Faisean

CROBHINGNE: Is beag rud is contúirtí ná faisean intleachtúil

CROBHINGNE:Is beag rud is contúirtí ná faisean intleachtúil. Tagann focal isteach ó íor na spéire lasmuigh agus neadaíonn san intinn.

Níos measa ná sin, neadaíonn sa scornach. Tá cuid againn críonna go leor le go bhfuil cuimhne againn ar an eiseachas. Focal é nár mhór a litriú le CeannLitir.

B'é a bhí ann - Eiseachas. Ní go rómhaith a thuig aon duine cad ba bhrí leis, go háirithe Jean-Paul Sartre. Bhí de bhuntáiste aige gur scríobh sé leabhair ina Thaobh; b'éigean don chuid eile againn iad a Léamh.

Ach bhí boladh an chaifé uaidh, agus siúlóidí cois na Seine, agus cabaireacht bhreá shaonta toisc na Naitsithe a bheith imithe. Fairis sin, fuair Camus bás i dtimpiste bhóthair tar éis dó cúpla scór a ligean isteach mar chúl báire, agus coláiste Gaeilge a bhunú i gConamara.

READ MORE

Scríobh sé úrscéalta arbh fhusa iad a léamh ná cuid Sartre, agus thug dóchas do dhaoine gurbh fhéidir eolas a chur ar an Eiseachas gan bás a fháil den Leamhas.

(Tamall de bhlianta ó shin, bhí daoine ag fáil bháis ar son na Teoirice sa litríocht, mar a bhíodh Críostaithe ag fáil bháis ar son an chreidimh.)

Níl lucht na staire beag beann ar an bhfaisean ach oiread leis an gcuid eile againn. Bíodh is gur sheachain siad an scrúdú síoraí imleacáin ar eagla go bhfaigheadh siad clúmh istigh ann, fós féin níor tháinig siad saor ó ghaotha na bhfocal faiseanta a bhíodh ag gabháil stealladh orthu.

Ceann de na focail sin nár éalaigh siad uaidh is ea an focal 'inventing'. Tá na teidil againn go fuíoch: 'Inventing France', 'Inventing Spain', 'Inventing Poland', 'Inventing Auschwitz'. An ceann deiridh sin, ar ndóigh, is amhlaidh go bhfuair an t-údar bás sula bhfaigheadh sé a chruthú nach raibh ann ach ceapadóireacht.

Bhí 'Inventing Ireland' againn ar an gconair chéanna, ach chun a cheart a thabhairt do Dheclan Kiberd is leabhar litríochta liteartha mar gheall ar an litir scríofa a bhí i gceist aige seachas aon áiteamh gur tharraingíomar sinn féin as hata coinín.

Is mó is cás liom an t-áiteamh nach bhfuil ionainn ach ceapadóireacht. Ní dóigh liom go bhfuil an dara focal Gaeilge ann a iompraíonn 'inventing' an Bhéarla sa tslánchruinne.

Tá blas na bréige ar an bhfocal Béarla. Is cuma é nó coiste a theacht le chéile is a mholadh go mbeadh daoine áirithe mar seo, agus daoine eile mar siúd. Níl d'oidhre orthu ach na tráchtairí a mhaígh gurbh iad na Beilgigh a cheap an difear idir Tutsi agus Hutu as fuil fhuar.

Fós féin, táid ann na difríochtaí idir daoine; agus ní de thoradh ceapadóireachta. An stair is seanaimseartha ar bith, is amhlaidh gur stair chomhaimseartha í. Níl san chomhaimsearthacht ach faiteadh fabhra i bhfithis an duine.

Is cuid dem chreideamh gurb aon chine amháin sinn, gurb Afracaigh sinn go léir, agus nach bhfuil san IndEorpais ach mionchanúint amháin de chuid an duine. Ní léir gur cheart dílseacht a thabhairt don Indiach seachas don Eorpach, agus cad ina thaobh an bhá leis an gCléireach seachas an Tierra del Fúégach?

Fág sin mar atá, is feall ar ghnáth-thuiscint é Inventing the Nation: Francele Timothy Baycroft, leabhar a fuair ardmholadh le déanaí, agus Imagined CommunitiesBhenedict Anderson agus iad á dtabhairt le fios - agus ní mian liom róshimpliú a dhéanamh orthu - gur de thoradh pleanála is beartaíochta is scéiméireachta coineasaí a cumadh náisiún na Fraince, nó pé náisiún eile is mian leat a chur sa mheá.

Is amhlaidh gur fhás náisiúin/ comhthaláin/ buíonta nuair nárbh ionann iad le náisiúin/ comhthaláin/ buíonta eile sa choill nó ar an machaire.

Mo thuairim féin gur cheart na hinventions a chur sa chlais díge, agus a bheith admhálach ann gurbh aníos as na gluaiseachtaí pobail na mílte, nó na deicheanna mílte bliain ó shin a thuismíomar. Ní ceapadóireacht í sin, ach a mhalairt.

An staraí de chuid na meánaoiseanna níl d'ábhar aige ach maidin inniu. An staraí a bhaineann leis an gcianstair siar, is amhlaidh gur staraí comhaimsireach é.

Níor shuigh aon duine ná daoine síos in aon chúlsheomra chun náisiúin a inbheinteáil. Tháinig ann dóibh as foraoiseacha na haimsire caite, agus as mothair dho-inste na staire.

Níl sa stair chomhaimsireach ach iriseoireacht a bhfuarthas caoi ar í a scagadh.

Agus níl sa scagadh ach insint chomhaimsearach ar ar tharla fadó. Is eagal liom go bhfuil an chumadóireacht salach, ach ní as neamhní í.