Na teifigh atá gan stádas, gan stát

An streachailt le cearta a bhaint amach


Muidne a dhéanann talamh slán dár gcearta daonna ón uair a thagaimid ar an saol, tá sé éasca dúinn tabhairt amach faoi na rudaí ar fad nach bhfuil againn. Tuigimid go bhfuil saoránaigh i dteideal rudaí áirithe agus go bhfuil dualgas ar ár rialtas na rudaí sin a sholáthar dúinn: oideachas maith; cúram sláinte réasúnta.

Ach iad siúd a séantar a gcearta acu, cad iad na rudaí a bhfuil siadsan ina dteideal? Dá mba rud é gur tháinig muid ar an saol in áit eile ar domhan, cad iad na cearta a bheadh againn?

Samhlaigh gur rugadh tú i dtír álainn aisteach eile, tír neamhfhorbartha, tír a bhfuil cultúr, ceol agus teanga dhifriúil inti. Samhlaigh bheith i mbaile beag cairdiúil agus tú ag éisteacht le seanchas do thuismitheoirí agus le scéalta reiligiúnacha á n-insint ag strainséirí. Samhlaigh ansin blianta a chaitheamh ar do sheachaint, na buamaí ag titim ar gach taobh, do mhuintir ag teitheadh óna dtír dhúchais, a mbeatha i mbaol agus gan faic á iompar agat féin ach crá croí. Samhlaigh bheith ag taisteal fad na farraige ag lorg tearmainn i dtír fhorbartha shábháilte.

Ansin samhlaigh ionadh do thuismitheoirí nuair a chloiseann siad go gcaithfí náisiúntacht a bheith agat le go mbeidh ceart chun oibre agat, nó ceart chun oideachais, nó ceart chun taistil nó aon cheart eile.

READ MORE

Agus mura bhfuil teastas breithe agat, ní féidir an náisiúntacht atá i do chroí a dheimhniú go hoifigiúil. Samhlaigh anois, gur duine gan stát in Éirinn thú.

Níl aon chomhthuiscint ann i measc náisiúin an domhain faoin mbrí a bhaineann le “duine gan stát”.

Is é a thuigtear as, uaireanta, nach bhfuil aon doiciméid oifigiúla ag daoine a thaispeánfadh cár rugadh iad. Uaireanta, fágtar daoine ‘gan stát’ nuair a athraíonn teorainneacha na dtíortha a raibh siad ina gcónaí iontu. Uaireanta eile, déantar leatrom ar ghrúpa de bharr cultúr ar leith a bheith acu. An míniú is mó a nglactar leis ná “duine nach nglacann aon tír mar náisiúnach de réir a córais dlí”.

Ar an taobh eile de, tá comhthuiscint idirnáisiúnta ann maidir le stádas agus cearta a thabhairt do dhaoine gan stát. Tá Éire i measc na náisiún a shínigh dhá choinbhinsiún de chuid na Náisiún Aontaithe a bhfuil sé d’aidhm acu líon na ndaoine gan stát a laghdú.

Dá ainneoin sin, níl aon mheicníocht i bhfeidhm in Éirinn, ná in an-chuid tíortha eile, chun stádas “duine gan stát” a bhronnadh. Níl roinn, oifigeach ná fiú amháin foirm iarratais ann le go mbeadh duine in ann cearta mar dhuine gan stát a éileamh. Pé taighde nó obair atá ar bun taobh istigh den chóras, is amhlaidh a bhíonn sé ar siúl ag oifigigh mar obair sa bhreis ar ghnáthuaireanta oibre.

Go dtí seo, tugadh aitheantas dlíthiúil mar dhuine gan stát do bheirt in Éirinn, duine acu a bhí ag troid ar feadh 14 bliain chun an t-aitheantas sin a fháil.

Tá sé mar a bheadh córas na hÉireann i ndiaidh teach a thairiscint do daoine gan dídean – é lán leapacha, trealamh cistine agus leabhair ach gan doirse ná fuinneoga air le go bhféadfaí dul isteach ann.

Iad siúd atá gan stát, gan chearta daonna, braitheann siad nach léir do dhaoine eile iad a bheith ann agus nach bhfeictear an fiúntas a bhaineann leo mar dhaoine. Dar leo gur ina n-aonar atá siad, cé go bhfuil thart ar 100 duine in Éirinn sa chás céanna. Tá níos mó ná 10 milliún duine gan stát, nó i mbaol a náisiúntacht a chailleadh, i dtíortha eile ar fud an domhain. Nuair nach bhfuil córas ceart ann a thugann aitheantas dóibh, ní léir dóibh gurb ionann cás do dhaoine eile, agus ní labhraíonn siad amach faoin gceist.

Ní bheadh a fhios acu faoi Mikhail, cuir i gcás, a theith ón Rúis go dtí Meiriceá sna 1990í, a chuaigh ar saoire go Samó, agus nár ligeadh dó an t-oileán a fhágáil go ceann bliana mar gheall nach raibh náisiún luaite ar a phas.

Ní bheadh a fhios acu faoi Amela, atá ina cónaí sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Is cailín Romach 12 bliain d’aois í nach bhfuil cead aici oideachas a fháil mar nach bhfuil ainm oifigiúil uirthi.

Ní bheadh a fhios acu faoin 300,000 Coirdíneach den phobal Faili ar baineadh a náisiúntacht díobh in aon lá amháin in 1980 de réir dhlí na hIaráice ag an am.

Féadann tusa an t-alt seo a léamh agus a fhios agat i rith an ama go bhfuil do chearta slán. Ní hamhlaidh atá i gcás na milliún duine eile ar domhan. Mar sin, conas a úsáidfimid ár gcearta féin chun guth a thabhairt dóibh siúd nach mbraitheann go bhfuil cead cainte acu?