Na focail a bhi

An Peann Coitianta: Bhí sé thar am an seanfhoclóir dátheangach a dhíbirt

An Peann Coitianta: Bhí sé thar am an seanfhoclóir dátheangach a dhíbirt. Bhíos éirithe ceanúil air i gcaitheamh na mblianta, mar a bheifeá ceanúil ar ghadhar sa chúinne. É riamh ann.

Bóthar déanta againn i dteannta a chéile. D'inseodh sé duit conas a bhís féin ach dul chuige. Ba chuid dem bhéasa tí féin a chuid ciútaí, na sceamhanna, a cheann faoi, ach bhí sé éirithe chomh clamhach le seanliathróid leadóige. Gan aon aird aige ar an saol leictreonach, ach é fréamhaithe i réimeanna réamh-chibéarspáis. Gan aon bheann aige ar an aclaíocht nua le 20 bliain atá déanta ag an dá theanga.

Díbríodh an seanfhoclóir go tigh altramais na seanfhoclóirí, mar a mbíonn siad ag babhtáil jócanna faoi fhocail a bhí. An chuid acu a bhfanann aon chuimhne acu ar fhocail. Guím biseach fada air. Fad saoil an ghadhair a bhíonn ag foclóirí dátheangacha.

Seo chugam isteach m'fhoclóir nua féitheogach Oxford Hachette, é lán de mhatáin an té a bheadh ar stéaróidigh "reflecting the rapid changes in language and culture of the last few years".

READ MORE

Ní mór dúinn dul i dtaithí ar a chéile. "A bilingual dictionary should also serve as a guide to communication between two languages and cultures". Níl cuing aon seanchaidrimh ar Oxford Hachette "and so is able to provide a truly fresh and contemporary description of the relationship between French and English".

Tá Oxford Hachette bunaithe ar chorpas focal atá stóráilte i bhfoirm leictreonach ar ríomhaire, bunachair úsáide d'ábhar labhartha agus tras-scríofa - leabhair, nuachtáin, ailt, litreacha, bileoga, paimfléidí, léachtanna agus páipéirí plé, téipeanna fuaime agus físe.

Tá 15,000 líne chomhréire sa chorpas don bhfocal 'measure' amháin sa bhunachar, mar shampla, breis bheag agus colún amháin leathanaigh as na trí cinn ar aon leathanach amháin den fhoclóir críochnaithe. Cruthaíonn na háiseanna leictreonacha breis foinsí agus breis oibre. Agus breis chríochnúlachta ní foláir.

Tá an foclóir leagtha amach go soiléir, na ceannfhocail agus a mbríonna forlíontacha sa dá theanga i dtosach, agus ar aghaidh uaidh sin. Sásamh iomlán is ea é - faoiseamh - focal a lorg, a bhrí a fháil sa chomhthéacs ceart, agus sampla dá úsáid a lorg más cuí. Tá sé ann!

Ní foláir nó braitheann ceardaithe an bunriachtanas céanna nuair a leagann siad lámh ar an uirlis cheart. Nó, seans nach gcuimhníonn siad in ao'chor air, ach glacadh leis go mbeidh sé ann ach é a lorg chun a gcuid ceardaíochta a chleachtadh.

Is masachas ó bhonn é a bheith ag plé leis an ngníomh céanna Béarla Gaeilge. Léiríonn Foclóir Parlaiminte gur féidir an obair a chur i gcrích go slachtmhar, críochnúil, más fráma teoranta féin é sa chás úd.

I gcás Oxford Hachette tá fuinneoga sna leathanaigh ó am go chéile a bhaineann le cineálacha áirithe focal atá ar aon dul, ar nós ainmneacha tíortha, teangacha, téarmaí dathanna, laethanta na seachtaine, agus soláthraíonn siad nathanna agus struchtúir chun plé a dhéanamh ar théamaí éagsúla, aois, dátaí, am, agus tomhaiseanna faid agus leithid.

Lena chois sin, tá nótaí ar na briathra, ar réamhfhocail, ar nósanna agus institiúidí cultúrtha, agus tá treoirlínte agus teampláidí ann ar an gcumarsáid laethúil agus ócáidiúil idir an dá theanga: litreacha, comhfhreagras pearsanta, fógraí, socruithe saoire agus gnó. Gné bhunúsach de seo é an comhfhreagras ríomhphoist agus Idirlín.

MAR thaca leis an bhfoclóir foilsithe tá foinse Idirlín agus CD-ROM ag Oxford Hachette. Is é an leathanach páipéir i gcónaí mo chéad rogha féin. Is maith liom spás aimsire a thabhairt d'fhocail lonnú, nó ligint d'fhocail a bheadh ar m'eolas ach a mbeadh caitheamh déanta acu fréamhú as an nua.

Fós fhéin, más cumarsáid theicniúil atá ar bun idir dhá theanga, bíonn an áis leictreonach à point, mar a deirtear. Tá Oxford Hachette dírithe go sonrach ar aistritheoirí idir dhá theanga.

Agus na tairiscintí ar an gcéad chéim theicniúil den tionscnamh foclóireachta Béarla Gaeilge á mbreithniú, saothar eiseamláireach é Oxford Hachette. Is é sin, má fuarthas tairiscintí ar bith le dealramh.

Is léir áfach, nach leor na socruithe teicniúla a dhéanamh iontu féin gan an tionscnamh iomlán a dhearadh - cur chuige eagarthóireachta, pleanáil an fhoclóra féin etc - ón uair go bhfuil an struchtúr leictreonach agus an cur chuige eagarthóireachta ag brath go hiomlán ar a chéile.

Is é sin le rá, gurb é an polasaí eagarthóireachta a dheimhníonn an struchtúr leictreonach, seachas a mhalairt.