Nuacht na heagla

Tiocfaidh muid slán in ainneoin na meán


I Nua-Eabhrac na Stát Aontaithe i mbliana a bhí mé nuair a thóg an Rúis ar ais a bronntanas den Chrimé ón Úcráin.

Ócé, ceart go leor, dhein siad ionradh ar stát neamhspleách agus d’athraigh siad teorainneacha na hEorpa rud nár tharla ó aimsir an dara chogaidh mhóir a bhuaigh siad…(seachas an tSeanIúgsláiv, an Ghearmáin agus cúpla fearann breac eile).

Tá rud iontach ag baint le seomraí óstán Nua-Eabhrac. Murab ionann agus áiteanna eile is féidir leat do lámha a shíneadh amach agus tadhall leis na ceithre fallaí in éineacht.

Rud is iontaí fós is ea Fox News ar an teilifís. Nuair nach mian leat féachaint ar mhíle rud sna fógraí gan chrích, agus nach mbeadh feidhm agat lena bhfuil á bhfogairt a choíche ná go deo, gairmeann Fox chugat go bhfuil rud éigin le reic acu taobh amuigh de chúrán mhadra agus de mhilseáin don mharbh.

READ MORE

Is é atá á dhíol acu ná eagla, siúd go mbíonn ribíní na nuachta ar sileadh uaithi.

Gan amhras, ba chuma nó Hitler athchollaithe ar ais é Putin gan an croiméal . Ní hamháin go raibh an Úcráin i radharc na súl aige, ach ba ghairid uaidh an Eastóin, agus an Laitvia, agus an Liotuáin féin; agus bhí a chuid tancanna réidh ullamh le gluaiseacht i dtreo na Polainne.

Is é is measa, áfach, ná nach bhfuil cuid de na mórmheáin mheasúla mórán níos fearr. Cúpla seachtain ó shin, bhí IS ar tí Kobani a ghabháil, agus is fíor go bhfuil siad fós i mbaol sin a dhéanamh.

A bhuíochas do na Stáit Aontaithe, agus go háirithe do na Curdaigh iad féin, ní dealraitheach go n-éireoidh leo.

Agus a bhuíochas arís d’IS, leis, nach bhfuil iontu ach giobal fánach d’fhuílleach na Sunni ar buaileadh iad san Iaráic, dríodar barbartha gan feidhm.

Ní saighdiúirí d’aon seasamh iad ach amháin i gcoinne sibhialach agus ban.

Fág beartaíocht an chogaidh ghránna sin ar ghruaibhín an bhóthair bhig go fóill, is é is mó is cás linn ná an bladar bulshaightiúil go bhfuil IS ina bhagairt don domhan.

Mar a tharla, bhíos ag Skypeáil carad liom in Montevideo le déanaí agus ní raibh aon eagla air siúd, ná ar iarchomhghleacaí sa tSeapáin, ná ar iarmhac léinn in Ulan Bator, ná ar chol ceathrair in Anchorage, ná ar scríbhneoir in Lodz.

Tuigeadh dom gur ródhócha mura bhféadfadh geilt IS cathairín beag ar theorainn na Tuirce a ghabháil tar éis dóibh sráidbhaile i neas dó a smachtú breis mhór agus bliain ó shin, go raibh de réir dóchúlachtaí na dochúlachta seans nach scuabfadh siad thairis an Eoraip siar chun sinn go léir a chur faoi chois agus scoileanna na mban rialta a dhúnadh idir corp ceart.

Is maith is cuimhin liom na teifigh úd ó Ollscoileanna na Stát Aontaithe ar casadh orm iad agus mé ag camachuardach an domhain agus mé im ógánach gan ulcha.

Aos idéalach iad a bhformhór, fara scraistí mheatacháin eile a d’éalaigh ó dhualgas mharú pháistí cumannacha Vítneam.

Is iad a bhí gach áit. Ráinig mé orthu i sléibhte na Tuirce tar éis dóibh teacht orthu féin, ar ghaineamhlaigh Burkino Fasso ag iarraidh ciall a bhaint as Ayn Rand, i sucanna na hÉigipte agus leabhair síceolaíochta gan rath ina mála.

An t-aon phort amháin acu go léir: “Tabharfaidh mé aghaidh ar an Viet Cong nuair a thiocfaidh siad i dtír ar chósta Chalifornia!”

Tá siad fós ag feitheamh.

Beimid i bhfad ag feitheamh le hIS tuirlingt ar chóstaí an domhain chompordaigh. Má tá airm acu, níl oiliúint orthu; má’s saighdiúirí iad níl smacht orthu; má’s stát iad, níl cairde acu.

Is dócha go mbeidh orm é a rá arís, ní baol don domhan iad IS. Ní mó is baol don domhan iad ná an Viet Cong do Shan Francisco, ná WMS úd Saddam Hussein, ná Prótacal Sinsir Síóin ná aon chomhcheilg shamhalta a thuismigh in intinn pholaiteora a thuig go raibh vótaí san eagla.

B’fhéidir, gan amhras, go dtiocfaidh gealt aonair, nó beirt, nó triúr, nó cipe bheag a mbeidh míléamh déanta ar leabhar gaineamhlaigh éigin acu, agus go ndéanfaidh siad gníomh gránna ar shráideanna cathrach móire san Eoraip.

Agus tiocfaidh, ná bíodh aon dabhta faoi.

Ach níl sin in aon ghaobhar don smaoineamh go bhfuiltear chun cailiflaitheas a dhéanamh den domhan ar fad sa mhíshlán cruinne.

Nach iontach an áis í an eagla chun nuachtáin a dhíol? Táimid i dtír na macallaí, in ditto-dhúiche.

Faire! Tá Ebola ag teacht don sráidbhaile is gaire dhuit, agus damháin alla de chuid an Tallabain sa tae!