Comóradh ceolmhar na gCiaróg

Bogaim go mall tríd an slua ar Shráid Anraí, an ghaoth láidir ag brú daoine aisteacha isteach im' chorp, a scríobhann Gráinne Ní Aodha.

Tá cuma an ghnó ar an slua; gan seafóid nó beocht ar bith agus iad ag brostú trí lár na cathrach.

Siúlaim thar fuinneog ársa Arnotts agus beireann splanc na staire ar chúinne mo shúile. Siúlaim i dtreo na fuinneoige chun stánadh isteach ar cheithre chulaith liatha ina seasamh gualainn le gualainn, uirlisí lena dtaobh agus póstaeir ag béicíl ceoil ó aois eile amach.

Súil siar 50 bliain sa stair; 50 bliain ó leag The Beatles a gcosa in Éirinn. 50 bliain ó sheinn siad sa phictiúrlann Adelphi nuair a mheall siad 5,200 duine.

READ MORE

Idir 7ú agus 10ú Samhain, ceiliúradh leathchéad bhliain ó thug an ceathrar cumasach cuairt ar Éirinn.

Ach cén fáth an comóradh? Cad é atá ann le saothar na mBeatles nach bhfuil sáraithe ag aon amhránaí/ceoltóir eile?

Luíonn rath na mBeatles san gcaidreamh a bhí eatarthu, ach go háirithe an pháirtíocht iomaitheach idir John Lennon agus Paul McCartney. Is cinnte gur chairde iad – péire pleidhce a bhí iontu ó bhíodar ina bhfir óga ag freastal ar Ollscoil na hEalaíne, Learpholl. An rud is suntasaí fúthu seo ná an naimhdeas a cothaíodh idir an bheirt. Cé go bhfuil “Lennon/McCartney” iniata le tromlach amhráin na mBeatles, is annamh a scríobhadar amhráin le chéile. Bhí Paul tugtha d’amhráin ghrá, le liricí soineanta is pátrún cinnte. Ach de réir mar a d’imigh an t-am, d’éirigh John tuirseach den fhoirmle chéanna agus thosaigh sé ag cumadh amhráin an mhachnaimh dhomhain.

D’ardaigh an chodarsnacht inmheánach seo ceol na mBeatles go leibhéal eile – ní cailíní óga amháin a bhí ag éisteacht leo, agus ní ar mhianta an phobail a d’fhreastail na Beatles a thuilleadh.

Ach ní bheadh Lennon/McCartney ann gan an chuid stuama den fhoireann. Déanann daoine dearmad go ró-éasca ar George Harrison, a scríobh amhrán álainn séimh ar nós Here Comes the Sun agus a thug blas na spioradáltachta d'amhráin tríd uirlisí ceoil na hIndia a úsáid; a leithéidí Love to You.

Agus ná déanaimis dearmad ach oiread ar Ringo Starr; seans go mbáfadh fíneáltacht an fhoinn dá mbeadh drumadóir eile sa suíochán céanna.

Bhí rud níos doimhne ag baint le foinn an Fab Four ná ceol an lae inniu. Greamaíonn an tséis i do chuimhne agus cuireann na liricí d'inchinn ag obair. Dúiseann tú ar maidin le Eleanor Rigby ar do bheola, siúlann tú síos an tsráid ag éisteacht le Revolution agus fágann tú an oifig ag feadaíl Yesterday. Insíonn The Beatles scéalta daonna – ón ngrá go ceap magaidh na n-údarás – agus é go léir faoi bhlaincéad foirfe fuaime.

Ní bheidh a leithéid arís ann.