Aitheantas ar líne do lucht na hathbheochana

Tá tú ag léamh an ailt Ghaeilge seo ar The Irish Times inniu. Ach ní dócha go mbeadh alt Gaeilge ar bith againn murach lucht na hathbheochana agus a gcuid foilseachán romhainn. Leoga, seans go mbeadh iontas orthu go bhfuil ábhar Gaeilge le fáil ar an nuachtán seo?

Mar sin féin, níl dearmad déanta ag lucht na Gaeilge sa lá atá inniu ar obair na glúine a chuaigh rompu. Foilsíodh Irisleabhar na Gaedhilge ar bhonn míosúil, beagnach, idir 1882 agus 1909 agus scríobh mórán scríbhneoirí iomráiteacha ailt dó – ina measc Pádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde, An tAthair Peadar Ua Laoghaire, agus Úna Ní Fhaircheallaigh.

Oiread chéanna le foilseachán ar bith eile sa lá atá inniu ann, bhí gearrscéalta, filíocht, stair, béaloideas, amhráin, léirmheasanna leabhar, seanfhocail, ábhar d’fhoghlaimeoirí agus ailt ar obair ‘na hearnála’ le fáil san fhoilseachán.

Réimse leathan a bhí ann agus ba iad na hailt sin an t-ábhar léitheoireachta a bhí ar lorg ag an chéad ghlúin de lucht na hathbheochana, ábhar a bhain le saíocht na Gaeilge ach ábhar nua cruthaitheach fosta.

READ MORE

Mar a scríobh an Piarsach féin: “Irish literature, if it is to live and grow, must get into contact on the one hand with its own past and on the other with the mind of contemporary Europe.”

Is tráthúil, mar sin, go bhfuil digitiú déanta ag foireann Fhoclóir na Nua-Ghaeilge (FNG) in Acadamh Ríoga na hÉireann ar na hailt Ghaeilge as Irisleabhar na Gaedhilge.

Le cois an ábhair sin a úsáid amach anseo agus iad ag ag treabhadh leo i ngort na foclóireachta, tá foireann FNG ag iarraidh aitheantas mar is ceart a thabhairt do gach duine a bhain leis an iris agus na hailt Ghaeilge a chur ar líne saor in aisce don phobal i bhfoirm chorpas inchuardaithe ag irisleabharnagaedhilge.fng.ie.

Tá an t-úsáideoir in ann an t-ábhar a léamh, a íoslódáil nó a chuardach.

Creideann lucht an fhiontair go mbeidh an t-ábhar luachmhar do thaighdeoirí de gach cineál agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne. Agus tá an ceart acu!

Tobar an Doibhlinigh

Ní fada ó seoladh leabhar nua Bhreandáin Uí Dhoibhlin,

As Tobar an Doibhlinigh

(Coiscéim), thall i bPáras na Fraince. Ambasadóir na hÉireann chun na tíre sin, Geraldine Byrne Nason, a chuidigh leis an chnuasach nua a sheoladh chun bealaigh.

Mar sin féin, níl cúis ar bith ann go ndéanfadh lucht na Gaeilge faillí sa cheiliúradh nó seolfar an leabhar arís Déardaoin ag 6.30pm in oifigí Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Saothar saoil atá déanta ag an Mhoinsíneoir Ó Doibhlin i réimse na litríochta Gaeilge agus úrscéalta, drámaí, aistí agus aistriúcháin scríofa aige.

Cnuasach nua dá chuid aistí agus scríbhinní ar chúrsaí litríochta, fealsúnachta agus ceisteanna móra eile atá sa leabhar nua agus é curtha in eagar ag scoláire óg, an Dochtúir Tracey Ní Mhaonaigh, Ollscoil Mhá Nuad.

‘Bunchearta’

Bhí ionadaithe ó 30 grúpa Gaeilge i láthair ag ócáid chomhairliúcháin ar phrótacal teanga san Eoraip i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, an tseachtain seo caite.

Ba é Paul Bilbao, ardrúnaí na heagraíochta idirnáisiúnta teanga Kontseilua, cathaoirleach an tseisiúin agus Conradh na Gaeilge a d’eagraigh é.

Is saineolaí é Bilbao ar chúrsaí idirnáisiúnta teanga agus dúirt sé gur bunchearta a bhí i gcearta teanga: “Tá muid mar chuid de phobal mionteangacha san Eoraip a bhfuil 40 milliún cainteoir ann.”

Dhírigh an próiseas ar bharúlacha na ngrúpaí a bhailiú maidir le “Prótacal chun Cearta Teanga a Chinntiú”.

Dúirt tánaiste Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, gur chéim “chun tosaigh é an prótacal seo chun an Ghaeilge a aithint ar ardán idirnáisiúnta teangeolaíoch. Ag teacht sna sála ar an chinneadh a glacadh san fheidhmeannas ó thuaidh bac a chur ar Acht agus ar Straitéis na Gaeilge, tá sé ríthábhachtach go dtugtar an chosaint chuí do chearta teanga trí chaighdeáin chearta daonna idirnáisiúnta agus Eorpacha”

Cuirfidh an conradh fáilte roimh dhaoine bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin ag www.protokoloa.eus

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times