Turas chun na hUcraine

Beocheist: Ar thuras chun na hÚcráine le déanaí bhí seans agam staid na tíre a mheas i ndiaidh na réabhlóide oráistí. Ní gá …

Beocheist: Ar thuras chun na hÚcráine le déanaí bhí seans agam staid na tíre a mheas i ndiaidh na réabhlóide oráistí. Ní gá a rá nach i ngluaisteáin nua a bhí gach duine ag triall ar phoist bhreátha nua ach bhí athruithe le tabhairt faoi deara ó thaobh mhana an phobail de.

Tá an chathair L'viv in iarthar na hÚcráine, níos lú ná 50 míle ón teorainn leis an bPolainn. Bhí sí mar chuid den Pholainn roimh an dara cogadh domhanda agus tá an Pholainnis fós le cloisteáil ar shráideanna na cathrach sa lá atá inniu ann.

Más láidir é tionchar na Polainne ar L'viv, áfach, is ea is tréine an tacaíocht a thug an chathair seo do Viktor Yushchenko agus an réabhlóid oráisteach ar siúl. Tá Yushchenko ina uachtarán anois, ar ndóigh, agus pictiúir de le feiceáil i bhfuinneoga roinnt siopaí i L'viv.

Is iad na haidhmeanna is tábhachtaí le Yushchenko agus a lucht leanúna ná go mbeidh an Úcráin ina ball den Aontas Eorpach agus de NATO.

READ MORE

Ina ainneoin sin, is féidir teacht ar dhaoine áirithe atá meáite air nach ag sodar i ndiaidh an Aontais Eorpaigh a bheidh an Úcráin.

Is go hiomlán a thaobhaíonn na daoine seo le Yushchenko ach leagann siad béim air gur in ionad láidir margála atá an Úcráin maidir le ballraíocht den Aontas Eorpach (AE). Tuairim an mhionlaigh í seo ach tuairim ar fiú aird a thabhairt uirthi, mar sin féin.

Ar shráideanna Kiev, príomhchathair na hÚcráine, bíonn an-chuid Rúisise le cloisteáil ach cosúil le L'viv bhí an áit seo mar dhaingean ag lucht tacaíochta Yushchenko.

Chruinnigh na mílte ar Chearnóg Neamhspleáchais ag déanamh agóide de lá is d'oíche in ainneoin é bheith ag cur seaca.

Tá gréibhlí na réabhlóide fós á ndíol ar an gCearnóg agus ar na sráideanna in aice léi: t-léinte, scaifeanna, mugaí, pinn is póstaeir de Yushchenko is de Yulia Tymoshenko atá ina príomh-aire anois.

Tá líon mór siopaí faoi thalamh Chearnóg Neamhspleáchais agus osclaíodh ceann nua ar na mallaibh Siopa is Músaem na Réabhlóide Oráistí agus gan ar fáil san áit seo ach earraí a cheiliúrann na hagóidí sluamhara.

Ba le grúpa iarchéimithe ó Ollscoil Jagiellonian Kraków na Polainne a chuathas go dtí an Úcráin. Bhí cruinniú eagraithe le toscaireacht de chuid Choimisiún an AE san Úcráin ach bhíothas roinnt nóiméad roimh am agus leanadh ar aghaidh suas an bóthar leis an aimsir a mheilt.

Thángthas ar dhream tiubh daoine ar thaobh an bhóthair agus gan aon choinne, mar a bheadh sé tagtha ón aer, bhí garda teann téagartha os ár gcomhair amach.

D'fhiafraigh sé dínn cé sinne agus cén gnó a bhí ar siúl againn agus tar éis an scéal a mhíniú dó dúirt sé: "Bhuel, más maith libh an tUachtarán Yushchenko a fheiceáil, tá sé thall ansin."

Ní bréag a rinneadh linn. Ba ansin a bhí sé agus a aghaidh níos colmnaí ná mar a thuigfí ó na pictiúir nuachtáin is teilifíse. Ní gá a lua gur baineadh an-obair as ceamaraí na n-eachtrannach.

Ar ndóigh, ba é Yushchenko ba chúis leis an dream bheith bailithe ar thaobh an bhóthair. Bhí roinnt mhaith ama á chaitheamh aige ag caint leo agus gan aon chuma mífhoighne le haithint air.

I ndiaidh don cheannaire bailiú leis, fuarthas amach go raibh an dream tagtha ó réigiún áirithe den Úcráin lena ngobharnóir a ghearán leis an uachtarán. Dar leo gur ceithearnach do Yushchenko é an gobharnóir ach fós féin bhí sé bainteach le daoine nár dhaoine maithe iad.

Chuir an t-uachtarán in iúl go mbeadh sé ag bualadh leis an bhfear a bhí i gceist go luath agus go ndéanfaí na líomhaintí seo a phlé ach nach mbeadh aon réiteach éasca ar an bhfadhb.

Léiríonn an eachtra seo an dá thréith de Yushchenko a líonann Úcránaigh le dóchas. Ar an gcéad dul síos tá sé lán-toilteanach labhairt leis na gnáthdhaoine agus cluas a thabhairt dóibh.

Dúirt duine den dream a raibh gearán acu nach dtarlódh sé riamh go ndéanfadh an t-iaruachtarán, Leonid Kuchma, a leithéid. Thairis sin, tá Yushchenko macánta: níor thug sé aon ghealltanas go n-éireodh leis a n-éileamh a shásamh.

Ní raibh ach rudaí moltacha le rá ag muintir an Choimisiúin faoi Yushchenko chomh maith. Ach ní raibh aon fhreagra acu ar cheist atá á cur ag mórán Úcránach: cathain is féidir leis an Úcráin bheith ina ball den AE?

Cé go bhfuil obair thar cionn ar siúl ag Yushchenko, tá fadbhanna móra dáiríre le réiteach sula ligfear isteach san AE an Úcráin. Rud fíor, ach rud nach sásaíonn muintir na hÚcráine.