Seirbhís eaglasta

BEIDH AN Canónach Gary Hastings i mbun Cheiliúradh na hEocairiste i Séipéal Naomh Seoirse, an séipéal is sine de chuid Eaglais…

BEIDH AN Canónach Gary Hastings i mbun Cheiliúradh na hEocairiste i Séipéal Naomh Seoirse, an séipéal is sine de chuid Eaglais na hÉireann i mBéal Feirste, Dé Domhnaigh, ag 7pm.

Lucht an pharóiste féin a mhol an ócáid a reáchtáil san eaglais ar an tSráid Ard an chéad lá riamh, a dúirt an tUrramach Brian Stewart. Chuir sé féin fáilte “roimh an tseirbhís álainn in Eaglais Naomh Seoirse, áit a bhfuil doras oscailte ann i gcroílár na cathrach, agus áit suaimhnis ann do mhuintir Bhéal Feirste. Tá clú orainn maidir leis an bhfáilte a chuirtear roimh gach éinne sa séipéal seo”.

Thiocfadh dó go mbeadh seirbhís Ghaeilge mar chuid de thraidisiún úr acu, a dúirt sé, agus chuirfeadh pobal Naomh Seoirse fearadh na fáilte roimh gach aon duine Dé Domhnaigh.