Sponsored
Sponsored content is premium paid-for content produced by the Irish Times Content Studio on behalf of commercial clients. The Irish Times newsroom or other editorial departments are not involved in the production of sponsored content.

Ireland and a sense of place.

By Bláthnaid Ní Chofaigh

Ireland and a sense of place.

‘Raibh an t-ádh liom gur tógadh le Gaeilge mé?

‘Bhfuil an sean teanga Ghaeilge mar chuid dár n-oidhreacht?

Bhí an t-ádh orm gur tógadh le Gaeilge mé. Is cuid dár n-oidhreacht í an teanga Ghaeilge. Ach níl aon ghá bheith líofa le tuiscint áirithe a bheith againn ar ár n-oidhreacht. Cé go bhfuil an Ghaeilge lárnach i m’oidhreacht féin, ní mar a chéile ár dtuiscint ar oidhreacht. In éindí le grá tá oidhreacht an-láidir agus an-phearsanta: músclaíonn sí mothúcháin atá in ann compord agus briseadh croí a chothú ionainn.

Tá oidhreacht na hÉireann chuile áit, sna caisleáin, sna carraigeacha, sna haibhneacha sna sléibhte, sna farraigí, sna scéalta agus inár n-anamacha, is cuid dá n-oidhreacht iad ar fad. Ach mar aon leis an nGaeilge tá bagairt ar ár n-oidhreacht. Gan meas ná aitheantas ní bheidh sí ann: caithfear aire a thabhairt dár n-oidhreacht.

Agus mé ‘mo chailín beag i nGaeltacht Rath Cairn i gContae na Mí faoi scáth Cnoc Tlachta agus muid buailte ar Chaisleán Áth Throim agus Brú na Bóinne a bheith chomh gar dúinn, ní raibh aon ghanntanas ar shaibhreas agus stair na tíre. Agus muintir na Gaeltachta ag cur fúthu i gcroílár tailte breátha na Mí creidim gur mheall sí muid cur fúinn ansin.

Bhí Cnoc Tlachta ag tabhairt foscadh dúinn, nó an é go raibh muintir na Gaeltachta ag cosaint Tlachta? Agus mé beag, chreid mise go raibh an bandia Tlachta ag breathnú orainn agus cé go mbíodh scéalta ann go raibh taibhsí ar an gCnoc bhí draíocht ag baint léi. B’fhacthas domsa go raibh mé timpeallaithe ag saibhreas oidhreacht na hÉireann, agus chuir m’athair é sin go daingean i mo mheon.

Agus mé an-óg thaispeáin m’athair, Seán Ó Cofaigh, “Síle na Gig” dom ar sheanfhoirgneamh caisleán in aice le Reilig Mháigh Méid (Moymet) áit go bhfuil mo sheanathair Máirtín Pheait Seáin, mo sheanmháthair Kate Dillon agus m’uncail Peadar curtha. Níor chuir an sean dearadh págánach seo faitíos ar bith orm, chonaic mé íomhá láidir a bhí ag úsáid a coirp noichte le faitíos a chur ar namhaid nó léiriú don saol taobh amuigh gan bagairt ná ionsaí a dhéanamh.

In intinn an chailín bhig, bhí ruainne beag áibhéil curtha leis an eachtra sin, bhí mé cinnte nach raibh Síle na Gig feicthe ag aon duine in Éirinn romhamsa. Bhí mise agus mo dheaide cáiliúil mar go bhfaca muid an Síle na Gig seo don chéad uair. Bíodh is go bhfuil seo fíor nó bréagach thaispeáin m’athair an bheanín beag seo dom agus cheap mé go raibh mo dheaide ar an bhfear ba chliste ar domhan.

Ó shin tuigeadh dom go raibh sí feicthe ag neart eile romham agus neart eile i mo dhiaidh. Bhí mé an-óg ach d’fhan an íomhá seo liom agus is cuma cár thaisteal mé bhí mé i gcónaí ag cuardach Síle na Gig.

Ní haon iontas gur thug mé Síle ar m’iníon, tréithe Shíle: láidreacht, muiníneach, misniúil, mar aon le hoidhreacht na hÉireann in ann an fód a sheasamh.

Ach tá ár n-oidhreacht láidir nuair atá muid fiú thar lear i measc chultúr eile agus teanga eile. Mar a bheadh pluid timpeall orm tá oidhreacht mo mhuintir ionam, chuile lá airím guth mo sean mhuintir i mo chuid smaointí. Sí mo dhúchas m’oidhreacht féin.

Thaisteal mo mhuintir as Conamara go Contae na Mí sa bhliain 1935 mar a bheadh teifigh sa lá atá inniu ann. Gan mórán acu, ach súil le saol níos fearr; ach bhí a n-oidhreacht acu an teanga, ceol, amhráin, scéalta agus a chéile. Agus le hobair chrua agus díograis bhí saol maith acu i measc an Bhéarla agus i gcultúr an-éagsúil ag an am sin.

Agus mé i mo dhéagóir dúirt seanbhean liom uair amháin “how are you all on the reservation”? Bhí sí ag tagairt do Ghaeltacht Ráth Cairn. Bhí mise ar buile, ach dúirt m’athair liom “nach raibh an ceart aici, is ar thailte caomhnaithe a tógadh muid agus nár tháinig daoine chomh maith leat féin nó níos fearr ná thú ó thailte caomhnaithe”. Bhí an ceart go hiomlán aige. Ní fúinn atá sé oidhreacht duine ar bith a cheistiú ach má tá an t-ádh orainn beidh meascán oidhreachtaí sa saol. Is saol saibhir í.