Tugann an Foras aghaidh ar na Tiarnai

Beidh cruinniú ag Foras na Gaeilge le Roghchoiste Theach na dTiarnaí faoi Chairt an BBC i mBéal Feirste inniu

Beidh cruinniú ag Foras na Gaeilge le Roghchoiste Theach na dTiarnaí faoi Chairt an BBC i mBéal Feirste inniu. Lorg an Foras soláthar feabhsaithe éigeantach don Ghaeilge ó BBC Northern Ireland ní ba luaithe i mbliana.

Is é a dtuairim gur tháinig borradh suntasach faoi chúrsaí Gaeilge sa Tuaisceart ach nár choinnigh seirbhís an BBC cos leis an fhorbairt sin.

Éileoidh an Foras "seirbhís dhílis clár i nGaeilge do chainteoirí Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil spéis níos leithne acu sa Ghaeilge, le riachtanais áitiúla a chomhlíonadh".

Is ábhar imní don Fhoras é go bhfuil "neamhaird iomlán déanta de mholtaí Ofcom maidir leis an Ghaeilge i bPáipéar Glas an BBC". Is rialtóir agus údarás neamhspleách craoltóireachta é Ofcom a mhol: seirbhís ar leith digiteach do lucht na Gaeilge sa Tuaisceart a bhunú; comhléiriúcháin idir BBC Thuaisceart Éireann agus TG4 agus seirbhísí nua cumarsáide i gcúrsaí scoile, cúrsaí reatha agus drámaíochta.

READ MORE

Creideann an Foras nach "leor leath-thagairtí fánacha do riachtanais réigiúnacha chultúrtha" an BBC leis na moltaí seo a shásamh. Tá siad ag iarraidh go ndéanfaidh an BBC "athmhachnamh ar an easnamh seo mar ábhar práinne agus, i spiorad atá ar aon dul leis an Chairt nua, na céimeanna a ghlacadh le tiomantas an BBC don teanga a léiriú do phobal na Gaeilge."

De réir fhigiúirí Ofcom, caitheann an BBC níos lú, go stairiúil, ar lucht féachana na Gaeilge ná mar a chaitheann siad ar lucht labhartha na Gàidhlig agus na Breatnaise. Caitheann an BBC £53 ar an Bhreatnais (per capita) agus £64 ar an Ghàidhlig agus £3 ar an Ghaeilge.

Creideann an Foras go bhfuil sé sin suntasach sa mhéid is go léiríonn figiúirí daonáirimh go bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gàidhlig in Albain.

Tabharfaidh an Foras le fios don roghchoiste go bhfuil dualgas ar an BBC an Ghaeilge a chur cinn mar "ghné uathúil d'éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch" má tá siad lena n-aidhmeanna agus ardmhianta chun cruthaitheacht agus feabhas a chothú.

Ba cheart don BBC a bhfreagracht i leith na Gaeilge a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh maoiniú cuí bheith ar fáil le cur leis an tseirbhís reatha agus "oidhreacht uathúil chultúrtha na dteangacha dúchasacha Ceilteacha a chosaint".

Léireoidh Aisteoirí Bhréanainn na drámaí Caismirt na gCearc, An Dá Dhrúncaer agus Cleamhnas an Bhacaigh ó bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair oíche Shathairn ag 8pm sa Stiúideo Amharclainne Smock Alley, Sráid Essex Thiar, Baile Átha Cliath.