Granta agus an gearrscéal Gaeilge - nó ganntanas gearrscéil Ghaeilge

BEOCHEIST: DEIR ANNE Enright sa réamhrá atá aici leis an Granta Book of the Irish Short Story , a foilsíodh le deireanas, “if…

BEOCHEIST:DEIR ANNE Enright sa réamhrá atá aici leis an Granta Book of the Irish Short Story, a foilsíodh le deireanas, "if the short story is a national form it did not seem to flourish in the national language of Irish, where all the excitement, for me at least, was in the poetry". (Cuireadh réamhrá Granta i gcló san Irish Times30ú Deireadh Fómhair 2010.)

Braithim “orientalism”, mar a thug Edward Said air, sa ráiteas sin – gur féidir do rogha rud a rá faoin dream aisteach eile sin, gur chuma faoin bhfírinne má deir tú rud deas a léiríonn go bhfuil beagáinín cur amach agat orthu agus bá agat le rud éigin a bhaineann leo, uasal ag déanamh cineál cúiteamh aineolach le híseal.

Ní dóigh liom go nglacfadh múinteoir Béarla leis an ráiteas sin ag Enright in aiste mar ní ionann a rá gur shíl tú féin corraí a bheith ag baint leis an bhfilíocht agus nárbh ann don ngearrscéalaíocht, ná go deimhin nach raibh bríomhaireacht agus bisiúlacht ag baint léi ach an oiread.

Is í an fhírinne dar ndóigh, ó thús an chéid seo caite nuair a foilsíodh The Untilled Field(1903) le George Moore agus Gearrscéalta an Phiarsaigh(1908), Dublinersle James Joyce i 1914 an bhliain chéanna leis An Chéad Chlochle Pádraig Ó Conaire, gur bhláthaigh foirm seo an ghearrscéil sa dá theanga.

READ MORE

31 scríbhneoir agus scéal an duine acu atá i gcnuasach Granta, aithne níos fearr ar chuid acu ná ar a chéile agus na gnáthcheisteanna sna léirmheasanna faoi rogha an eagarthóra ó thaobh scríbhneoirí agus rogha scéalta de.

An ráiteas místuama sin faoin ngearrscéal i nGaeilge, meastú ar eascair sé as an gcinneadh cloí le scéalta a scríobhadh i mBéarla? Bhí dhá rogha aici agus an cinneadh intuigthe sin déanta, gan tagairt a dhéanamh don nGaeilge ar chor ar bith, é sin nó a thabhairt le fios go bhféadfaí gearrscéalaí Gaeilge a chur le hais gach duine de gearrscéalaithe Béarla chnuasach Granta.

Gan tagairt a dhéanamh ach do na scríbhneoirí is fearr aithne orthu i gceachtar den dá theanga, le hais nó chun cinn ar Frank O'Connor bheadh Máirtín Ó Cadhain; le hais Sheán O'Faoláin bheadh Liam Ó Flaithearta (beirt mar a tharlaíonn sé a scríobh tamall sa dá theanga); le hais John McGahern chuirfinn Seán Mac Mathúna, a rinne leaganacha Béarla de chuid de na scéalta is fearr leis, a foilsíodh mar The Atheist and other Stories, atá as cló faraor, agus gur mór an trua nár roghnaíodh ceann acu do chnuasach Granta; do Cholm Tóibín tá Mícheál Ó Conghaile agus mar sin de.

B’fhéidir nach ar Enright ba cheart an milleán ar fad a chur áfach, faoin tuairim sin aici gur sa bhfilíocht atá an spleodar.

Ní insíonn sí dúinn an i nGaeilge nó in aistriúcháin Bhéarla a léigh sí an fhilíocht, ach ó chuirtear Béarla ar i bhfad níos mó den bhfilíocht is mó an cur amach atá uirthi ná ar an bprós.

Ó thaobh dul i bhfeidhm ar dhaoine de, tá buntáistí eile ag an bhfilíocht, an bealach ina bhfanann leath rann fánach anseo is ansiúd linn ón scoil agus cuid acu seo ar an mbeagán Gaeilge a bheadh ag roinnt daoine – istigh i lár The Gatheringle Enright féin tá an chéad dá líne as Cúl an Tí– agus rud eile fós, an claonadh atá ag filí teacht le chéile agus iad féin a chur os comhair an phobail mar ghrúpa. Filí Innti, Filí (Béarla) an Tuaiscirt agus anois na Filí Úra.

Ag machnamh dom air seo, beireann líne as dialann thuaithe Dhiarmuid Ó Gráinne, Ó Rinn go Sáil(Coiscéim, 2010) greim orm: "Tá níos mó filíochta i gCiumhais an Chriathraigh ná mar atá i nua-fhilíocht na Gaeilge fré chéile."

Agus leabhair rí-thaitneamhach Ó Gráinne léite agam, tógaim anuas den tseilf Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca(An Clóchomhar, 1969) agus éistim arís le briathra Dé:

“Staid bhagrach, drochthuar é, an iomarca tóir a bheith ar fhilíocht le hais an phróis… Is fusa liric dheas neamhurchóideach ocht líne a chuma anois agus arís, ná aiste, úrscéal ná fiú gearrscéal féin a scríobh ... Sé an prós tathán, coincréad, clocha saoirsinne an tsaoil.”

Tharlódh gur aonaránaí, gur crúógaí agus gur moille ag teacht in inmhe na scríbhneoirí próis, gurbh iad seachas lucht scríofa liricí gearra a thagann i ngiorracht léiriú a dhéanamh ar an saol ina iomláine, agus in ainneoin imní an Chadhnaigh agus míthuiscint Enright, ní léir go bhfuil deireadh tagtha fós lena saothair.