Toradh na hoibre

Dhíbir Seachtain na Cásca an gunna as polaitíocht na hÉireann


Tá lámhach na bpríosúnach fós ar siúl i gClós sin na gCloch i gCill Mhaighneann. Is gairid uainn anois a dheireadh, agus titfidh an ciúnas tráchtaireachta anuas arís go dtí go dtosnaíonn cogadh na saoirse ar ball.

Níor mhiste iarracht ar thátal éigin a bhaint as go léir.

Ceann de na ráitis ba bhómánta is ba chloigní cabáiste dar déanadh, arís, agus arís, agus go heireaball an tseanmhadra timpeall, ba ea gur thug Éirí Amach 1916 an gunna ar ais i bpolaitíocht na hÉireann.

Fóill ort ansin, láithreach! Bhí an tír breac le beairicí míleata agus go donndionghabhálta ní spúnóga adhmaid a bhí ag na saighdiúirí iontu. Agus na daoine sin a lean comhairle Redmond chun dul amach agus Gearmánaigh a chloí, ní pící anuas den scraith tuí a bhí acu á láimhseáil ach an oiread.

READ MORE

Ní hé gur thug an tÉirí Amach an gunna ar ais i bpolaitíocht na tíre. A ghlanmhalairt atá fíor. Dhíbir Seachtain na Cásca an gunna céanna ar feadh nach mór 100 bliain.

Mínimis: fág cogadh na saoirse agus cogadh na gcarad as an áireamh – agus iar-eachtraí de chuid na réabhlóide ba ea iad sin, ‘1916 for slow learners’, mar nach ndúirt aon duine go fóill – is é Saorstát Éireann agus an Phoblacht ina dhiaidh sin, b’fhéidir, an tír is síochánta ar domhan ar fad leis an áirithe sin ama.

Níl na contaethe soir ó thuaidh i gceist anseo ach ann oiread, mar gan amhras, is cuid den Bhanríocht Aontaithe fós iad, agus níor thit maitheasaí na saoirse polaitiúla chucu.

Ach don stáitín againn féin, is í an tsíocháin sin a shantaítear an bronntanas is mó a tháinig chugainn.

Cuir i gcás, cé nach móide é, gur deonadh miosúr beag suarach éigin den Hóm Rúl dúinn an uair úd ag deireadh an chogaidh mhóir.

Bheadh ár gcuid giollaí fós ag triall soir agus feirc ar a gcaipíní anonn go dtí ‘an mhórthír’. Ní bhainfeadh sin an gunna as polaitíocht na tíre beag ná mór. Bheimis fós inár gcuid de Ríocht Aonaithe na Breataine Móire agus Éireann, agus dá bhrí sin, ag fearadh cogaidh agus ag bualadh báis ar fud an tsaoil bhraonaigh agus thirim, ag sáthadh soc i ngnóthaí nár bhain linn.

Táimid ar cheann de na stáit is síochánta ar fad sa chruinne ché cheathardha le nach mór 100 bliain anuas.

B’fhiú a rá arís, ach ná bac...

Is féidir amhras a chaitheamh ar shuirbhéanna idirnáisiúnta, ach nuair adeir ceann amháin díobh gurb í an Íoslainn an tír is síochánta ar domhan, agus go bhfeicimid An tSiria ar an gceann thall, ní féidir nach bhfuil bun éigin leis. Agus tíortha a áirítear a bheith níos síochánta ná sinne anois, ní gá ach dul siar cúpla glúin lena mhalairt a nochtadh – cad déarfá leis an Ostair, le Poblacht na Seice!?

Is muinín liom – táimid seacht míle agus ceithre fichid uaire go leith níos síochánta ná ár gcuid comharsana.

Casaimis ár gcuimhne ar an turgnamh machnaimh seo uair amháin eile. Cuir i gcás gur tugadh féirín sin Hóm Rúl dúinn, bheimis fós inár lánpháirtnéirí in Vaimpír fola na Breataine ag pleancadh is ag pliastráil, ag smísteadh agus ag súmaireacht, ag bualadh is ag batráil, ag cur smachta ar phobail leis an ngléasra céanna sin a leag Sackville Street nó a chualathas i gClós na gCloch.

Bhí dona go leor gurbh éigean do na céadta míle d’Éireannaigh óga an íobairt fola a dhéanamh ar son na Vaimpíre san 19ú haois, ach smaoinítear dá mbeimis ag gabháil dá leithéid tar éis 1923 arís. Nó ná smaoinítear!

Tar éis an dara chogaidh mhóir féin, ba mhinic sin fós a bheadh scoth is bláth na hóige amuigh i bhforaoisí Mhalae, i mbun campaí géibhinn agus brúidiúlachta sa Chéinia, ag smachtú saoirse na Cipire, ag tuirlingt go nua-choilíneach ar Suez, ag roghnú tíoránaigh seachas tíoránaigh eile in Muscat/Oman/Aden/Brunei, ag buamáil na hIaráice le haoibhneas, ag gabháil de chosa san Afganastáin, ag cur deireadh le Libia, agus anois féin ag tabhairt gach cúnaimh don Araib Shádaisteach an Éimin a scrios go laethúil. D’fhágas an chuid eile den liosta sa chiseán, ceal spáis.

Mo thuairim féin, nach liosta é sin ar cheart do dhaonnaí ar bith a bheith mórálach as.

Tá an tuairim aisteach seo agam, mura mbeimis ar ár n-ábhar féin de thoradh 1916 nach mar fhórsaí síochána a chuimhneofaí orainn ar fud an domhain, ach mar mhangairí cogaidh.

Má chuireann aon duine forrán pusach ort faoi cad a baineadh amach mar thoradh ar sheachtain na Cásca, baintear an t-alt seo amach as do phóca.

Ní drochoidhreacht í, dáiríre: stát ina bhfuil an tsíocháin i réim, agus gan naimhde ar bith againn amuigh leis an linn sin.