An Chraobh

An scéal a d'inis Breandán Ó hEithir mar gheall ar Mháirtín Ó Cadhain agus ar Sheán McBride is é scéal na hÉireann é. Is amhlaidh…

An scéal a d'inis Breandán Ó hEithir mar gheall ar Mháirtín Ó Cadhain agus ar Sheán McBride is é scéal na hÉireann é. Is amhlaidh go raibh cruinniú d'Óglaigh (mhídhleathacha) na hÉireann maidin Domhnaigh uair éigin sna 1930í.

Thug an Giolla Brídeach faoi deara go raibh tost sa phlé maidir le cad a dhéanfadh na hÓglaigh chéanna. D'fhiafraigh sé den Chadhanach i gcogar cén fáth nach raibh spéis ag na buachaillí ina raibh ar siúl.

Dúirt Máirtín leis go raibh cluiche mór caide ar siúl i bPáirc an Chrócaigh agus gur mhian leo dul ann. Leis sin, phléasc McBride agus dúirt "Cé acu is tábhachtaí, cluiche peile suarach nó todhchaí na Poblachta?" B'é breith mheáite an Chadhanaigh ná "Bhí a fhios agam láithreach nach ndéanfadh sé an bheart sa pholaitíocht!"

Bhí an ceart aige, dar ndóigh. Dúradh faoin Uachtarán Childers nuair a chuaigh sé go dtí cluiche idirnáisiúnta rugbaí i mBóthar Lansdúin go raibh súil aige go bhfeicfeadh sé George Best ag imirt. B'shin, gan amhras, sna laethanta nuair a bhí dhá chois faoi agus nuair a bhí ciall peile ag baint le "himirt na páirce". Cuireadh fáilte roimh Gharullous Fitzgerald i gCorcaigh le bratacha dearga agus bána, agus shíl sé gur slógadh Cummanach a bhí ann. An té nach dtuigeann spórt ní thuigeann sé faic.

READ MORE

Ba de shuimiúlacht gur roghnaíodh Michelle de Bruin mar dhuine de shármhná na hÉireann. Thug sí ardsoicindí áthais dúinn nuair nár thug Nano de Nógla ach cumas saoil do chailíní bochta. Is mó againn na soicindí pléisiúir, is léir, ná an stracadh beatha, an sclábhaíocht anama agus an t-oideachas gan staonadh.

Agus is iad na soicindí pléisiúir a thugann an spórt dúinn. Idir lúibíní ata imeachtaí spóirt. Níl aon tábhacht leo i gcúrsa mór na beatha. Agus níl aon tábhacht ag baint le filíocht, ná le dearadh pictiúirí, ná le cóiriú gairdíní, ná le seanghluaisteáin. I gcúrsa mór na beatha tá daoine ag iarraidh teacht slán, agus sin a bhfuil. Deireadh na Peirsigh, nuair a bhíodh cead cainte acu: "má tá dhá phingin agat, ceannaítear bulóg aráin leis an gcéad cheann díobh, agus bláthanna leis an dara ceann."

Bláth is ea an spórt. Bláth a bhfuil mórán dathanna ann, agus fiaile a bhfuil lofacht agus driseacha agus nimh ann, leis. Is é craobh na hÉireann san iomáint agus sa pheil slógadh na tíre. Is ann a chastar na seantreabhchais lena chéile, agus is ann a athnuaitear na haighnistí a gineadh sna meánaoiseanna. Is minic gur mhó an fhuil a dhoirtear ar pháirc na himeartha ná mar a doirteadh riamh ar pháirc an áir. Go háirithe nuair a bhíonn an Mhí ag imirt, agus nuair atá cead scine ag muintir Luimnigh.

Is sa spórt céanna a theagmhaímid le pearsantachtaí áite. Sprionlaitheacht an Chabháin nach féidir leo pas a thabhairt dá chéile; gliocas Chiarraí a roghnaigh an pheil thar chontaetha eile na Mumhan a ghabh le hiomáint; uaisleacht an Dúin nár chaill cluiche ceannais craoibhe riamh; ciúnas Liatroma atá ciúin mar nach bhfuil faic le maíomh acu; maíomh ard na nDéise mar tá samhlaíocht bhríomhar acu; ardacht Ard Mhacha toisc craobh shuarach shingilte aonair uaigneach amháin a bheith bainte acu de sheansúlacht.

B'é Dónall Ó Corcora a mhaígh gur sainmharc de chuid an "Éireannachais" ba ea craobh iomána na Mumhan. Bhí an ceart aige sa mhéid is gurb ionann craobh na Mumhan agus craobh na cruinne. Cúig fhoireann sa Mhumhain atá ann ar féidir leo craobh na hÉireann a bhuachan.

Foireann amháin i gCúige Laighean, foireann eile i gConnachta a bhfuil seans éigin acu le grásta Dé, le breabaireacht agus le míorúiltí móra, agus foireann amháin in Ultaibh a chaitear isteach ar fud na gcos ar son na trócaire agus na seanaigne agus cuimhne Chú Chulainn.

Is é ní é faoi Chraobh na hÉireann san iomáint nach craobh na hÉireann in aon chor é, ach craobh idir na pobail sin nár thóg an bóthar éasca díreach; craobh idir na pobail sin nár chaill radharc na súl, nár ghéill do reacht na sagart, nár mhalartaigh scil ar fhaicseanaíocht, nár buaileadh i gcluiche na measúlachta, nár ghlac súp na peile. Smut de ghréasán mothála na tíre í, an té a thuigfeadh.

Ócáid chultúir agus ealaíne ba ea cluiche ceannais na Mumhan a himríodh Dé Domhnaigh seo caite. Bhuaigh Corcaigh, rud a léirigh go bhfuil Dia ar neamh, síocháin ar talamh, agus an ceart i réim choíche.