Geallann Fine Gael aireacht shinsearach don Ghaeilge

TÁ SÉ tugtha le fios ag Fine Gael go mbeadh aire sinsearach i bhfeighil ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge dá mbeadh an páirtí…

TÁ SÉ tugtha le fios ag Fine Gael go mbeadh aire sinsearach i bhfeighil ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge dá mbeadh an páirtí sin i gcumhacht.

Dúirt urlabharí Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Fhine Gael, Michael Ring, go mbeadh slí ag bord an rialtais ag Fine Gael d’aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge air agus é ag caint i mBéarla leis an cholún seo an tseachtain seo caite.

Tá an gheallúint seo tugtha ag Fine Gael agus cur agus cúiteamh a dhéanamh sna meáin faoi thodhcaí Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus Roinn na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála Michael Ring gur mhaith leis féin go ndéanfaí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a nascadh leis an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Dúirt sé go raibh an leagan amach sin i bhfeidhm cheana sa Chomhchoiste Oireachtais a bhí ag plé na ngnóthaí sin ar fad agus go raibh “obair mhaith” ar bun ag an gcoiste sin.

READ MORE

Thug sé le fios chomh maith, áfach, go gcuimhneodh Fine Gael ar chúram na Gaeltachta a aistriú go dtí an Roinn Oideachais nó go dtí Roinn an Taoisigh.

Dúirt Ring go raibh a pháirtí meáite ar thacaíocht láidir a thabhairt do chúrsaí pobail tuaithe agus Gaeltachta ach go raibh an iomarca “dúbailt gan gá” ar bun faoi láthair i Roinn Éamoin Uí Chuív.

Maidir le ceist na teanga dúirt sé go raibh an iomarca den “gach éinne ag tarraingt uisce chun a mhuilinn féin” ag baint le saol na Gaeilge.

“Tá an iomarca ‘vested interests’, daoine ag iarraidh airgead a dhéanamh as seachas a bheith ag cur na teanga chun cinn ar fud na tíre. Níl suim againn ach an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail go ginearálta,” a dúirt sé.

Nuair a thosaigh an chabaireacht le déanaí faoin atheagar atá beartaithe ag Brian Cowen don chomhaireacht dúirt tráchtairí éagsúla go raibh a phort seinnte cinnte ag Ó Cuív an turas seo.

Is minic cheana uaigh pholaitiúil Uí Chuív tochailte agus réitithe dó ag saineolaithe polaitíochta agus le tamall anuas tá sé á thuar nach ndíbreofar Aire na Gaeltachta ón stáitse mhór.

B’fhéidir go bhfuil ceacht foghlamtha ag na saineolaithe ar deireadh go bhfuil Ó Cuív i measc na bpolaiteoirí sin nár cheart deimhin a dhéanamh de go bhfuil a rás polaitiúil rite nó go dtéann trí urchar na sluaiste air.

Ach fiú má thagann Ó Cuív slán tá seans ann go mbainfear a choróin de Rí Craggy Island (an leasainm díspeagúil atá ag tráchtairí Theach Laighean ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) agus go gcuirfear ar dualgas áit éigin eile é.

Tá geallúint neamhbhalbh sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge go mbeidh “aire sinsearach agus Roinn Rialtais (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) ar a mbeidh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge fós ann”.

Dá ndéanfaí neamhaird iomlán den gheallúint sin anois trí, mar shampla, aireacht shóisearach Gaeltachta a bhunú, bheadh ceap magaidh déanta den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gan an leagan deireanach den straitéis chéanna fiú foilsithe fós.

Ní raibh aon chosúlacht ar an gcaint a rinne an Taoiseach ar Nuacht TG4 le déanaí go raibh sé ag cuimhneamh ar an ngeallúint sin a bhriseadh ach níor léir uaidh ach an oiread cé acu a thiocfadh “Craggy Island” féin slán nó nach dtiocfaidh.

Ní dúirt an Taoiseach ach go dtabharfadh aon athrú a dhéanfaí aitheantas don “tábhacht” a bhainfeadh leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht i súile an Rialtais.

D’fhéadfaí Roinn na Gaeltachta a nascadh leis an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an Roinn eile ar dhírigh Colm McCarthy a mhéar uirthi i dTuarascáil an Bhoird Snip Nua, agus Roinn nua a bhunú le Ó Cuív nó duine éigin eile i gceannas uirthi.

D’fhéadfaí chomh maith cúram na Gaeltachta a aistriú go dtí an Roinn Oideachais rud a chuirfeadh imní ar ghníomhaithe teanga atá den tuairim go bhfuil dearcadh frith-Ghaeilge sa treis sa Roinn sin.

Dá mbeadh fonn ar an Taoiseach beart radacach a dhéanamh ar son na Gaeilge, d’fhéadfadh sé cúram an ghaeloideachais a bhaint den Roinn Oideachais agus é a aistriú chuig pé roinn a mbeadh cúram na Gaeltacha air ach is beag seans go dtabharfaidh sé an bóthar sin air féin.

I measc na roghanna eile a bheadh ag an Taoiseach d’fhéadfadh sé cleamhnas a dhéanamh idir Gaeltacht agus talmhaíocht nó, dá mba mhian leis, cleas Charlie Haughey a dhéanamh agus freagracht na Gaeltachta a ghlacadh air féin.