Féasóg fhaiseanta an laoich agus an fhealsaimh


Tá an fhéasóg faiseanta. D’fhág mé Avengers Infinity Wars agus rún docht daingean agam féasóg a ligean le mo smig féin. Bhí féasóg ar na laochra móra fearúla sa scannán – bhí féasóg ar Chaptaen Mheiriceá; bhí ceann ar Fhear Iarainn; bhí féasóg ar an Dochtúir Aisteach (col ceathar leis an Dochtúir Áthas?) agus ceann ar dhia na toirní, Thor.

Níor mhothaigh m’aghaidh chomh lom sin riamh. Meas glas-stócaigh atá agam orm féin. Cad é an dóigh nach mbeadh agus an oiread sin laochra faoi fhéasóg?

Níor thuig mé i gceart go dtí Avengers Infinity Wars an nasc láidir a bhí idir crógacht an fhir agus féasóg. Shíl mé gur comhartha hiopstair a bhí san fhéasóg ar na saolta seo, comhartha gur duine réchúiseach séimh a bhí ionat, fear a d’íosfadh museli, fear a rinne rogha den rothar thar an gluaisteán. Níor thuig mé go dtiocfadh le féasóg trodaí calma a dhéanamh díot.

Má tá féasóg maith go leor ag na hAvengers, tá sí maith go leor ag an Éireannach.

READ MORE

Ar ndóigh, comhartha gaoise a bhí san fhéasóg ar feadh i bhfad. Bhí féasóg ar Shócraitéas agus ar Abraham Lincoln agus ar Captain Birdseye.

Ach comhartha laochais atá anois ann – ní hé amháin gur féidir leat bheith ag machnamh faoi do chroí ach is féidir leat tóin a chiceáil fosta.

Sea, níl an dara rogha ann – tá féasóg le fás. Ach cad é an chosúlacht a bheas orm faoi fhéasóg – Thor nó tóin asail?

PÓM