Seoda ar nduchais

Beocheist: Ní haon bhréag é a rá - ná, go deimhin, ní haon áibhéil é - go bhfuil an ceantar ina mhairimse "caisleánach" (muran…

Beocheist: Ní haon bhréag é a rá - ná, go deimhin, ní haon áibhéil é - go bhfuil an ceantar ina mhairimse "caisleánach" (muran miste dom an focal a chumadh!).

Tá raidhse seanchaisleán agus mórchuid seanfhoirgneamh eile fágtha againn go fóill, cé go mb'fhéidir nach fada eile a bheidh siad ann, más aon teist í an "fhorbairt" go léir atá ar siúl san áit.

Ar ndóigh, ní hé go gcuirimid mórán spéise iontu sa ghnáthshlí; go deimhin, is beag aird a thugaimid orthu go dtí go gcuireann saineolaí éigin ar ár súile dúinn go bhfuil an ceann seo nó an ceann eile úd "stairiúil" agus gur mhór an buille dár n-oidhreacht é dá ndéanfaí é a leagadh nó dá mbainfí leis ar dhrochbhealach ar bith eile. Is maith an ní é, gan amhras, go bhfuiltear inár measc go bhfuil a leithéid sin d'eolas acu, maraon leis an spiorad agus an fuinneamh leis an lóchrann a lasadh agus an bhratach a chur ag foluain in am na práinne.

Ar ndóigh, is dár n-oidhreacht é gach uile ní a tháinig anuas chugainn ó na glúnta go léir a mhair in Éirinn romhainn - ár dteanga (rud nach léir do gach duine anois, is cosúil), ár gcreideamh, ár gceol, ár ndearcadh ar chúrsaí an tsaoil i gcoitinne, gach dá bhfuil againn agus gach aon tréith dá bhfuil ionainn. Ní fheicim féin, áfach, go dtógtar callán chomh hard ná raic chomh glórach céanna nuair is í an taobh áirithe sin dár n-oidhreacht a bhíonn i mbaol.

READ MORE

Ach filleam ar na foirgnimh. Chomh fada agus a bhaineann liomsa, ní sna clocha, ná sna huirlisí, ná sna giuirléidí eile a fhaightear iontu atá an tábhacht i ndáiríre, ach sa phictiúr a ríomhann siad dúinn den mhuintir óna shíolraíomar agus den chine dar díobh sinn. Ní fhéadfá súil a chaitheamh, mar shampla, ar na tuamaí in abhantrach na Bóinne gan iontas a dhéanamh díobh, ach cad faoi na daoine a chuir an obair i gcrích?

Ba ghnáthdhaoine dár leithéid féin iadsan, fir agus mná nár bhfoláir dóibh lá trom oibre - mura ndeirim lá sclábhaíochta - a chur isteach mura raibh siad le bás a fháil den ocras, dream nár mhór dóibh cruálacht agus buairt an tsaoil a fhulaingt, go díreach faoi mar is gá dúinne a dhéanamh in amanna?

Agus, go deimhin, ní thuigfeadh na hainniseoirí sin go raibh "éacht" á dhéanamh acu agus is dócha nár mhó acu a saothar seachas an dearcadh a bhíonn againne ar an ngnáthobair lae a chuirimidne tharainn anois.

Is chuige atáim ná gur tábhachtaí go mór é an duine ná a shaothar agus nuair a chuimhnímid ar ár n-oidhreacht gurb ar na daoine ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh, ar ár n-aithreacha agus ár seanaithreacha agus ar ár ngaolta is faide siar. Throid beirt rí ag an mBóinn fadó; rug duine díobh an bua (agus an choróin) agus chaith an tarna duine an chuid eile dá shaol ar deoraíocht. Ach cad é sin i dtaca leis na hainniseoirí a maraíodh sa chath, leis na mná a fágadh gan chéile, leis na leanaí a fágadh gan athair nó leis na fir a fágadh leointe gonta briste sa chaoi is nár mhór dóibh a raibh fágtha den saol acu a chaitheamh ina ndéirceoirí dearóla? Go deimhin, dá mba ní é gurbh é toil Dé go mairfimísne an tráth úd gach seans go mbeimis ar shlua san na hainnise.

Bhí aithne agam ar sheanfhear a chuir cor i stair Bhaile Átha Cliath i dtús an 20ú haois, in ainneoin gurbh ar éigean aithne ag mórán daoine air lasmuigh dá chlann féin. Gaol lem bhean chéile ba ea é agus tá sé ar an taobh thall le fada an lá anois, grásta Dé leis. D'inis sé dom - agus é an-mhórálach as - gur oibrigh sé ar thógáil Thithe an Rialtais i Sráid Mhuirfean i mblianta tosaigh an chéid, é ina phríomhfhear adaic ("leading hodman"). Dheineadh sé an dréimire a dhreapadh, an t-adac lán ar a ghuaillí aige agus gan bhróg ar bith ar a chois. Dob fhearr, adúirt sé liom, an greim a bhíodh aige ar na rungaí ná mar a bheadh dá gcaithfeadh sé na bróga.

Agus d'íoctaí sé (sean) phingin mar liúntas breise sa tseachtain leis as an stádas a bhí aige - méid nach fiú tráithnín é in airgead an lae inniu.

Agus bhí lámh thairis sin aige i stair na cathrach chomh maith, mar ropadh isteach i gcarcar Mhointseó é toisc gur chuidigh sé le tram a chur de na ráillí i Sráid Líosain le linn stailc ghinearálta na bliana 1913.

Ní luaim an fear san ach mar shampla amháin de na sluaite Éireannacha gan áireamh a d'imigh romhainn agus lena gcuid iarrachtaí bídeacha a d'fhág againn an oidhreacht a spreagann chun gnímh sinn an chorruair go ndeirtear linn go bhfuil sí i mbaol. Caomhnaímis ár n-oidhreacht go cinnte, ach tuigimis cad díreach an oidhreacht í agus cén chúis atá againn lena cosaint.