Dhá thaobh an bhealaigh leis an dreoilín

Bhí dhá thaobh an bhealaigh leis an dreoilín. Ní raibh sé ólta ach shílfeá go mb’fhéidir go raibh nó is ait mar a eitlíonn an dreoilín.

Mothaím i gcónaí go mbíonn drogall ar an dreoilín dul i mbun eitilte. Chomh beag agus atá na sciatháin aige; bíonn an chontúirt ann go scuabfadh an ghaoth féin chun bealaigh é.

Ní mhothaíonn tú go mbíonn sé ar a chompord san aer. Bíonn a thóin i gcónaí i dtreo an talaimh aige agus é ag eitilit, é ag tabhairt le fios go mbeidh deireadh leis an léim chun aeir a luaithe agus is féidir.

Is é atá álainn mar éan, dathanna sin an Fhómhair i gcónaí air agus é ag léim amach as fál amháin i dtreo fáil eile. Faitíos a thugann air é féin a choinneáil i bhfolach i measc na nduilleog, an ea? Nó eagla roimh éin níos mó?

READ MORE

Cibé is cúis leis, is deas an radharc é an dreoilín a fheiceáil ar ruathar aeir os do chomhair, urchar beag rua.

Tá roinnt nathanna deasa ag Ó Dónaill faoin éan bheag seo: Níl oiread agus dreoilín ann – he is as diminutive as a wren; Cé gur beag díol dreoilín caithfidh sé a sholáthar – even the smallest necessites of life have to be provided for; Mún dreoilín san fharraige – a mere drop in the ocean.

Anois nach iontach sin? An féidir leat iad sin a chur in abairt? Ní raibh oiread agus dreoilín sa Gooch ach b’iontach an peileadóir é. Ní fiú mún dreoilín san fharraige gealltanas polaiteora faoin teanga...

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times