Leabhar rí-spéisiúil is ea Quo Vadis, a Chreidmhigh? (Coiscéim, €8) le Colm Ó Tórna, leabhar foilsithe ag am thar a bheith tráthúil.
Maíonn cuid mhór daoine gur ag dul ó mhaol go mullach a bhíomarna Gaeil le 100 bliain anuas nó mar sin, go háirithe mar a bhaineann le stair spioradálta ár dtíre de.
Bhí na Sasanaigh anseo agus iad i gceannas ar fhormhór na tíre, agus ansin d’fhágadar go tobann.
Ina n-éagmais, chuaigh an Stát nua agus an Eaglais Chaitliceach i bpáirtíocht lena chéile agus tháinig córas amháin rialaithe i bhfeidhm ar an gcóras eile.
Cé go ndearna an Eaglais Chaitliceach obair na gcapall i gcúrsaí sóisialta, oideachais agus réimsí eile nach iad, bhí ní aisteach, mífholláin éigin ag baint leis an “gcóras” a tháinig i bhfeidhm, thar tréimhse áirithe ar aon chuma.
Agus tá rian na tréimhse sin fós sa mhullach orainn.
Cumhacht
Bhí an Eaglais róchumhachtach agus róchléireach, í róthógtha le rialacha agus smacht.
Cé nach luaitear sách minic é, dar ndóigh, bhí an Stát ina chuiditheoir toilteanach sna forbairtí sin.
Ach tá ré nua ar tí bláthú anois agus sin go díreach atá faoi chaibidil ag Ó Tórna sa leabhar suntasach seo.
Ar fhealsúnacht an Phearsantachais mar a chíor intleachtaithe dála Maritain, Péguy, Mounier, Chesterton, Dorothy Day, an Pápa Eoin Pól II agus daoine nach iad atá smaointe Uí Thórna i leith dhualgais an chreidmhigh bunaithe, feictear dom.
Is smaointeoirí iad nár tugadh dóthain airde orthu fós, go háirithe mar a bhaineann leis an saol spioradálta de.
An grá atá mar phríomhspreagadh don údar, grá dár gcruinne agus an grá dár gcomharsana, gan eisceacht.
Tá smaointe Uí Thórna thar a bheith tráthúil mar is é an grá céanna atá mar spreagadh ag an bPápa Proinsias.
Gairm
Gairm ar conas nua-shibhialtacht a chruthú atá faoi chaibidil i dtogra na díse, gairm a bheas “foinsithe go deimhin dearfach i nua-réaladh ar ár n-ionannas Dia-bhronnta uile, nua-réaladh a chlaochlóidh gach idirphlé daonna fud fad na cruinne…” mar a chuireann Ó Tórna go paiteanta é.
Caithfear dul i ngleic le ceisteanna deacra casta agus ár lámha a shalú más gá má tá brí le bheith ag an Eaglais Chaitliceach feasta agus chun go mblaisfí den ghrá síoraí sin a bhí mar bhonn le réabhlóid Íosa.
Táimid go mór faoi chomaoin ag an údar a bhogann an plé ón scoilt sin idir an creideamh agus an cultúr – géarchéim a d’aithin an Pápa Beinidict – go dtí an plé intleachtach is gá agus atá ag tarlú faoin bPápa Proinsias.
Is plé radacach é seo agus nósanna seanbhunaithe na hEaglaise á gceistiú aige, plé riachtanach má tá an Eaglais chun dul i ngleic leis an gcine daonna agus cor grámhar eile a chur ina chinniúint. MÍCHEÁL Ó hAODHA