Fine Gael agus An Ghaeilge

Madam, - Vera Hughes's letter of November 22nd illustrates perfectly the blinkered view of the language police, as Kevin Myers…

Madam, - Vera Hughes's letter of November 22nd illustrates perfectly the blinkered view of the language police, as Kevin Myers has called them. Ms Hughes calls for the business of the Dáil to be conducted through Irish. This ludicrous proposal would surely kill off any lingering public interest in Dáil proceedings and politics.

The idea of a national parliament conducting its business in a language which is incomprehensible to a majority of the population is absolutely absurd, and it exposes the constantly growing chasm between the views of the Irish language lobby and reality. - Yours, etc,

CIARAN McCABE, Beechpark, Lucan, Co Dublin.

Madam, - I would dearly love to reply to the letter from Cristín Ní Nuananáin and her colleagues (November 23rd) but, despite 13 years of compulsory schooling in the subject, I cannot understand it. - Yours, etc,

READ MORE

SHEILA O'FLANAGAN, Copeland Grove, Clontarf, Dublin 3.

A Chara, - Thar cheann An tIonad Buail Isteach, ba mhaith liom ár mí-shonas agus iontas a léiriú maidir le ráiteas Edna Kenny, ceannaire Fhine Gael, faoi riachtanas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Tá tábhacht eacnamaíochta ag baint leis an nGaeilge ar fud na tíre, go háirithe in Iarthar na hÉireann ó Phort Láirge go Tír Chonaill. Tá coláistí samhraidh agus comhlachtaí mar Oideas Gael ag déanamh sár-obair, agus ag plé le daoine óga. Tá an Ghaeilge á múineadh i gcéad ollscoil thar lear agus toisc sin, tagann scoláirí go hÉirinn gach samhradh. Buille trom do ghnó na turasóireachta cultúrtha ab ea athrú i stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Cinnte is dúshlán é do chuid mhaith daoine óga Gaeilge a fhoghlaim, ach is amhlaidh gur fiú an dúshlán, agus tá sé rí-thábhachtach don tír seo go dtabharfar ár seanteanga ársa ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus chuig na hinimircigh nua atá ag triall orainn chomh maith.

Tá súil agam go n-athróidh Fine Gael a seasamh ar an gceist seo. Ní fheiceann muid go bhfuil ciall nó dearcadh fad-radharcach i gceist le moltaí Fhine Gael. Nárbh fhearr i bhfad polasaí nuálach a chur i bhfeidh ó thaobh an churaclaim de, agus gach tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí atá ag saothrú go dian ar son na Gaeilge agus an chultúir. Tá ár mbuíochas tuillte go mór acu. - Is mise,

SEÁN MAC SUIBHNE, Ar son an Choiste, Ionad Buail Isteach, Lána Bloom, Baile Átha Cliath 1.