Ní neart go Pádraigí

Níorbh aon Phaidí Plaisteach é Pádraig

Ar an deireadh seachtaine seo chugainn beidh siad romhainn arís i ngach sráidbhaile agus mionchathair in Éirinn.

Na mórshiúil de Phádraigí agus de leipreacháin ar fud na tíre. Go leor eile thar lear ina smugaléinte uaine ach gan an bháisteach a bheith ag gabháil steallaidh orthu, mar a bheidh anseo. Suaitheantais ar sileadh, cláirseacha créiciúla agus seamróga saorga ag borradh ar gach lipéad.

Is deacair a áiteamh nach mbeidh maith ar bith leo, ach cuireann cuid dá mbíonn le feiscint sna mórshiúil dinglis siar síos tríom i mbaill dem cholainn nach raibh dinglis síos siar tríothu riamh roimhe sin. An crap-pháipéar a bhfuil an dúch ag rith amach as, an draoi ar cosúla le Santa Claus é tar éis drochoíche ragairne, an banna beag nach féidir é a thabhairt faoi deara laistiar dá ndruma mór.

Ina dhiaidh sin, níl rí ná banríon orainn, a bhuíochas le Sasana; ná deachtóir a d’eagródh siúlóidí míleata le faiteadh na súl; ná baill eaglaise ar féidir leo máirseáil go buacach ar eagla go gcaithfí tornapaí leo. Níl meas ar an Arm; tá na Gardaí in earráid leis an Rialtas; agus is súmairí ar chorpán an phobail iad na státseirbhísigh.

READ MORE

Tá an fhoireann rugbaí tnáite; an fhoireann sacair tnaoite; ár lúthchleasaithe fireann cloíte. Cad ar a shon nach ngliúcfaimis in airde ar chúl leoraí ar Phádraigí plaisteacha agus ar leipreacháin lúitéiseacha an tráth seo bliana, ceal séideadh píbe ar bith eile a bheith againn?

Deimhne ar mhíorúilt, i bhfoirm, is ea eachtra seo Pádraig. An ghluaiseacht seo ó 8,000 éigin focal go dtí stádas domhanda. An t-athrú ó Patricius, go Qatrikias, go Cothraige, go Pádraig, nó Páraic, nó Paidí, nó Paudie, nó Patsy, nó Pat, nó Patrick, nó Paud, nó Paudge, nó, Páid, nó Paddy, nó Pa, nó Patrice, nó Pée féin a bhfuil leagan dá ainm ar na céadta naomh, na mílte bligeard, agus na milliúin gnáthdhaoine ó shin.

Tar éis an tseansaoil, níor fhág sé ach dhá scríbhinn againn. Ach an t-aon dá scríbhinn bharántúla a bhfuil siúráil éigin againn orthu ón 5ú haois in Éirinn.

Míorúilt í sin, leis.

An té a léann nuachtáin an tráthnóna agus a éisteann le Nuacht Fox nuair atá sé i dteannta in áit éigin gan solas an lae, is minic a ritheann sé leis gur bréaga crónta atá á raideadh chuige. Cén fáth, mar sin, go gcreidfí siolla ar bith a scaoil Pádraig uaidh san dá scríbhinn a bhreac sé, más fíor? Abair, agus cuir i gcás, gur cumadóireacht ghlan a bhí iontu? Cuir i gcás, agus abair go bhfuil siad ar nós Dialanna Hitler a foilsíodh san iris Stern in 1983 nó Prótacail Sheanóirí Síóin a mhaígh go raibh na Giúdaigh ag santú ceannas an domhain?

Nó níos dóchúla fós, go raibh a chás pearsanta féin á dhéanamh aige, uisce á tharraingt chun a mhuilinn féin, a chuid ba á gcur thar abhainn? Is é sin is nós leis an ngnáthdhírbheathaisnéis, go ndéanann duine a apologia ar son a vita bíodh sé suadua .

Cuir i gcás go bhfuil Lá ‘le Pádraig ar fad, agus gach a mbaineann leis, bunaithe ar cheapadóireacht agus go bhfuil mórshiúl na leipreachán gach pioc chomh fírinneach leis na Pádraigí plaisteacha?

Sin í an ghuais ina ngabhann staraí na seanaimsire atá ag plé le fianaise atá chomh scáinte leis an gceo i lár bhrothall geal an lae. Nuair a ghluaiseann tú siar sna blianta is sceach aonair aduain i lár an fhásaigh fhairsing gach nath, gach abairt, agus is ósais é aon scríbhinn ina bhfuil insint ar bith as alt a chéile. Ní fhágfadh san nach meabhalscáil an ósais ina dhiaidh sin.

Tá de bhua ag scríbhinní Phádraig, áfach, go bhfuil tréithe iontu nach mbíonn ach go hannamh ag an ngnáthscribleáil staire. Tá pearsantacht iontu. An té a léann iad, tuigeann sé go bhfuil duine áirithe, duine faoi leith, ag caint leis. Tagann teas agus fuinneamh agus fórsa amach astu araon atá doshéanta. Ba dheacair don ghóscríbhneoir ná don ghóstascríbhneoir ab fhearr an méid sin a cheapadh. Uaireanta is é solas na litríochta a dheimhníonn fírinne na staire. Uaireanta bíonn fírinne na staire ag crochadh ar bhraistint.

Cúis iontais paisean seo Phádraig, mar is minic scríbhinní diaga chomh leamh le cupán tae fuar, chomh tréicilthiubh le pluda nár pasáladh faoi chois. Ach sa bheagán atá againn uaidh “bhí an Spiorad ar fiuchadh” ann, mar a scríobh sé féin. Cuid den imir is den imirt chéanna ag Kierkegaard, Unamuno, Simone Weil na glúine fada ina dhiaidh. Ba dhóigh leat air nár mhaith leat dul chun iomrascála leis, fara bachall nó gan bachall ar bith.

B’fhéidir gur trua nuair a dhíbir sé na nathaireacha nimhe nár dhíbir sé na leipreacháin ag an am céanna. Ach pé ní eile ina thaobh, níorbh aon Phaidí Plaisteach é Pádraig.