus b’éigean do na deirfiúracha imeacht óna dteach cónaithe.

Ar deireadh shocraigh an triúr deirfiúracha síos i Teach Woodville i Leamhchán. Ba theach mór scaipthe é a bhí ag titim as a chéile. Ba lena muintir é agus ba ann a chónaígh siad go lá a mbás.

Bhí na háiseanna teasa agus pluiméireachta an-bhunúsach ann agus bhídís chomh préachta sin go gcaithfidís a gcótaí móra a fháisceadh chucu chun iad féin a choimeád te.

Ina ainneoin sin d’fhan siad i ngreim eireabaill i mbéasa agus i ngnásanna de chuid na sean Chinsealachta i gcónaí: bhíodh an teach ar oscailt i gcomhair cuairteoirí agus bhíodh tae , ceapairí agus cístí spúinse ar fáil.

Chomhlíontaí am béile mar ócáid fhoirmiúil; bhuailtí an gang le cur in iúl go raibh an dinnéar réidh agus ina dhiaidh sin ba ghnás leo dul ar leataobh chun comhrá a bheith acu agus chun cártaí a imirt. Ait go leor ag am bricfeasta sheasaidís i gcónaí chun a gcuid leite a ithe mar ba nós leis na hAlbanaigh!

Chuireadh na deirfiúracha a dteacht isteach ón bpéintéireacht agus ón ngnó garraíodóireachta a bhí ag Connie, an deirfiúr ab óige, i dtoll a chéile chun cónaí i stíl mhaireachtála a bhí ag meath go sciobtha. Agus ba mhinic a ghairtí ar an bhfreastalaí chun pictiúr a thabhairt go dtí an baile le malartú ar cheathrú uaineola don dinnéar. Ba mhór an t-ísliú céime dóibh é! Samhlaím na deirfiúracha suite ag an mbord dinnéir chun sásamh a bhaint as an gceathrú uaineola sin. Ach a luaithe a thosaíonn siad ag ithe cuimhníonn siad ar an bpictiúr gleoite a thug siad don bhúistéir mar íocaíocht agus téann an íobairt go croí iontu. Go tobann titeann Letitia dá tost agus stadann sí den mhungailt uaineola; tagann scamall bróin ar a súile agus buaileann aiféala í, i ndiaidh a déantús ealaíne.

I lár an bhaile chéanna, samhlaím clann an bhúistéara suite chun bord dinnéir agus iad ag féachaint ar an bpictiúr a fuair siad mar íocaíocht ón bpéintéir aisteach a bhí ina macalla ón sean am. Breathnaíonn siad go truacánta ar na túslitreachta LH i litreacha troma i gcúinne an phictiúir. Agus ní fheadar ar crochadh é san áit ab fhearr ar an mballa?

Nó, an raibh sé i ndán dó go gcaithfí leis mar a caitheadh le ‘Portráid de Dhochtúir Rey’ a mhalartaigh Van Gogh ar lóistín agus a úsáideadh chun poill i mbothán na gcearc a dheisiú?