Leabhair Life

TÁ DHÁ leabhar nua i gcló ag Cois Life a dhéanann freastal ar léitheoirí éagsúla

TÁ DHÁ leabhar nua i gcló ag Cois Life a dhéanann freastal ar léitheoirí éagsúla. Cnuasach gearrscéalta leis an iriseoir, Alex Hijmans, atá ann mar Gonta (€14). “Gonta” sa chéill “cneácha” atá i gceist agus is scéalta iad nach bhfuil ar dhóigh ar bith bog.

Tugann Hijmans aghaidh ar eachtraí brúidiúla uirbeacha sa Bhrasaíl – mar a bhfuil cónaí air – agus baineann sé geit as an léitheoir lena chur chuige cliste, idir chaint agus imeachtaí, agus leis an fhoréigean a chastar ar a chuid carachtar.

Tuairiscí lán croí ó dhomhan eile atá sna scéalta ina léiríonn Hijmans comhbhá le daoine atá faoi chois agus gan chumhacht. Beidh caint ar “Buzú”, “Dréimire na cumhachta” agus “Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin” go ceann tamaill.

Úrscéal eachtrúil do léitheoirí san aoisghrúpa 12-15 atá ann mar Tóraíocht Taisce (€8) le Mícheál Ó Ruairc – údar, ar nós Hijmans, a scríobhann don nuachtán seo anois agus arís.

READ MORE

Baineann déagóir óg, Peadar Mac Ionraic, scoláireacht le freastal ar choláiste samhraidh ach ní taisce an léinn amháin a bhíonn i gceist leis an samhradh ach taisce de chineál eile ar fad – agus taisce chontúirteach. Tá an scéal scríofa go soiléir agus tá gluais leis don déagóir gan foclóir.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times