Na heagrais Ghaeilge idir dha cheann na meastachan

Idir dhá cheann na meastachán atá cláir oibre Fhoras na Gaeilge agus na n-eagras Gaeilge a mhaoinítear as ciste an Fhorais i …

Idir dhá cheann na meastachán atá cláir oibre Fhoras na Gaeilge agus na n-eagras Gaeilge a mhaoinítear as ciste an Fhorais i ndiaidh gur fhógair an tAire Airgeadais Charlie McCreevy a chiorruithe i Leabhar na Meastachán Déardaoin seo caite.

In 2002 fuair an Foras Teanga - an t-eagras trasteorann atá freagrach as an dá bhord Ghaeilge agus Ultaise - fuair sé deontas €14 milliún. D'fhógair an Rialtas gur €12,416,000 a gheobhadh an Foras Teanga don bhliain 2003. Is gearradh siar 11 faoin gcéad é sin.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais go mbeadh orthu "breathnú ar an chlár oibre don bhliain seo chugainn agus cinnithí a dhéanamh ar cad is féidir a dhéanamh agus cad nach féidir a dhéanamh".

Ó tharla nach bhfuil clár oibre an Fhorais i gcló, ní thiocfadh leis an urlabhraí a rá cén tograí nó eagras a bheadh thíos leis an ghearradh siar.

READ MORE

Gan amhras, is gonc é an gearradh siar ar chaitheachas an Fhorais. Ach is nimheanta arís é mar ghonc nuair a chuirtear san áireamh go raibh Foras na Gaeilge ar lorg buiséid €26 milliún lena bplean forbartha a chur i gcrích.

Agus go fiú is nach bhfuil an plean i gcló, ní doiligh a fheiceáil gur sonc ollmhór do chúrsaí an Fhorais í gan an leath féin den bhuiséad bheith ar fáil dóibh.

Agus an plean céanna á phlé ag an Fhoras roimhe seo, dúirt siad go raibh "cás maith" déanta acu ar son ardaithe shuntasaigh. Tá cluas bhodhar tugtha ag an Rialtas don chás maith sin.

I bpreasráiteas, thug an tAire Éamon Ó Cuív sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, le fios go raibh "aiféaltas air go raibh gá leis an leithdháileadh don Fhoras Teanga a laghdú ach go gcaithfí é sin a chur i gcomhthéacs an mhéadaithe ollmhóir ar chaiteachas ar an bhForas Teanga le blianta anuas". Bhí sé "muiníneach" go mbeadh an Foras in ann leanúint de chlár iomlán oibre a chur i gcrích.

Ní raibh an mhuinín chéanna le mothú, ámh, i measc na n-eagras a mhaoinítear as ciste an Fhorais. Dúirt Leas-Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh, gur ábhar buartha a bhí sna ciorruithe do gach eagras deonach.

"Tá imní ar na heagraíochtaí deonacha atá ag brath ar an Fhoras. Is ag iarraidh forbairt atá siad. D'fhéadfadh sé nach mbeadh an deis sin acu. Tá imní orainn don todhchaí," ar seisean.

Bhí an port ceannann céanna ag Riarthóir Chonradh na Gaeilge, Aoife Ní Scolaí. Bhí "faitíos orainn go mbeadh bac le forbairt. Tá tuilleadh airgid de dhíth le forbairt a dhéanamh." Dúirt sí go raibh gnáthdheontas an eagrais "fíoríseal d'eagras náisiúnta".

Bhí oifigí forbartha ag an Chonradh timpeall na tíre in áiteanna ar nós an Chláir, Mhaigh Eo, Oirthear na Gaillimhe agus Luimneach. Gan tacaíocht cheart airgid, ní thiocfadh leis an Chonradh iad a riar mar a ba mhian leo. "Is í an éiginnteacht an rud is measa," a dúirt sí. Bhí an aeráid "an-ghruama."

Dúirt leas-cheannasaí TG4, Pádraic Ó Ciardha, go raibh "díomá orainn" faoi na ciorruithe. Laghdú a bhí ann agus bheadh tionchar ag an laghdú sin ar an tseirbhís a chuireann an stáisiún ar fáil. Bhí moladh tugtha ag airí Rialtais agus ag an Taoiseach féin don stáisiún ach mura gcuirfí "maoiniú sásúil leanúnach" ar fáil, bheadh impleachtaí ann do chaighdeán TG4.

Chuirfeadh an laghdú 22 faoin gcéad a rinneadh ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta "pian áirithe" orthu, a dúirt a Leas-PhríomhFheidhmeannach, Pádraig Ó hAoláin. Faoin Údarás a bhí sé an phian sin a roinnt oiread agus a thiocfadh leo tríd na ceantair ar fad.

Bhí solúbthacht áirithe acu sa mhéid is go raibh comhráite ar siúl ag an Údarás féacháil le cuid de na monarchana agus foirgnimh a bhí ina seilbh a dhíol. Chuirfeadh an "punann ollmhór sócmhainní" acmhainn bhreise ar fáil.

Bheadh "brú mór" orthu chomh fada agus a bhain sé le hairgead reatha. Ba as an chiste sin a íocadh cúrsaí comharchumainn agus cláir fhorbartha pobail agus teanga. Bhí dóchas ag Ó hAoláin, mar sin féin, go leanfaí de na cláir sin "go fuinniúil".

DÚIRT an tAire Ó Cuív go raibh impleachtaí sna meastacháin do chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge. Bheadh cinntí deacra le glacadh agus tosaíochtaí soiléire le leagadh síos ag an Roinn.

Bhí dea-scéal áirithe le fáil sna meastacháin. Bhí beagnach €77 milliún curtha ar fáil don Rannán Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán sa Roinn. B'fhianaise í sin "ar thiomantas leanúnach an Rialtais i leith bonneagar sna ceantair Ghaeltachta agus sna hOileáin".

Bhí soláthar breise de thart ar €1 milliún ar fáil do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialta sa Ghaeltacht agus bhí Ciste na Gaeilge, ciste teanga na Roinne féin, ardaithe 8 faoin gcéad go €2.4 milliún.

Is léir nach í an Roinn amháin a bheidh ag déanamh cinntí deacra, áfach. Measann eagrais eile go mbeidh roghanna crua rompu.