Lá eolais

BEIDH CONRADH na Gaeilge agus an grúpa Guth na Gaeltachta i mbun lá stocaireachta agus eolais in Óstán Buswell, Baile Átha Cliath…

BEIDH CONRADH na Gaeilge agus an grúpa Guth na Gaeltachta i mbun lá stocaireachta agus eolais in Óstán Buswell, Baile Átha Cliath, inniu. Is é is cuspóir leis an lá deis a thabhairt do pholaiteoirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le vótóirí as a ndáilcheantar féin.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go mbeadh ionadaithe ó gach aoisghrúpa agus ó gach ceantar Gaeltachta i láthair.

Ba léiriú é an ócáid go raibh “pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, idir óg agus aosta, aontaithe” in éadan mholtaí Thuarascáil Mhic Cárthaigh.

Lena chois sin, chuirfeadh lucht na Gaeilge a dtuairimí faoin faoi straitéis 20 bliain an Rialtais in iúl.