Stiofán – laoch ar lár

Tírghráthóir ciúin a bhí ann mar Stiofán Ó hAnnracháin


Tá an saol lán de ghleo is de ghleithearán. Daoine a shantaíonn na cinnlínte ach nach beo dóibh mura bhfuil an saol ag caint orthu.

Cuid eile a bhaineann cáil nó droch-cháil amach dóibh féin ar feadh an chúig nóiméad déag sin ar thrácht Andy Warhol orthu.

Níos minicí ná a chéile, ámh, ní hé gurb iad na muca ciúine a shlogann an trach ach gurb iad na gaiscígh chiúine a dhéanann an bheart.

Más fíor go mbíonn bean mhisniúil i gcónaí laistiar den fhear mór, is fire go mbíonn foireann de laochra le tost laistiar de ghníomh uasal ar bith, de ghníomh arbh fhiú é a dhéanamh.

READ MORE

Ní fheidhmeodh rialtas de cheal státseirbhíseach; ní fheidhmeodh monarcha de cheal oibrithe; ní fheidhmeodh córas ar bith de cheal na ndaoine a ghluaisfeadh é.

Fuair fear uasal bás an tseachtain cheana, ar dhuine d’uaisle na hÉireann é. Níl trácht ná lua ná iomrá air i gcroinicí reatha na nuachtán ná sna meáin mhóra a shocraíonn cén duine a bhfuil tábhacht leis, agus cén duine ar cheart é a shacadh i leaba an dearmaid.

Níor iarr sé gradam, ná cáil, ná seasamh, agus go deimhin, bheadh go mór i bhfeirg liomsa go bhfuil na focail seo á mbreacadh agam mar ómós dó.

Bhí agus tá Stiofán Ó hAnnracháin ar dhuine de laochra móra na hÉireann. Ní dual dom an áibhéil, agus ní áibhéil í seo. Bhí agus tá sé ar dhuine de laochra móra na hÉireann.

Níl duine ar bith dar theangmhaigh leis nár aithin a chuid uaisleachta agus a chuid ionracais.

Níl duine ar bith dar theangmhaigh sé leis nár chuaigh i bhfeidhm air ar son maitheasa, ar son feabhais, ar son solais.

Ar son na n-aineolach ba Bhaile Átha Cliathach é Stiofán Ó hAnnracháin de bhunadh Ciarraíoch ar dhóigh leat air nár fhág sé an ríocht riamh.

Tá na glúine Gael sásta sin a mhaitheamh dó, mar chothaigh sé na mílte d’iománaithe is de pheileadóirí as gach cúinne is gach poll is gach pluais as gach contae is cúige in Éirinn dul i mbun imeartha agus traenála, is a gcuid cumais a thriail siar amach chun críche a gcuid ábaltachta féin.

Tar éis dó a bheith ina mheánmhúinteoir seal beag gairid, ceapadh ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, go dtí gur ceapadh ina chláraitheoir é san áit chéanna.

Déarfaí nach raibh aon ní suaithinseach faoi leith ag baint leis an méid sin.

Ach níorbh í an obair a dhein sé ina ghairm bheatha mar fhear teagaisc agus mar riarthóir a leithrigh ó chách é, ach an solas a las sé i ngach aon duine a casadh leis.

Duine ar bith ar leag sé lámh an eolais orthu, nó a theangmhaigh leis fan na slí, ba dhóigh leo gurb é a gcúram siúd a chúram féin go hiomlán.

Ba dhóigh le lucht riaracháin gurb é an riaradh a bhranar dúchais, agus is iad a bhí buíoch de agus é i mbun cosanta go cineálta fíochmhar i gcoinne na barbarachta aineolaí a bhíonn ag gabháil steallaidh ar an oideachas i gcónaí.

Shíl lucht spóirt gur fear chluichí Gaelacha é idir smior agus smúsach. Ba dhóigh le scríbhneoirí agus le scoláirí nár scim leo ach iad féin amháin.

Is é is aite faoi, ná go raibh lán an chirt acu ar fad.

Bhí sé ar feadh i bhfad ina bhainisteoir ar fhoirinn Dóchas Éireann, agus ba mhór aige gur bhuaigh siad Craobh Shinsir Peile Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1978, foireann óg arbh éigean go raibh duine ar bith acu os cionn bliain is 20 d’aois, agus sin nuair a bhí na Dubs iad féin in airde láin.

Bhí ceart agus bhí cóir gur iompaigh cuid de na himreoirí ba tháscúla sin a chónra ón séipéal.

Dúinne, scoláirí agus scríbhneoirí, b’é an Clóchomhar é. Cé gur fhoilsigh an comhlacht sin idir phrós agus fhilíocht agus litríocht de gach dath agus cruth, b’í an tsraith taighde de nua-scoláireacht na Gaeilge a d’fhoilsigh siad an cíoná ar fad.

Chuir sé roimhe go bhfoilseofaí príomhthorthaí mhachnaimh na scoláirí, agus thuig sé go binn nárbh fhiú tráithnín ná damait an scoláireacht mura mbeadh ar fáil don phobal mór.

Ag Aifreann na sochraide i gCill Fhionntáin bhí scuaine gan áireamh de chairde, de scríbhneoirí, de lucht oideachais agus spóirt ag iarraidh labhairt.

Ach d’fhág sé féin le huacht nach ndéanfaí aon óráidí molta ina thaobh.

Níor smaoinigh sé ar bhac a chur le filíocht, áfach, agus léigh Ciarán Ó Coigligh dán óna chroí ina raibh na línte: “Ba tusa féin an Clóchomhar/A chuir eagar ar shaíocht dhúchas ár muintirne./Ba tusa Misean Choláiste Phádraig –/Idir Chríostaíocht agus Ghaeltacht agus oideachas/Agus pheil agus iomáint – ba tusa Dóchas Éireann.”

Ba dhícheall do dhuine ar bith é a chur níos cruinne.