Lance an locha

TÓG AR TG4 é agus a gclúdach breá beo ar an Tour de France mí Iúil

TÓG AR TG4 é agus a gclúdach breá beo ar an Tour de France mí Iúil. Bhí mé seachtain sa Fhrainc nuair a cuireadh ceann ar an tour agus in Éirinn nuair a cuireadh críoch leis. Bím féin ag rothaíocht – laoch deireadh seachtaine – agus is pléisiúrtha an caitheamh aimsire é.

Níl a fhios agam cén taom a bhuail mé ach i ndiaidh dom bheith ag amharc ar Alberto Contador agus a chomhluadar, shocraigh mé go dtabharfainn dúshlán na seancholainne seo agus páirt a ghlacadh in Lap the Lough, sportif rothaíochta bliantúil ina dtéann rothaithe thart ar Loch nEathach.

Leoga, ba mhór an spreagadh é bheith ag amharc ar Lance Armstrong agus é páirteach i gCamchuairt na hÉireann an tseachtain seo féin.

Ní bheidh sa tour s’agamsa – Lance an Locha – ach 140 ciliméadar agus beidh deis agam stopadh fá choinne lóin le linn an chúrsa agus mé ag rothaíocht tríd Ard Mhacha, Tír Eoghain, Dhoire, Aontroim agus an Dún.

READ MORE

(Do bharúil, an fear mór ceapairí liamháis é Lance Armstrong?)

Tá an rothar réidh agus an traenáil déanta. Is é an imní is mó atá orm, ámh, gur rothaí an-fhadálach mé. Thiocfadh le Armstrong 140 ciliméadar a dhéanamh gan stró agus bhí peloton Chamchuairt na hÉireann ag taisteal ag 70 ciliméadar san uair ar ócáidí.

Is ar éigean go dtig liom féin 20 ciliméadar san uair a bhaint amach agus tá eagla ormsa go mbeidh níos mó ná lá amháin de dhíth leis an chúrsa a chríochnú.

Mura mbíonn colún ar bith ann ar an tseachtain seo chugainn, beidh a fhios agat cad chuige.