Móreagrán Comhar ag plé leis an Éirí Amach

Prós agus filíocht

Tá móreagrán liteartha de Comhar ar fáil agus é mar aidhm aige comóradh a dhéanamh ar 100 bliain Éirí Amach na Cásca. Tá sleachta próis agus gearrscéalta le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, Seán Mac Mathúna, Alan Titley, Anna Heussaff, Alex Hijmans, Darach Mac Con Iomaire, Liam Mac Cóil agus Darach Ó Scolaí ann agus dánta le hÁine Uí Fhoghlú, Gréagóir Ó Dúill, Áine Ní Ghlinn, Bríd Ní Mhóráin, Liam Ó Muirthile, Louis de Paor, Seosamh Ó Murchú agus Aogán Ó Muircheartaigh.€4 a chostas agus tá an iris sna siopaí anois.