Tóraíocht na bprionsabal

Bhí foirm scéalaíochta ann sna meánaoiseanna a bhí coitianta go leor, leithéid “Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne”, nó “Lorgaireacht an tSoithigh Naofa”.

Mar a d’fhógair na teidil, tóraíocht nó lorgaireacht a bhíodh iontu. Tóraíocht nó lorgaireacht atá ar siúl agamsa chomh maith agus mé ag iarraidh teacht ar phrionsabail in áit éigin.

Tharlódh gur focal rómhór é sin ann féin; b’fhéidir gur fearr “fios fátha”, nó go díreach “cúis”. Is é atáim ag taighdeadh im intinn ná na bunréasúin atá leis an díospóireacht seo atá ina feochan gaoithe agus ina greithileán scéil timpeall orainn gan stad.

Ní bheadh aon ghá leis seo ach gur cuireadh mallacht na teanga orainn, agus le cúpla míle bliain is gnásmhar linn a rá cad ina thaobh go bhfuil an duine seo nó an duine siúd á stialladh ina stráicí feola againn, seachas go díreach é a dhéanamh ar nós an leoin.

READ MORE

Is fada buí ón fhoiche ichneumain a coinsias a scrúdú nuair a dhéanann sí a nead ar dhroim bhoilb bhoicht éigin agus ansin go gcromann ar a ithe diaidh ar ndiaidh.

Tá de mhallacht orainne go gcaithfimid ligean orainn go bhfuil cúis againn leis an ngníomh seo nó an gníomh siúd a dhéanamh, agus de ghnáth gabhaimid ag fuirseadh faoi dhéin na nithe sin a dtugtaí prionsabail orthu tráth nuair a bhíodh a leithéid in Éirinn beo.

Abraimis mar chnámh argóna ceist an phianóis bháis, nó b’fhéidir céasadh príosúnach. Níl aon amhras ná go bhfuil mórán cásanna ann inar mhaith leat id chroí istigh coirpigh nó polaiteoirí áirithe a chur chun báis nó a chéasadh le pléisiúr i ndíol fiach a bhfuil déanta acu.

Tá mo liosta féin agam. Ach tá tochas éigin i gcúl do chinn a áitíonn ort má tá marú daoine mícheart ann féin, go mbeadh sé deacair duine eile a mharú ar son a thaispeáint go bhfuil dúnmharú mícheart. Mar a chéile agus ditto i gcás an chéasta.

Is féidir gur tuigthe, gan amhras, nach prionsabail ar fad atá i gceist anseo, ach féinleas. Féinleas a chíonn timpeall an chúinne, agus a shamhlaíonn má cheadaíonn tú pianós an bháis i gcás amháin, go bhfuil seans ann, caolsheans b’fhéidir, go gcuirfear, uair éigin, an duine mícheart chun báis – agus cá bhfios, leis an mbá leathan sin atá ginte i roinnt bheag daoine – cá bhfios, b’fhéidir go gcrochfaí/ ndófaí/ ndícheannófaí/ dtachtfaí tusa chomh maith faoi chúinsí aisteacha áirithe?

Ditto agus mar a chéile i gcás an chéasta.

Má cheadaíonn tú go gcuirfí mo dhuine ar an raca, nó go dtarraingeofaí amach a chuid ingne ceann ar cheann le pionsúr, nó go róstfaí ar bior í, nó go sáfaí francaigh bheo suas ina phrumpa, ní dóichí rud de ná go n-imreofar an íde chéanna ar dhuine ar tharla é a bheith sa bhall mícheart, nó go raibh a mháthair sa bhfreasúra, nó go ndúirt a mhac rud éigin in aghaidh na dlí, nó gur thug sracfhéachaint as imeall na súl a chuir fearg ar an ngiolla um a leithéid go raibh an chumhacht aige.

Agus dá dtarlódh tusa a bheith san aois mhícheart duit ag siúl na slí i gceann de na cathracha sin ar súile de chuid an rialtais gach dara fuinneog ann, cá bhfios nach gcuirfí cúpla orlach le hairde do cholainne de do ainneoin?

Tharlódh go bhfuil daoine ann a cheapann go bhfuil an marú mícheart gach aon uair, ar gach ócáid, i ngach cás.

Ar an gcuma chéanna, is ann do dhaoine arb é a gcreideamh daingean nár cheart pian a imirt ar neach ar bith, ar chúis ar bith, faoi choinníoll ar bith.

An chuid is mó de na daoine sin, ní fhulaingeodh siad pian ar luch ná ar chat ach an oiread, cé go bhfuil dream eile a gcuirfeadh bás éisc órga as dóibh níos mó ná sléacht sa tSiria. Tá an cine dona mar sin.

Is fusa teacht ar na prionsabail sin go réimdhíreach seachas prionsabail cháich.

Bíodh nach ndeirtear é is é an prionsabal is coitinne amuigh ar fad ná: “Déanfaidh mé agus dearbhóidh mé agus deimhneoidh mé agus tabharfaidh mé lántacaíocht do cibé gníomh nó gníomhartha atá á dhéanamh nó a dhéanfar chun mo chlaonta polaitíochta, nó aicme, nó creidimh, nó reiligiúin, nó fealsúnta, nó páirtí, nó clainne, nó teaghlaigh, nó airgid, nó oideachais, nó blas cainte, nó buíon cheoil, nó faisean aoise, nó foireann peile, nó cineál éadaigh, nó náisiúin, nó dath craicinn, nó seoladh poist a thaitneann liom, nó cibé claonta eile a dtugaim gean go fíochmhar dóibh a chosaint is a chur chun cinn le cibé modhanna a oireann dom féin agus do lucht mo pháirte. Agus, ó, dála an scéil, seo í an chúis gléasta go deas i bhfriotal oiriúnach...”

Faraoir, níl sa bhladar eile ach gaoth agus gabhairéis cainte.