Ceoltóirí na cruinne le chéile i gCorcaigh

Comórtas idirnáisiúnta ceoil ar RnaG

Beidh cláirseoirí ó Chicago agus ó Pháras i measc na gceoltóirí a bheidh san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada i gCorcaigh, comórtas a bheidh le cluinstin beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine ag 7pm.

Píobaí agus cláirseach na huirlisí atá i gceist sa chomórtas i mbliana.

Is ag Aislinn Gagliardi a bheidh an t-aistear is faide nó beidh sí ag taisteal anall as Chicago Mheiriceá le páirt a ghlacadh sa cheol.

As Páras na Fraince do Floriane Blancke ó dhúchas, cláirseoir eile, cé go bhfuil sí ag cur fúithi le roinnt blianta anois i gCinn Mhara i ndeisceart na Gaillimhe.

READ MORE

Beidh Michael Coughlan, píobaire ó Chorcaigh ó dhúchas, ag taisteal as Oxford, Shasana, áit a bhfuil sé ag tabhairt faoi chéim dochtúireachta sa mhatamaitic fheidhmeach agus beidh 11 ceoltóir eile ar stáitse ó gach aon chearn eile d’Éirinn.

Roghnófar buaiteoir amháin ar na píobaí agus ar an gcláirseach, agus gheobhfaidh siad Bonn Óir Seán Ó Riada an duine agus roinnfidh siad €2,500.

Is é Peadar Ó Riada a chuirfidh an ócáid i láthair beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh.

Is iad Ailean Domhnallach, Jimmy O’Brien Moran agus Laoise Kelly a bheidh i mbun moltóireachta le linn na hoíche.

Beidh an choirm ar siúl mar chuid de Chomhdháil na gCeoltóirí, ócáid dhá lá a bheidh ar siúl san óstán.