Cé go bhfuil Comóradh an Chéid ar Éirí Amach na Cásca go mór faoi chaibidil, is beag atá le clos faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a réitíodh ar an deichiú Aibreán, 1998.
Ar ndóigh, ní comóradh an chéid atá i gceist sa dara cás – ach an féidir ag an am céanna go mbíonn fonn níos láidre orainn comóradh a dhéanamh ar eachtra mhíleata seachas ar chonradh síochána?
Ceist eile ná seo: an eiseamláir idirnáisiúnta é Comhaontú Bhéal Feirste (an teideal eile a thugtar air) nó rud ann féin? An múnla é do thíortha agus ceantair eile ina bhfuil caismirt ar siúl ar feadh roinnt blianta?
Ceapann go leor as áiteanna thar lear go bhfuil ceachtanna le foghlaim. Bíonn dreamanna éagsúla ag teacht ar cuairt le feiceáil conas scéal casta, fadálach, garbh agus cruálach a réiteach agus a thabhairt chun críche – don chuid is mó.
Ocht mbliana ó shin a bunaíodh Aonad Réiteach Coimhlinte (Conflict Resolution Unit) sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, chun tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí síochána agus chun eolas a scaipeadh ar an bpróiseas a bhí – agus atá fós – ar siúl i dtuaisceart an oileáin seo.
Gan amhras, tá gnéithe agus comhthéacs ar leith ag gach uile choimhlint. Ach bíonn cosúlachtaí eatarthu freisin.
Ní haon ionadh mar sin go mbíonn grúpaí éagsúla ag teacht go hÉirinn chun dul i dteagmháil leis an aonad úd sa Roinn – agus le dreamanna eile ar an dá thaobh den Teorainn gan dabht – chun a fháil amach, conas a réitíodh an comhrac seo a bhí ar siúl ar feadh 30 bliain ar a laghad.
Bhí grúpa on Úcráin anseo ag deireadh mhí Feabhra, mar shampla. Ina measc bhí baill pharlaiminte agus comhairleoirí ar chúrsaí polasaí den ardleibhéal.
D’éist siad le cainteanna i dTeach Iveagh ó shaineolaithe a bhí páirteach sa phróiseas síochána agus le taidhleoirí ón rannóg Angla-Éireannach. Thug an grúpa cuairt ar Bhéal Feirste chomh maith.
Bhí spéis ar leith ag na cuairteoirí sna bealaí chun déileáil le grúpaí paraimíleatacha agus tugadh eolas dóibh ar Phrionsabail Mitchell.
Ag an am, bhí ar gach páirtí glacadh leis na prionsabail úd, a bhain le modhanna síochánta, cur chuige daonlathach agus dí-armáil indeimhnithe, má bhí siad ag iarraidh bheith páirteach sna comhráití ó thuaidh.
Ag tús mhí Feabhra tháinig grúpa ón dTuirc le feiceáil cad iad na gnéithe den phróiseas s’againne gur féidir a úsáid le Ceist na gCoirdíneach a réiteach.
Bíonn sé mar aidhm ag an Roinn i gcoitinne tacaíocht a thabhairt don phróiseas síochána sa Mheán-Oirthear in aon slí gur féidir sin a dhéanamh, ag tógaint san áireamh taithí agus ceachtanna ónár bpróiseas féin de réir mar is cuí.
Tá cabhair tugtha freisin ag an aonad seo do na hidirghabhálaithe sna comhráití reatha i La Habana idir an dá thaobh den chogadh fada inmheánach sa Cholóimbe, ainneoin nach bhfuil aon ambasáid againn i bpríomhchathair Chúba.
Tá obair ar siúl in áiteanna eile chun ceachtanna on bpróiseas síochána a scagadh agus a scaipeadh.
Tá Institiúid Réiteach Comhraic agus Atógála (Institute for International Conflict Resolution and Reconstruction) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) a dhéanann comparáid anailíseach idir Tuaisceart Éireann agus áiteanna ar nós na Cosaive agus na Caismíre.
D’eagraigh an institiúid seisiún do ghrúpa a bhí ar cuairt ón Airméin agus ón Asarbaiseáin in Aibreán 2013.
Tá fadhb leanúnach ag an dá thír úd maidir leis an réigiún ar a dtugtar Nagorno-Karabakh agus bhí na daoine seo ag lorg ceachtanna ó Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Bhí iar-Thaoiseach Bertie Ahern agus iar-Aire Dermot Ahern i measc na gcainteoirí a labhair leo faoin mbealach inar cuireadh deireadh leis an gcoimhlint i dTuaisceart Éireann agus an chaoi gur tugadh cabhair do na páirtithe tar éis dóibh teacht ar chomhréiteach.
Eagraíodh seimineár ar an bpróiseas síochána do ghrúpa as Ollscoil Indiana mí an Mheithimh seo caite agus labhair Dermot Ahern agus leithéidí Martin Mansergh, Tim Pat Coogan agus an Dr Dawn Walsh.
Ar ndóigh, ó d’éirigh sé as a bheith ina cheannaire rialtais, tá Bertie Ahern féin thar a bheith gníomhach ag iarraidh coimhlintí a réiteach in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.
Chaith sé roinnt míonna san Úcráin anuraidh agus tá an-chuid oibre déanta aige chun an comhrac idir na Bascaigh agus rialtas na Spáinne a réiteach.
Thug sé cuairt ar an Iaráin cúpla mí ó shin agus deir cara leis go ndearna sé “obair an-fhiúntach” ansin le comhthuiscint a chothú idir an tír úd agus muidne san Iarthar.
(Dála an scéil, leis an gcomhaontú reatha núicléach atá déanta leis an Iaráin, b’fhéidir go bhfuil sé in am ár n-ambasáid i dTehran d’athoscailt tar éis don Rialtas s’againne í a dhúnadh trí bliana ó shin?)
Coimhlint nach bhfuil fonn ar Bhertie Ahern a bheith gafa léi ná an ceann idir Iosrael agus na Palaistínigh, ainneoin gur iarr a sheanchara Tony Blair air teacht ar bord.
Dar leis an iar-Thaoiseach, tá sé riachtanach go mbeadh síocháin á lorg i ndáiríre ag an dá thaobh ach tá amhras air gur mar sin atá sa chás san.