Bhíos i mBarcelona an bhliain seo caite ar turas oibre. Bhí an Chatalóin ar tairseach reifreann stairiúil maidir le neamhspleáchas agus bhí sé de phribhléid agamsa taisteal anonn chun sraith tuairiscí a dhéanamh.
Chuirfeadh an Chatalóin éad ar an Éireannach, chomh líonmhar is atá linn a cainteoirí dúchais. D’fhéadfadh an tír seo rud nó dhó a fhoghlaim ón gCatalóin ó thaobh chúrsaí teanga de. Agus d’fhéadfaimis a ndea-shampla a leanúint chomh maith maidir le hárasáin chathrach.
D’fhan mise i gceantar El Bourne le linn dom a bheith i mBarcelona. Tá El Bourne suite sa gcathair, ach giota beag ar shiúl ó La Rambla agus Plaça Catalunya.
Bhíos ag fanacht in óstán a bhí beag go leor. Ní raibh aige ach urlár amháin aige agus árasáin chónaithe a bhí ar na hurláir eile go léir.
B’éigean don dream a bhí ag fanacht san óstán ardaitheoir a roinnt leis na cónaitheoirí eile.
Thaitin na turais san ardaitheoir sin liom. D’fheicinn na daoine céanna arís agus arís eile. D’fhágadh bean amháin go rialta le beirt Labradoodles. Théadh seanlánúin amach in uillinn a chéile. Agus d’imíodh lánúin óg gach maidin ón tríú hurlár le dul ar obair, a gcúpla á dtabhairt amach leo ag an naíolann i mbugaí dúbailte.
Bhí ardaitheoir measartha mór acu agus bhí spás acu ina n-árasán chomh maith chun gnáthshaol a bheith acu. Ag cuardach Táimse théis cúig mhí go leith a chaitheamh ag cuardach áit le ceannach. Fuair mé cead morgáiste i mí Feabhra, díreach sular cuireadh na rialacha nua i bhfeidhm. Mar sin, bhí an t-am ag éirí gann dom. B'éigean dom cluichí na n-uimhreacha a imirt. Chuaigh mé le gach uile áit faoi bhun €280,000 sa gcathair a fheiceáil.
Ba gheall le bheith ar shuíomh aimsithe grá ar líne é an t-eispéireas. Bhíos i bhfad ró-éasca, róthruamhéalach, róscaoilte; chuireas tairiscint ar gach teach, gach árasán, gach bothán a chonaic mé.
Bhíos ag iarraidh mé féin a chaitheamh ag rud éigin. Ba chóir dom guaim a choinneáil orm féin agus ligint dos na tithe a bheith ag sodar i mo dhiaidhse.
Tá a fhios agam go mbeidh daoine mo cháineadh anois ach níl neart agam air. Tógadh mé i gceantar atá cóngarach go leor don chathair. Agus tá mo mhac anois ar scoil ansin; tá a chuid cairde, a chuid fréamhacha, a chuid scolaíochta sa gceantar sin.
Ar an drochuair domsa, tá sé ar cheann amháin des na ceantracha is costasaí in Éirinn: BÁC 6. (Maith dom é, Eircode ach ní bhfaighidh tú réidh leis an gclaontacht atá greanta i gcloch chomh héasca sin!)
Rinne mé cuardach fairsing i mBÁC 2, 4, 6, 6W, 8 agus 12 agus níor éirigh liom. Agus nílim ag caint ar thithe móra anseo a tógadh i 1901. Bhíos ag cuardach árasáin.
Rinne mé margadh faoi dhó: árasán beag bídeach i Raghnallach agus árasán níos lú fós i Ráth Garbh. Ní fhéadfá cat a luascadh ná déagóir a thógáil i ceachtar acu: bhí siad 45 méadar cearnaithe. Tharraing mé amach as an dá mhargadh sin. Agus le scéal fada a dhéanamh gearr, tá teach ceannaithe agam i dTamhlacht sa deireadh thiar thall.
Is breá liom an teach. Tá an ceantar ana-áisiúil. Ach tá brón orm, ar bhealach. Tá brón orm go mbeidh ar mo mhac a shaol ar fad a athrú. Agus tá brón orm mar go bhfuil mo chroí, m’anam agus – admhaím é – m’ardnósacht go léir níos cóngaraí don chathair.
Dá mbeadh árasáin ardchaighdeáin – nó meánchaighdeáin, fiú – ar fáil go forleathan sa gcathair seo, réiteodh sé go leor leor fadhbanna.
Níl Éireannaigh ag iarraidh a bheith ina gcónaí in árasáin. Agus ní haon ionadh é sin.
Murab ionann agus muintir Barcelona, níl an cultúr sin againn. Níl an cultúr sin againn mar tá formhór na n-árasán anseo beag, dorcha agus gránna.
Sin an fáth gur bhuail racht feirge mé le gairid nuair a chuala mé moltaí de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go mb’fhéidir go mbeadh árasáin níos lú, fiú, sa todhchaí. Faoi láthair, caithfidh árasán nua a bheith 55 méadar cearnaithe ar a laghad.
Agus caithfidh fuinneoga a bheith ar dhá thaobh den bhfoirgneamh acu.
Tá an chomhairle ag moladh na rialacha a athrú le go dtógfar tuilleadh árasán i gcroílár na cathrach.
An bhfuilimid go huile is go hiomlán bómánta sa tír seo?
Ní féidir clann a thógáil in árasán in Éirinn. Chuirfinn geall go bhfuil gach teaghlach atá ina gcónaí in árasán anseo ag iarraidh bogadh amach as.
Go leor daoine le páistí in árasáin, tá siad sáinnithe ansin mar go bhfuil cothromas diúltach orthu mar gur cheannaigh siad i 2007 nuair a bhí siad 28 agus singil. Nó tá siad sáinnithe ansin mar go bhfuil siad ag fáil liúntas cíosa agus níl aon rogha eile acu.
Mar sin, murab ionann agus Barcelona, tá trua agat don té a d’fheicfeá le bugaí dúbailte san ardaitheoir. Is díol trua iad an tseanlánúin atá in uillinn a chéile. Agus níl seans ar bith go dtiocfaidh tú ar bheirt Labradoodles ag dul amach ar siúlóid.
Tá sé in am dúinn foghlaim ó na botúin a rinneadh cheana féin. Tá sé in am dúinn tabhairt faoi na dúshláin agus deacrachtaí sa mhargadh tithíochta agus sa mhargadh cíosa agus dóchas a thabhairt do mhuintir na príomhchathrach.