Reabhloid na mbainisteoiri sa Tuaisceart

Bíonn na fógraí poist ar an Irish News Déardaoin

Bíonn na fógraí poist ar an Irish News Déardaoin. Agus mé i m'fhochéimí breis agus 20 bliain ó shin i mBéal Feirste, is beag post a bhí ar fáil do lucht na Gaeilge. Ní raibh de phostanna ann ach postanna múinteoireachta.

Is í earnáil an oideachais an earnáil is mó fás go fóill. An tseachtain seo caite, bhí meánscoileanna Béarla ar lorg múinteoirí Gaeilge agus bhí Comhairle na Gaelscolaíochta ar lorg dornán múinteoirí do ghaelscoileanna. Fógraíodh post mar léachtóir sa Ghaeilge agus sa Léann Ceilteach ar Ollscoil Uladh agus post eile mar chomhordaitheoir naíscoile.

Bhí postanna suimiúla eile ag dul do dhaoine a raibh Gaeilge acu, ámh. Fógraíodh, faoi dheireadh agus faoi dheoidh, post Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Tuarastal €116,362 atá ag dul don phost agus beidh an té a cheapfar lonnaithe i mBaile Átha Cliath, an ráiteas is poiblí agus is oifigiúla a thugann le fios go bhfuil deireadh leis an dílárú.

READ MORE

Fógraíodh post spéisiúil eile - i nGaeilge amháin. Tá an Irish News ar lorg fheidhmeannach dhíolachán fógraíochta.

Tuarastal bunúsach idir £15,000 agus £17,000 atá ag dul leis seo. Is ag obair do leathanaigh Ghaeilge an pháipéir, An tEolas, a bheidh an té a cheapfar. Is é rud is suntasaí faoin phost seo gur léiriú eile é ar an fhorbairt mhór atá déanta ag an Irish News ar sholáthar na Gaeilge agus a rún leanstan den fhorbairt sin.

Mura leor sin, bhí an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ar lorg iarrthóirí dá scéim traenála le hoiliúint ghairmiúil a fháil i scileanna léiriúcháin teilifíse.

Mar sin de, ní hé amháin go bhfuil postanna den chuid is fearr le fáil ach tá deiseanna traenála ann do dhaoine fosta. Is mór idir inniu agus inné gan amhras cé nach dtuigfeá sin in amanna.

Maireann béalastáin na bolscaireachta, a mbéal bocht agus tuairimí leathchoganta 'réabhlóideacha' go fóill. Ach 'réabhlóid' bainisteoirí agus feidhmeannach atá ar siúl sa Tuaisceart; éirí amach é seo a bhraitheann ar dhaoine le cáilíochtaí agus le carbhat.

Viva an Réabhlóid - agus cén scála tuarastail atá ag dul léi?