Stair bheo an phobail

Beocheist: History is an important living subject which students need to take seriously, argues Éadhmonn Mac Suibhne

Beocheist: History is an important living subject which students need to take seriously, argues Éadhmonn Mac Suibhne

Tá garmhac agam atá ar an mbunscoil agus a bheidh ag dul chun meánscoile an bhliain seo chugainn. Tharraing mé ceist an staidéir anuas leis le déanaí agus mé fiosrach lena fháil amach cad iad na hábhair léinn is mó a thaitníonn leis.

Béarla? "Ceart go leor, is dócha." Matamaitic? "Bhuel, nach foláir do gach duine é sin a dhéanamh - na pointí, tá's agat." Stair? "Ní fheicim mórán céille leis mar ábhar."

Is mór é an t-athrú atá ar dhearcadh na hóige faoin stair ó bhíos féin ag an aois atá ag mo gharmhac anois. An uair sin ar éigean rud ba thábhachtaí linn ná an stair - ní mar ábhar scoile amháin, ach mar charraig ar a raibh ár ndearcadh uile ar an saol agus ar an todhchaí bunaithe.

READ MORE

Ar ndóigh, ba chóngaraí i bhfad sinn an t-am san do ghlúin na réabhlóide (is é sin, má ba réabhlóid i ndáiríre a tharla sa tír seo ag tús an 20ú haois) agus do chogadh na saoirse, gan trácht ar an idéalachas, mura ndeirim an misteachas, ba bhia agus ba bheatha dóibh araon.

Cibé scéal é, agus mé ag iarraidh an garmhac a spreagadh luaigh mé Pádraig Sáirséal mar dhuine d'iarlaochra ár gcine agus dob é freagra a fuaireas ná "Cén fhoireann lenar imir seisean?" Ag leathmhagadh a bhí sé ach ag an am gcéanna rith liom gurbh é a bhí ar siúl aige - i ngan a fhios dó féin - ná iarracht ar cheangal éigin réalaíochta a aithint idir scáilphearsa san na staire agus an saol ina bhfuil sé féin ag fás aníos.

I ndáiríre, áfach, cé hiad príomhphearsana na staire - príomhlaochra - faoi mar a múintear go hiondúil í? Cé eile ach ríthe, prionsaí, iarlaí agus a leithéidí eile sin? Tá siadsan againn go fóill ach cad tá iontu anois ach iarsmaí de shaol atá thart agus nach bhfillfidh go deo arís?

Agus, go deimhin, is beag mar spreagadh a bhfuil ann díobh d'óige ár linne féin. Agus cad is fiú do dhuine óg a bheith ag foghlaim faoi chogaí, faoi chinedhíothú, faoi ghorta agus faoi ghéarleanúint san am atá thart - nach leor dúinn a bhfuil againn díobhsan lenár linn féin?

Cad is fiú an stair a mhúineadh in aon chor, máisea? Ní fiú tráithnín é mura n-aithnítear ar dtús an fáth bunúsach atá lena múineadh. Mise mar dhuine, tá mé bréan de bheith ag léamh faoi mo shinsear a bheith bocht ainnis dearóil, iad faoi smacht agus faoi chois "ó fhás go haois is ó aois go bás" ar chúis nó ar chúis eile agus gan le tuairisciú fúthu ach go raibh a bhformhór lúitéasach lústrach ina leith sin dob fhearr as agus ba mhó cumhachta ná iad féin.

Agus go háirithe nuair nárbh í sin an taithí a bhí agam féin den ghlúin a bhí thuas díreach romham - dem athair a bhí 'amuigh' i gCorcaigh Luan Cásca '16; dem sheanmháthair a rad báisín uisce sa draid ar Dhúchrónach a shíl an teach a ransú uirthi; de "Oul' Ned", mo sheanathair a mhair tráth an ghorta mhóir agus a sheas le Ó Néill Daunt agus leis na Fíníní eile teacht na bliana '67.

DEIRIM láithreach nach í an troid a dhein na gaolta san liom is mó is mór agam, ach an mianach agus an tréithiúlacht a bhí iontu féin agus ina macasamhla, an tuiscint a bhí acu do Dhia agus dá gcomharsana agus don ionad a bhí acu i slabhra na beatha a bhí ag síneadh siar go tús an chine dhaonna.

Ba chuid den tréithiúlacht san an fhéinmhuinín agus an neamhspleáchas agus an teacht aniar, an charthanacht (sa chiall is leithne atá ag an bhfocal san) agus an uaisleacht mhéine, maraon leis an gceardaíocht a d'fhág mar oidhreacht againn a leithéid de Bhrú na Bóinne agus Leabhar Ceanannais, gan trácht ar an bhfilíocht ná ar an gceol, agus gan trácht ach an oiread ar na gnáthaithreacha agus na gnáthmháithreacha a raibh mianach coirp agus tréithe croí agus intinne acu nach léir i gcónaí orainn féin an lá atá inniu ann.

Seans gurb é an t-easnamh is mó atá orainne inniu ná easpa aithne i ndáiríre ar an gcine dar díobh sinn, ar na tréithe a tháinig chugainn mar oidhreacht uathu agur ar an dúshlán atá romhainn an méid a fágadh againn a fhorbairt chun gurbh fhearrde san sinn féin agus ár sliocht.

Ní hé múineadh na "staire soisialta" atá i gceist agam ach an gá atá lenár n-aigne a dhéanamh suas faoin aidhm atá le múineadh na staire d'fhonn béim a leagadh ar na gnéithe di is fearr a rachadh chun tairbhe dúinn mar phobal. Muna n-aithnítear an aidhm ní fiú í an iarracht.