'Poblacht solais'

Mhol uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox, a raibh bainte amach ag an ionad gnó lán-Ghaeilge FIONTAR, agus é ar cuairt acu…

Mhol uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox, a raibh bainte amach ag an ionad gnó lán-Ghaeilge FIONTAR, agus é ar cuairt acu i mBaile Átha Cliath inné.

Ag caint leis an fhoireann agus le mic léinn ar ócáid dheichiú bliain an aonaid, dúirt sé:

"D'athraigh bunú Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus go háirithe bunú Fiontar aeráid na hollscolaíochta in Éirinn.

"Luaitear go háirithe na gnéithe feidhmeacha de na cláir léinn, úsáid na nuatheicneolaíochtaí cumarsáide, agus an idirdhisciplíneacht mar atá i bhFiontar go sainiúil.

READ MORE

"Bhí Fiontar riamh ó thús, nuálaíoch, cruthaitheach agus ar ardchaighdeán."

Ba theanga gan chumhacht fhollasach shaolta í an Ghaeilge, a dúirt sé "ach má nasctar breisluachanna léi, mar a dhéanfaí le géag luachmhar seanchrainn, féadfaidh sí bheith ina huirlis athfháis. Is féidir é seo a bhaint amach tríd an idirspleáchas, agus disciplín idirspleách ina chroílár is ea Fiontar."

Mhol sé an t-aonad gnó féin mar thoradh "ar shlí shuntasach ... ar mhachnamh agus ar smaointeoireacht na hathbheochana cultúrtha, más i ndeireadh a ré tionchair ar fad a bunaíodh é..."

Ba mhór an difear idir Éirinn a óige agus Éire de chuid an Aontais Eorpaigh: " 'Poblacht na hoíche' a thug an file Seán Ó Ríordáin ina dhán 'Claustrophobia' ar a chruatan pearsanta féin, agus is samhail fhoirfe í den chineál sochaí inar fhás mé féin aníos i gcaitheamh na tréimhse sin roimh bhallraíocht san Aontas Eorpach.

"In áit aigne chlástrafóibeach, tá meon fuascailte, oscailte amach i dtreo an tsaoil mhóir."

Bhain mic léinn óga an chúrsa "le poblacht solais, seachas ceann na hoíche úd ".