Rúin na meán ag Delap

Tá aithne mhór ag daoine ar Bhreandán Delap mar iriseoir le tamall mór fada. Ba é chéad eagarthóir Foinse é agus is fada é ag plé le cúrsaí nuachta ar RTÉ/TG4.

Tá leabhar nua curtha in eagar aige: Scéal Scéil: rúndiamhra na meán (Cois Life, €15) ina bhfuil cnuasach aistí le hiriseoirí comhaimseartha.

Aithneoidh léitheoirí Deaglán de Bréadún, Harry McGee, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Póilín Ní Chiaráin agus tá mórán eile ann a thuill aitheantas ar bhonn náisiúnta – Cathal Mac Coille, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra. Déanann na húdair cur síos ar a dtaithí féin san iriseoireacht, ar an táblóideachas, claonta polaitiúla agus tuairiscí ó láithreacha cogaíochta.