Gradaim liteartha

Fógraíodh duaiseanna liteartha Oireachtas na Gaeilge ar ócáid i mBaile Átha Cliath aréir

Fógraíodh duaiseanna liteartha Oireachtas na Gaeilge ar ócáid i mBaile Átha Cliath aréir. Bhain an scríbhneoir Tomás Mac Síomóin an chéad áit sa chomórtas d'úrscéal sa rannóg Ficsean Liteartha lena shaothar, An Tionscadal. €5,000 atá ag dul dó as a éacht.

Bhain scríbhneoir aitheanta eile, Anna Heussaff, an chéad duais de €3,000 i bhficsean do dhaoine óga (9/10-12 bliain d'aois) le Vortex (Cois Life) agus múinteoir ar Bhunscoil Phobal Feirste, Jacqui de Brún, a bhí sa dara háit lena leabhar, Scoil an Chnoic. €1,000 a fuair de Brún.

Bhain údar mór le rá eile, Éilís Ní Dhuibhne, an chéad áit amach sa chatagóir 13-15 bliain d'aois le Hurlamaboc (Cois Life). €3,000 a fuair sí.

Réamonn Ó Muireadhaigh a bhain an gradam (agus €1,250) as cnuasach filíochta le Lampaí Dearga. Ba é an ceoltóir Tadhg Mac Dhonnagáin a thug leis an chraobh as script teilifíse le Aifric - An Craiceann agus a Luach. Tá sé €2,000 níos fearr as. Murab ionann agus Raifteirí san Underground, ní bheidh sé ag ceol ar phócaí folmha go ceann tamaill.

READ MORE

Alan Desmond a bhuaigh an chéad duais (€3,000) as ábhar léitheoireachta don fhoghlaimeoir fásta le saothar dar teideal An Foghlaimeoir Fásta (Comhar) agus tugadh duais aitheantais do Rachel Ní Fhionnáin as a prós cruthaitheach i rannóg eile.

Bíonn Alan agus Rachel beirt ag scríobh do cholúin Ghaeilge an nuachtáin seo go minic. Mol an óige agus tiocfaidh na duaiseanna.