Fili an oileain

Ní mhaíonn an t-iriseoir seo eolas ar leith bheith aige ar thraidisiún filíochta an Bhlaoscaoid Mhóir

Ní mhaíonn an t-iriseoir seo eolas ar leith bheith aige ar thraidisiún filíochta an Bhlaoscaoid Mhóir. Déanta na fírinne, cuireann an iomrascáil le canúint na Mumhan barraíocht stró ar an aigne fhalsa Ultach.

Dá bharr sin a chuirtear fáilte roimh chnuasach beag filíochta de chuid an oileáin: Poets and Poetry of the Great Blasket (Mercier Press).

Triúr filí atá sa chnuasach: Piaras Feiritéar; Seán Ó Duinnlé agus Mícheál Ó Gaoithín. Is é Séamas Ó Scannláin a chuir eagar ar na dánta istigh agus a d'ullmhaigh na haistriúcháin Bhéarla.

Chuir, gan amhras, tagairt do Phiaras Feiritéar mar fhile de chuid an oileáin iontas ar an léitheoir seo. (Tá mé aineolach ach chan chomh haineolach sin ar fad.) Ach is de bharr baint bheith ag a mhuintir leis an oileán agus an bá a bhí ag muintir an oileáin lena chuid filíochta a chuireann Ó Scannláin é san áireamh mar seo.

READ MORE

Is é bua an leabhair go gcuireann Ó Scannláin rogha bheag dánta leis an triúr filí ar fáil. Tá na bunleaganacha Gaeilge agus na haistriúcháin Bhéarla taobh le taoibh. Is mór an gar a leithéid don té nach bhfuil eolach ar an fhilíocht nó ar an chanúint. Féadaim a rá gur eolaí mé ar an traidisiún anois ná mar a bhí mé sular thug mé faoin leabhar.

Fágaimis an focal scoir faoi Mhícheál Ó Gaoithín agus a dhán 'M'anam beidh i leabhar':

Ní bhfaighidh mé choíche bás

Cé go gcuirfear mé fé bhrat bán don chill

Ní chuirfear ann ach mo chorpán

Beidh mo ghuth fé bhláth ó aois go h-aois