Tiocfaidh ár leabhar!

Cruinniú le bheith ag FnaG agus scríbhneoirí faoi chúrsaí pinn


Ceann de na rudaí is mó a chuir iontas orm faoi shaol na Gaeilge gur bhunaigh lucht pinn na teanga, Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, lena gcás a chur chun cinn.

Am ar bith a smaointím ar an aontas, samhlaím scaifte cróga scríbhneoirí agus iad ag fógairt: “Tiocfaidh ár leabhar!”

Níl an t-aontas céanna ach seal gairid ar an saol agus iad i mbun stocaireachta mar a dhéanann gach brúghrúpa.

Bíonn siad sásta a ngearán a dhéanamh go poiblí – mar is ceart. Tá an t-ádh ar an aontas fosta go bhfuil duine chomh cumasach le Cathal Póirtéir ina chathaoirleach acu.

READ MORE

(Ní ball mé, dála an scéil.)

D’eisigh siad ráiteas an tseachtain seo caite faoi chás na scríbhneoireachta Gaeilge mar a fheictear dóibh é.

Tá Foras na Gaeilge, a scríobhann siad, ag tabhairt “easpa tacaíochta” do scríbhneoirí agus a gcuid eagras. Is cúis imní ag an aontas an gearradh siar atá déanta ar dhuaischiste Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge.

Tá “an creimeadh leanúnach seo ar fhoinsí spreagtha agus aitheantais ag goilliúint go mór ar scríbhneoirí a bhraitheann gur comhartha dímheasa é orthu féin agus ar a saothar”.

D’aithin lucht an aontais go raibh “roinnt scéimeanna fiúntacha” ag an fhoras ach bhí “na baill go láidir den tuairim go mba chóir don fhoras athmhachnamh ó bhun a dhéanamh chun freastal níos éifeachtaí a dhéanamh ar scríbhneoirí agus léitheoirí na Gaeilge”.

Ní nach ionadh, ní raibh drogall ar an fhoras a gcuid oibre féin sa ghort a chosaint, á rá, go raibh siad “réamhghníomhach ag aithint ardán agus deiseanna fostaíochta do scríbhneoirí chomh maith le deiseanna margaíochta d’fhoilsitheoirí Gaeilge.

“I measc na n-iarrachtaí a rinneadh áirítear €200,000 a ghnóthaigh Foras na Gaeilge ón gCoimisiún Eorpach don tionscadal Focail Eile agus infheistíocht €200,000 thar trí bliana, a faomhadh le tacú le Cumann na bhFoilsitheoirí margaíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge”.

Chuir siad €662,059 i leataobh do Scéim na bhFoilsitheoirí agus €79,319 do Scéim na gCoimisiún.

Tháinig ardú ar líon na n-ábhar scríbhneora a ghlac páirt i Scéim na nOidí agus d’ardaigh luach an deontais don scéim sin ó €30,800 in 2013 go €42,700 in 2015.

Thug an foras le fios fosta gur cuireadh maoiniú ar fáil d’Oireachtas na Gaeilge do dhuaiseanna liteartha agus gur ceadaíodh €35,000 don Oireachtas le hócáid mhór a reáchtáil do scríbhneoirí.

Mar sin de, deir goile an scríbhneora nach bhfuil mórán airgid á chaitheamh ach tugann seicleabhar an fheidhmeannaigh le fios go bhfuil.

Tuigeann muid ar fad go mbeadh scríbhneoirí ag iarraidh oiread airgid a fháil ón Oireachtas agus ab fhéidir leo.

Bíonn muid uilig ag súil le hairgead mór ón chrannchur, is cuma lató nó litríocht é.

Mar sin féin, bíodh is go bhfuil na comórtais liteartha againn le fada, ní hionann sin agus a rá go mbíonn toradh fiúntach le léamh againn i gcónaí dá mbarr.

Is maith go bhfuil díospóireacht phoiblí ar siúl idir lucht na bpeann cruthaitheach agus lucht na bpeann dearg.

Bheadh an chuid is mó den phobal ag iarraidh go gcaithfí airgead go ciallmhar, go spreagfaí spéis léitheoirí go samhlaíoch. Faoin dá ghrúpa atá sé na cuspóirí sin a bhaint amach agus is maith go bhfuil siad le bualadh le chéile go luath leis an cheist a phlé.

Ach, seo, seachain féintrua, a scríbhneoirí! Níl Foras na Gaeilge ag léiriú dímheasa as airgead a thabhairt dóibh – dá laghad é. (Tig leis an fhoras mé a dhímheas le deontas am ar bith is mian leo!)

Is é an donas gurb é lucht na Gaeilge féin atá ag léiriú dímheasa do scríbhneoirí le fada fada an lá. Ní cheannaíonn siad go leor de na leabhair a chuirtear rompu.

Séanna seiftiúil

Múineann gá seift. Tá sampla maith eile de sin le fáil in earnáil na litríochta sa leabhar nua,

Séanna

(Cois Life).

Beidh eolas ag glúin níos sine ar úrscéal Pheadair Uí Laoghaire mar Séadna ach tá cinneadh déanta ag Cois Life Séanna a thabhairt ar an saothar nua seo, saothar atá lán léaráidí daite le Olivia Golden agus atá curtha in oiriúint do "léitheoirí fásta mar aon le daoine óga a bhfuil focalstór maith acu".

Tá an leabhar féin gleoite agus é curtha in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín, duine de bhunaitheoirí Cois Life agus bean atá ag plé le cúrsaí teanga agus litríochta le fada.

An ceadmhach teideal úrscéil a aistriú? Bhuel, sin ceist. Tuigeann tú don chiall atá taobh thiar den chinneadh.

Sa chás go bhfuil aithne agatsa ar Bhrónach, ar Fhódhla agus ar Chlíodhna; tá aithne agamsa ar Bhróna, ar Fhódla agus ar Chlíona. Seans gur ceann de na athruithe sin é nach bhfuil éalú air.

Cibé ar bith faoi sin, is beag duine nach mbeadh ag teacht leis na focail mholta atá ar chúl an leabhair: “Clasaic chanónda na Gaeilge í seo, leagan ar leith de sheanscéal idirnáisiúnta Faust, á insint i gcaint na ndaoine agus i bprós glé glan an Athar Peadar.

“Mórshaothar próis na hAthbheochana é, a leag bonn faoi chaint na ndaoine mar uirlis nuascríbhneoireachta.”

Is fada fada ó léigh mé féin an t-úrscéal agus is cinnte gur spreag an leagan nua mé le tabhairt faoi arís.

Lá aithreachais níl orm.