'Tá todhchaí na teanga ag brath ar thuismitheoirí' - Carey

SÉ MHÍ atá Pat Carey ina Aire Gaeltachta anois.

SÉ MHÍ atá Pat Carey ina Aire Gaeltachta anois.

Agus é ag caint leis an cholún seo, dúirt sé gurbh ábhar dóchais aige a raibh feicthe agus cloiste aige le linn a thréimhse mar Aire: “An rud is mó a thugann dóchas agus spreagadh dom ná a thuisceanaí is atá pobal na Gaeilge faoi na dúshláin atá romhainn. Ní hamháin sin ach tá formhór na n-eagraíochtaí agus na ngrúpaí teanga agus pobail ar chas mé leo réidh chun tabhairt faoin straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm a luaithe agus a bheidh sé aontaithe agus foilsithe.

“Tá daoine ag féachaint chun cinn ar an dtuiscint go bhfuil cur chuige nua-aimseartha bunaithe ar an bpleanáil teanga ag teastáil má tá fúinn an deis stairiúil seo a thapú. Tá daoine ullamh agus is maith sin.”

Bíodh is go raibh an Roinn ag obair ar Straitéis 20 Bliain an Rialtais, níor leis an Rialtas an cháipéis; ba leis an phobal í agus is iad an pobal a bheidh “á tiomáint” le cuidiú an Stáit, a dúirt sé.

READ MORE

Bhí méid mór taistil déanta aige agus bhí cruinnithe aige le mórán grúpaí:

“Tá gach éinne feasach ar na fadhbanna atá ann agus cé go bhfuil imní ar dhaoine sa Ghaeltacht go háirithe, tá dóchas acu chomh maith agus iad meáite ar ghníomh fónta a dhéanamh ar son na teanga. Sin an bhraistint is mó atá faighte agam le sé mhí anuas.”

Dúirt sé go raibh “dul chun cinn suntasach” déanta ar an straitéis le tamall agus go raibh oifigigh shinsearacha a Roinne ag plé mholtaí an Chomhchoiste Oireachtais le hoifigigh na Ranna eile faoi láthair.

Bhí súil aige an dréacht leasaithe den straitéis a chur faoi bhráid fhochoiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais sna seachtainí romhainn. Chuirfeadh sé an cháipéis faoi bhráid an Rialtais ina dhiaidh sin agus dóchas aige go mbeadh sí aontaithe agus foilsithe roimh dheireadh na bliana.

Chreid sé gur ghá béim níos mó a leagan ar thacaíocht a chur ar fáil do thuismitheoirí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di mar go raibh “todhchaí ár dteanga ag brath cuid mhór ar thuismitheoirí. Tá sé ag brath ar an rogha sin a dhéanann tuismitheoirí nuair a shaolaítear leanbh dóibh; Gaeilge nó Gaeilge agus Béarla nó Béarla amháin.

“Caithfear cabhrú le tuismitheoirí cinneadh a dhéanamh ar son na Gaeilge. Ní féidir le Rialtas nó éinne eile tabhairt ar thuismitheoirí clann a thógaint trí Ghaeilge ach is féidir linne spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Is féidir linn na buntáistí agus na deiseanna a mhíniú dóibh agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh. Is féidir linn a chinntiú go bhfuil an rogha sin ar son na Gaeilge acu”.