Angst agus anbhuain

An deoraí abhus in Éirinn, sin coimhthíos


An ghlúin daoine a d’fhoghlaim an Teagasc Críostaí Caitliceach lena chuid ceisteanna agus freagraí sa bhunscoil ní dócha gur thuig siad go raibh diagacht ardoilte á sealbhú acu. B’fhéidir gur bheag ábhar eile a buaileadh isteach san aigne chomh diongbháilte sin, agus brí idir mheafarach agus litriúil ag ‘bualadh isteach’.

D’fhág sé a lorg orthu, uaireanta ar bhos na láimhe, ach níos minicí ná a chéile i gcúinní fiafraitheacha na meabhrach. Is é a bhí ann, ní hea amháin cúrsa iomlán diagachta don aigne bheag óg, ach cúrsa fairsing fealsúnachta timpeall ar mhórcheisteanna na beatha.

Tráchtas ar mhaith is ar olc, ar an tsaorthoil, ar chinniúint an duine, ar cén fáth a bhfuilimid anseo, ar conas tú féin a iompar, ar chríocha agus ar idéal an tsaoil, bhí siad go léir ann. Gan amhras, fuaireadh amach nach raibh na freagraí go léir chomh hoiriúnach sin de réir mar a bhí an aigne ag craobhú agus cleachtadh an tsaoil ag leathnú faoi ghaothaireacht sciatháin nach raibh aon smacht orthu. Isteach sa bhearna sin ghluais rocanról (a bhí go hiontach), agus réabhlóid na Fraince a bhain na cloigne dínn.

Ní hí réabhlóid 1789 atá i gceist agam, ach an faisean intleachtúil a lean gach rud Francach, nó gach rud Francach mar a thuigeamarna iad. Má bhain Tomás Acuin le bráithre na n-éadaí dubha, bhí Jean-Paul Sartre chomh cool le toitíní ar imeall an bhéil, chomh suas-chun-dáta leis an aimsir fháistineach.

READ MORE

Ba dhóbair dúinn dul chun troda maidir le cé acu an raibh 'eisint' ann roimh 'existence', nó nach raibh. Tá a fhios agam gur léigh duine amháin againn l'Etre et le néant siar go dúid, agus ní fíor ar fad gur chaith sé tréimhse fhada i dTeach na nGealt.

Beirt eile, chaith siad go leor airgid ag diúgadh caifé agus fíona in Les Deux Magots i bPáras, áit a mbíodh Sartre agus Simone de Beauvoir ag plé cora boga an tsaoil, ach nuair a bhí an samhradh istigh ní raibh oiread de ghaois acu is a bheadh dá bhfanfaidís sa bhaile ag baint an fhéir sa ghairdín. Chuir Sartre an drochshúil ar go leor, agus bhí an t-ádh leis an duine ar éirigh leis an briocht draoi a bhriseadh gan a bheith fiarintinneach tar éis an iomláin.

Lean an bholgach Fhrancach seo sinn isteach sa litríocht. Má bhí l'existentialsme go hiontach, ní foláir nó bhí an nouveau roman go diail ar fad.

Chuir cuid againn samhraíonta fada agus oícheanta dorcha amú ar thóir an tsnátha chéaraigh thuisceanaigh in úrscéalta Robbe-Grillet, agus Nathalie Sarraute agus Marguerite Duras.

Ar deireadh, ba dheacra triúr ba leimhe a shonrú ón uair gur dingeadh Charles J. Kickham (an t-úrscéalaí is measa ar bith ó Thiobraid Árann), agus Canon Sheehan (nach é an scríbhneoir is measa é ó Dhún ar Aill, ar fad), agus Jane Austen (“I want to dig her up and beat her over the skull with her own shin-bone,” Mark Twain) siar inár mbrád.

B’é ba mheasa faoin ngalar Francach seo ná gur thug siad focail isteach i gcabaireacht na litríochta agus i gcabaireacht an lae a dhein feallsúnacht den fhealsúnacht agus mucnamh den mhachnamh.

I measc na bhfocal san bhí Angst nó anbhuain, agus Alienation nó coimhthíos.

Tuigim go maith go bhfuil ciall cineál saghas mar adéarfá leathchruinn go leor leis na téarmaí seo, bíodh nach bhfuil aontú ar bith ann maidir le cad is brí leo go slán.

Ach ‘anbhuain’ agus ‘coimhthíos’ ag baint le daoine socaire sóúla sláintiúla sochaideartha de chuid mheánaicme uachtair phribhléideach na Fraince agus an domhain thiar ar fad?!! Cúis gháire agus urlacain chugainn!

Ní raibh dream ar bith ná pobal ar bith ná glúin ar bith ná aicme ar bith ar mhó a bhí an t-ádh leo i stair na cruinne siar amach ná na daoine sin a tháinig chun coinlíochta in iarthar agus i dtuaisceart na hEorpa agus i gcodanna de Mheiriceá Thuaidh ó dheireadh an chogaidh mhóir bharbartha dhomhanda dheiridh. Riamh.

Ní raibh dream ar bith ná pobal ar bith ar cheart go dtadhallfadh ‘anbhuain’ de shaghas ar bith, ná ‘coimhthíos’ de dhath ar bith leo.

An bhean nach bhfuil goblach aici le cur i mbéal a páistí sa tSomáil, sin anbhuain; an buachaill a fhíonn liathróidí peile ar feadh dhá uair an chloig déag sa lá in Bangla Deis duitse, sin coimhthíos; an tuathánach a bhfuil eagla air go dtitfidh buama ón spéir air sa Phacastáin, sin anbhuain; an deoraí dorcha abhus in Éirinn a bhfuil eagla a díbeartha uirthi, sin coimhthíos.

Uaireanta, caithfidh ceangal a bheith ag focail le rud éigin.