Saol an scolaire

Beocheist: An bhfuil an tiarna talún chun geábh a thabhairt orainn arís? An mbeimid díshealbhaithe? B'fhéidir go n-úsáidfeadh…

Beocheist: An bhfuil an tiarna talún chun geábh a thabhairt orainn arís? An mbeimid díshealbhaithe? B'fhéidir go n-úsáidfeadh sé an reithe cogaidh orainn, tionóntaithe tuaithe sinne, nua-thagtha chun na cathrach.

Tháinig sé. Sheas sé os mo chomhair, fear le dath na gréine ar a ghnúis agus culaith línéadach air.

Thaispeánas dó go raibh scoilt in adhmad na leapa agus nach raibh an teas ag obair. Bhailigh sé leis, ach bail ó Dhia air, bhraitheas go breá teolaí tar éis míosa.

Thóg sé tamall ach dúirt an créatúr go raibh sé fíordheacair teacht ar phluiméir an t-am seo den bhliain. Sure nach raibh coinnle againn...

READ MORE

Ar an nguthán dúirt Mr Tiarna Talún linn, an chéad uair a bhíos i dteagmháil leis, an praghas. Is í an tslí ina n-oibríonn rudaí i mBaile Átha Cliath ná go n-ardaítear an praghas nuair a bhuaileann tú leis an tiarna go pearsanta, fé €50.

I gcomparáid leis an gcéad árasán a bhí agam an bhliain roimhe, bhí cuma an pháláis, faraor, ar an áit nua.

Sa chéad lóistín bhraithfeadh an cúigiú cuairteoir míchompordach: ceithre fhorc; ceithre sheanscian; ceithre phláta éadroma; ceithre ghloine ghránna; tolg gorm garbh; bosca bruscair; seilf; pan friochta agus rud éigean eile... ní hea, gabh mo leithscéal, sin sin. Bhraitheas te i m'árasán nua de bharr dath buí na bhfallaí seachas na fallaí bána cliniciúla a bhí i mo thimpeall an bhliain roimis.

D'fhágas an rothar taobh amuigh den doras dubh. Gan amhras, goideadh é. Ní ghlaotar Ráth Garbh ar an áit, gan chúis a chairde. Thángas ar an rothar, le ríméad! B'fhéidir gur shíolraigh an logainm Ráth ó Roth Ádh... Ar an diallait liom, leanas an raon rothar chomh fada le Tescos i Ráth Maoinis.

Fáscaithe sa scuaine mé, shocraíos na sé tháirge ar an gcuntar gluaiseachta. Bhí an chuma chéanna ar gach táirge sa chiseán plaisteach agam. Bán ba ea an príomhdhath le feiscint ar na táirgí le líne leadránach leanúnach ag sníomh trasna orthu go léir. Tesco Processed Peas, sa bhliain 2004 ar 19 cent! Bosca bán le líne dhearg le Krunchy Korn Flakes breactha i gcló dearg €2.75, bíp, bullóg aráin bháin le plaisteach gléineach á chlúdach le Tesco scríte as dearg, 43 cent, bíp, Tesco Pasta Sauce istigh i bpróca gloine le lipéad donn, bíp, Tesco Quality Ham, bíp agus Tesco Luxury Shampoo, bíp.

D'fhágas na lipéidí galánta mar Kellogs, Pat The Baker, Colgate, Panténe agus Heinz, chun féachaint ar a chéile ar na seilfeanna do mhuintir maoine Ráth Maoinis. Gan ghlacadh leis an mála gléineach ar 15 cent, sháigh mé na rudaí isteach i mo mhála droma scoile ag brú mo chuid nótaí ón léacht dheireanach siar ionas spás a chreathú.

Chroitheas mo chuid eochracha agus shiúlas go gluaisteán agus ansan taobh thiar chuig mo rothairín. Scaoileas an glas. Bhíos os comhair oibrí an bhainc chun seic a chur i dtaisce ann.

Dhún an fear sábháilte, é gléasta i gculaith fhoirmiúil ghorm, an doras agus mé ag fágaint toisc gur mise an duine deireanach. Shiúlas chuig an Banklink chun a thuilleadh airgid a thógaint amach toisc go raibh mo chuid acmhainní imithe ó mo sheal i Tescos.

M'uimhir phearsanta glactha, níor theastaigh an duillín faisnéise uaim toisc nach raibh fonn orm féachaint ar an tsuim shuarach a bhí fágtha i mo chuntas. Léim fógra aníos ar an scáthlán dorcha ag cur in iúl go raibh acmhainní easnamhacha agam.

Bhuail clog Ráth Maoinis ag fógairt gurbh é a ceathair a chlog é. Dé hAoine, a ceathair a chlog, agus an banc dúnta. Stop mé duine d'es na hoibrithe agus iad ag imeacht leo óna gcuid oibre. Mhínigh sí nach mbíonn seic a chuirtear i dtaisce cláraithe i gcóir dhá lá oibre. Lean an torann go toirniúil, an bháisteach ag titim anuas go trom orm. Ní bheadh airgead agam go dtí...an Mháirt.

Mo dheartháir! Sea, ní fhaca le fada é... "Cad n' thaobh go bhfuil tú ar an taobh seo den chathair?" a d'fhiafraigh sé díom agus mé ag tabhairt barróg dó. Ní raibh aon rud uaim seachas fáil amach conas atá a shaol agus labhairt leis.

An t-airgead i mo sheilbh, an tseacláid ite, bhailíos liom go breá bríomhar. B'fhéidir gur sin an spreagadh atá ag teastáil ionas dul chun cinn maith a dhéanamh san ollscoil. Táimse chun díriú ar mo chúrsa staire, foghlaim fé na tiontaithe agus na tiarnaí talún fadó, chun mo chéim staire a fháil ionas nach mbeidse mar thionónta teanntaithe ar feadh mo shaoil.

Is mac léinn ar UCD í Rachel Ní Fhionnáin