Fuílleach áir

CROBHINGNE: BHÍ SIAD go léir á dhéanamh le seachtain anuas, dá bhrí sin, tá sé chomh maith agamsa mo chianóg rua féin a chaitheamh…

CROBHINGNE:BHÍ SIAD go léir á dhéanamh le seachtain anuas, dá bhrí sin, tá sé chomh maith agamsa mo chianóg rua féin a chaitheamh isteach i measc na gcos.

Is ea, is cuimhin liom cá raibh ménuair a déanadh an t-ionsaí ar Nua-Eabhrac deich mbliana ó shin. Uaireanta ní gá íoróin a lorg, bíonn sé ansin os do chomhair amach ar nós luiche i mias leitean.

Bhíos féin ag tiomáint thar Dhroichead na nDeor i dTír Chonaill, an droichead sin ag a bhfágadh daoine as Gaoth Dobhair agus na Rosa slán ag a muintir agus iad ag triall chun an bháid bháin i nDoire.

Ag an am céanna bhí inimirceach bocht eile ar chlár Joe Duffy ag gearán faoin tslí mhí-náireach a rabhthas ag caitheamh leis. Ionsaithe á ndéanamh ar a shiopa, maslaí ciníocha á gcaitheamh leis féin agus lena theaghlach. I lár na cainte sin tháinig Niall O’Dowd isteach lena nuacht faoi eitleán a bhuail foirgneamh ard i Nua-Eabhrac.

READ MORE

Bhí daoine as Éirinn san dá thúr, agus measadh ina dhiaidh sin go raibh nasc ag tuairim is 1,000 duine díobh leis an dtír seo. Glacadh leis gur saghas ionsaí orainn féin ab ea é, ach níor tuigeadh i gceart conas san. Theastaigh ó dhaoine áirithe “míniú” a fháil ar ar tharla; daoine eile a bhí sásta gurb é “an t-olc” faoi dear é.

Tráchtairí a chuaigh le craobhacha má déanadh iarracht ar chúis leis an mbarbaracht a lorg, á rá gurbh ionann “cúis” agus “leithscéal”. Ach mura raibh cúis éigin, dá olcas é, leis an sléacht, conas ab fhéidir díoltas a bhaint amach nó an dobheart a agairt orthu? Ní féidir ceart a bhaint den olc meitifisiciúil a thiteann chugat gan chuireadh gan iarraidh.

Agus mura raibh cúis leis, ní bheadh toradh ar bith ach an oiread ar an ngníomh a dhéanfaí mar mhalairt air. Má tá gach eachtra i mbosca leis féin, falla mór deascadíonta timpeall air, gan barrchleite isteach ann ná bunchleite ag gobadh amach as, is féidir rud ar bith a dhéanamh agus ní leanfaidh pioc dá éis. Ós rud é nach raibh aon réasún leis an ár ach scata sceimhlitheoirí a raibh olc ina gcroí, ní bheadh aon iarsma ar an gcéad chor eile, dar leo.

Seans go raibh tuairim níos fearr ag na hainspiantaigh a chomáin na heitleáin seachas mar a bhí ag na pleanálaithe sa Teach Bán ar cad é an drochobair a leanfadh, ach ní fheictear deireadh gnímh go brách.

Dúirt Bertrand Russell tráth, agus gan é go hiomlán le magadh, go raibh an réabhlóid tionsclaíochta ann de bharr triomachta san Áise thiar míle bliain ó shin.

Is amhlaidh gur ghluais na Turcaigh isteach san áit a bhfuil siad mar ba ghá dóibh é, gur chuir siad deireadh le himpireacht an oirthir, gur bhog lucht léinn agus feasa as Cathair Chonstaintín go dtí iarthar na hEorpa, gur dá bhíthin a tháinig ann don Renaissance, a ghriog saoirse mhachnaimh, a thug speach don eolaíocht, gurbh as a tháinig an réabhlóid thionsclaíoch a chuireann gach giúirléid agus ciútraimint theicniúil ar fáil. Seans nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an iFón sin id lámh toisc go raibh easpa uisce sna talúintí gar don Mhuir Chaisp fadó.

Más fada siar a ghabhann iarsma an drochbhirt, is faide fós ar aghaidh a théann ina dhiaidh sin. Tá cuid éigin de shaothar an lae sin soiléir go maith: na céadta míle eile curtha chun báis – ar a bheag – a bhformhór chomh neamhchiontach leis an leanbh sa chliabhán; glacadh go forleathan leis an gciapadh agus le pianpháis phríosúnach mar rud inmholta; cumhacht na Stát Aontaithe féin imithe i léig mar shliocht na gcogaí i gcéin agus neamart na heacnamaíochta sa bhaile.

Díobháil nach luaitear chomh minic sin is ea an t-amhras a gineadh i measc an ghnáthphobail faoi eachtrannaigh a raibh craiceann dorcha agus féasóga orthu, go háirithe má ghéill siad don chreideamh Ioslamach.

Thug seo sólás agus soilíos do bhiogóidigh de gach cineál agus leathnaigh finscéalta buile mar gheall ar Eoraip Mhuslamach agus Al Andalus eile agus sceimhle roimh phíosa éadaigh a chaith mná.

Níl aon cordon sanitaireidir na smaointe seo agus na hionsaithe rialta a déanadh ar Mhuslamaigh shíochánta san Eoraip, ach an oiread is gur fuílleach na nimhe a scaip Osama Bin Laden agus Sayyid Qutb ar tharla ar 9/11.

Shéid an ghaoth mhallaithe ón dá thúr isteach i scámhóga Ander Breivik nuair a bhí páistí á scaoileadh aige in Oslo chomh cinnte leis an ngaoth dheireanach a scaoil Saddam Hussein nuair a thit sé trí chomhla a chrochta. Nuair a ghabhann tú chun cogaidh ní fios cé eile a fhágfaidh tú ag Droichead na nDeor.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar