Guth Gaeltachta

BA DHOILIGH gan suntas a thabhairt do fheachtas Ghuth na Gaeltachta in Óstán Mount Errigal i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall…

BA DHOILIGH gan suntas a thabhairt do fheachtas Ghuth na Gaeltachta in Óstán Mount Errigal i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, mar a raibh formhór imeachtaí an Oireachtais ar siúl an deireadh seachtaine seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Bhí bileoga á scaipeadh, páistí ag rith thart le balúin agus meirgí le lógó an fheachtais ar crochadh ar na ballaí.

Feachtas in aghaidh na gciorraithe sin i dTuarascail Mhic Cárthaigh a bhaineann le Gaeilge agus leis an Ghaeltacht atá ann agus is iad na ciorraithe sin is mó a bhí faoi chaibidil ag an seimineár, An Ghaeilge: an Fiche Bliain Romhainna d'eagraigh Conradh na Gaeilge maidin Dé Sathairn.

An Coimisinéir Teanga, Sean Ó Cuirreáin, a bhí sa chathaoir agus bhí Aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív, uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fheargusa, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais agus oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aodhan Ó Dea, mar aoichainteoirí ann.

READ MORE

Mac Niallais is faide a labhair. Chuir sé síos ar na cúiseanna a bhí ag muintir Ghaoth Dobhair le tús a chur lena bhfeachtas mí Lúnasa seo caite.

Tar éis dó anailís a dhéanamh ar Thuarascáil Mhic Cárthaigh bhí oibrithe amach aige go raibh gearradh siar 9.4 faoin gcéad ar an mheán á mholadh sa tuarascáil do na ranna rialtais le chéile ach go raibh 32 faoin gcéad le déanamh ar bhuiséad an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus, laistigh den Roinn sin, gur bhain 58 faoin gcéad de na ciorraithe le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.

Ghlac siad leis go gcaithfeadh ciorraithe bheith ann ach shíl siad gur léirigh moltaí Mhic Cárthaigh nach raibh luach ar bith ar an Ghaeltacht.

In áit na mná tí agus dreamanna eile bheith dul i mbun feachtas dá gcuid féin bheartaigh siad feachtas láidir aontaithe a thosú agus iad ag súil go bhfaigheadh siad tacaíocht ó na Gaeltachtaí eile agus ó chomhairlí contae agus ionadaithe pobail ar fud an Stáit roimh an cháinaisnéis i mí na Nollag.

Tá tacaíocht geallta cheana ag Comhairle Chontae Dhún na nGall, ag polaiteoirí agus eagrais éagsúla a bhfuil a n-ainmneacha le feiceáil ar shuíomh Idirlín an fheachtais, www.guthnag.com. Tá cúig éileamh ag Guth na Gaeltachta, arbh é an chéad cheann go gcoinneofaí Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht aire sinsireach.

Léirigh Guth na Gaeltachta an dea-eagar a bhí orthu nuair a seoladh an feachtas go hoifigiúil. Bhí buíon ceoltóirí óga agus cór daoine fásta, gléasta i t-léinte an fheachtais i mbun ceoil.

Ba léir ón scaifte mór a bhí i láthair go raibh tacaíocht láidir ag ag an fheachtas cheana féin.

Is beag a bhí le rá ag Ó Cuív faoi mholtaí Mhic Cárthaigh. Bhí a chuid cainte dírithe don chuid is mó ar straitéis 20 bliain an Rialtais a bhí le foilsiú roimh dheireadh na bliana agus na pleananna a bhí ann chun cuidiú leis an phobal, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge bheith mar ghnáth-theanga labhartha. 250,000 cainteoir cumasach i gcionn 20 bliain an sprioc a bhí acu.

Dúirt sé go mbeadh "athrú mór ar shainmhíniú na Gaeltachta" agus mar fhreagra ar cheist ó Dhonnchadh Ó hÉallaithe faoi theorainneacha na Gaeltachta dúirt sé nach mbeadh aitheantas Gaeltachta ag ceantar ar bith a mbeadh labhairt na Gaeilge ag níos lú ná seacht faoin gcéad den phobal ann.

Beidh plean ar leith ann chun cuidiú leis na Gaeltachtaí laga. Bhí Ó hÉallaithe in amhras, áfach, go mbeadh sé de mhisneach ag Ó Cuív athrú ar bith a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta.