Gaois an fhocail

'Is fíor gur tuathánach a bhí i mo mháthair, ach seo mise anois agus veist bhán orm agus bróga buí, mar a bheadh muc i siopa." …

'Is fíor gur tuathánach a bhí i mo mháthair, ach seo mise anois agus veist bhán orm agus bróga buí, mar a bheadh muc i siopa." Anton Chekov.Níl ansin ach sampla beag amháin de na seodanna cainte atá le fáil in Focail le Gaois: seoda cainte na n-údar mór.

Is é Antain Mac Lochlainn, aistritheoir gairmiúil, a chuir an díolaim le chéile. Ba é a chuspóir leagan Gaeilge de The Oxford Dictionary of Quotations a chur ar fáil.

Is iad aistriúcháin go Gaeilge an tobar as a tharraingíonn sé uisce na haigne sin. Rinne sé rogha d'aistriúcháin le "sprioc insroichte a leagan síos don obair agus, nuair nach féidir ar scríobhadh i nGaeilge ó thús aimsire a léamh, cinneadh ar sciar maith den mhéid de litríocht an domhain a aistríodh go Gaeilge a chíoradh, féachaint cad é an saibhreas atá ann".

Urraim a spreag Mac Lochlainn le tabhairt faoin obair. Faoi chinnteidil - ainrialachas, blaisféim, cinniúint, daonlathas, srl - tá lón nathanna, cleasfhocail agus buafhocail a bhfuil "gaois nó greann nó gontacht thar an ngnách" iontu.

READ MORE

Seo sampla dá bhfuil le fáil:

"Agus mé ag súgradh le mo chat, cá bhfios nach mó de chaitheamh aimsire mise aicise ná ise agamsa?" Montaigne, Deascán as na hAistí.

"Rómhinic iad an bhreith luath lochtach agus an béadán ag múchadh na trócaire ionainn." Luicano Radi, Dialann Seansagairt.

"Nuair a chruthaigh Dia an tír seo shocraigh sé a teorainneacha sa tslí go bhfuil sé os cionn cumhachta an duine iad a athrú fad a bheidh muir ag tuile is ag trá." Art Ó Gríofa.

"Múnlaimid ár n-aigne agus ár mothúcháin tríd an chomhrá. Millimid ár n-aigne agus ár mothúchán tríd an chomhrá. Mar sin múnlaíonn nó milleann dea-chomhrá nó droch-chomhrá iad. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin a bheith in ann ár gcomhluadar a roghnú chun sinn a mhúnlú agus ní a mhilleadh. Agus ní féidir an rogha seo a dhéanamh ach sinn a bheith múnlaithe cheana agus ní millte. Fágann sin ciorcal ar méanar dóibh siúd a éalaíonn as." Blaise Pascal, Smaointe.

"Is olc é toil an tslua." Eoiripidéas.

"Tá an fear éirimiúil ar nós an duine a aimsíonn marc nach féidir le duine ar bith eile a aimsiú; ach is cosúla an ginias le duine a aimsíonn an marc nach féidir leis an gcuid eile againn fiú a fheiceáil." Arthur Schopenhauer.

"D'fhéadfadh duine a bheith eolach ar an nGaeilge agus a mháthair féin a dhíol." Art Ó Gríofa.

Dúirt tú é, a Airt.

  • Focail le Gaois: Seoda cainte na n-údar mór. Eag: Antain Mac Lochlainn. Cois Life (www.coislife.ie) a d'fhoilsigh. €15