Fidléir aon phoirt ag dul ar scoil

Beocheist: Táim cinnte gur minic go raibh an bhrionglóid chéanna agat, a léitheoir, tá a fhios agat an ceann sin ina bhfuil …

Beocheist: Táim cinnte gur minic go raibh an bhrionglóid chéanna agat, a léitheoir, tá a fhios agat an ceann sin ina bhfuil tú i lár scrúdaithe ar scoil - an ardteist go hiondúil - agus tá tú ag stánadh ar an phíosa páipéir os do chomhair amach agus tá a fhios agat nach bhfuil cuimhne dá laghad agat ar rud ar bith a d'fhoghlaim tú - níl tú abálta smaoineamh ar rud ar bith, seachas an eagla i do chroí.

Buíochas le Dia músclaím ón tromluí seo go tobann de ghnáth, ach ní mar a tharla an tseachtain seo caite. Bhí sé díreach mar an gcéanna, mise i mo shuí ansin sa rang scoile le hanbhá orm, ach in áit páipéar scrúdaithe os mo chomhair amach, bhí uirlis cheoil i mo lámh agam agus in áit mo chomhghleacaithe ó mo rang scoile, bhí daoine i bhfad níos lú agus i bhfad níos óige in éineacht liom sa rang.

Bhí mé i lár rang fidle do thosaitheoirí ag an scoil samhraidh i dTobar an Choire, Co Shligigh. Seo an 19ú bliain den scoil samhraidh a chuireann ranganna ar fáil i bhformhór na n-uirlisí ceoil tradisiúnta, damhsa agus amhránaíocht.

Ar ndóigh, tá Tobar an Choire ar nós cuid mhór de na féilte ceoil seo atá le fáil ar fud na tíre, le ranganna ceoil ar maidin, léachtaí um thráthnóna agus céilí nó teach tábhairne istoíche. I ndáiríre, d'fhéadfá do bhliain a mhapáil amach leis na féilte seo.

READ MORE

Ina measc, tá Scoil Samhraidh Willy Clancy i mBaile an Mhuilinn, Co an Chláir; tá Droim Sean Bó, Co Liatroma; Scoil Acla agus Ceol Cois Locha i Maigh Eo; tá féile tradisiúnta in Inis gach uile Shamhain agus Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy i nDún na nGall.

Ar ndóigh, tá neart féilte agus fleadhanna eile ar siúl seachas na cinn luaite agus tugann ócáidí mar seo an deis do dhaoine freastal ar ranganna ceoil áit a bhfuil siad ag foghlaim ó chuid de na ceoltóirí is fearr sa tír.

Déanann na féilte agus na fleadhanna seo cinnte de freisin go mbíonn stíleanna seinnte na gceantar éagsúil agus na mílte port atá ar marthain a chaomhnú.

Ach fillimis ar an taithí a bhí agam féin ar scoil samhraidh. Ar an chéad lá roinntear na daoine isteach i ranganna, ag brath ar a dtaithí agus ar a gcuid ábaltachta.

Bhí mé i ndiaidh freastal ar ranganna i mBéal Feirste ar feadh cúpla mí, ach b'shin i mí Eanáir agus is oth liom a rá gur annamh a d'oscail mé an cás ó shin.

Shocraigh siad mé a chuir isteach leis na tosaitheoirí eile; an chéad rud a bhí orainn a dhéanamh ná port a sheinm. Faoin am seo bhí ochtar páistí faoi aois deich mbliana ina suí sa rang liom chomh maith le bean eile ar comhaois liomsa.

Buíochas le Dia, a shíl mé, beidh ar a laghad duine amháin go bhféadfainn labhairt léi. Chomh luath agus a thosaigh sí ag seinm, áfach, bhí a fhios agam go raibh deireadh tagtha leis an chairdeas nua sular thosaigh sé. Sheinm sí port galánta, gan oiread is botún amháin agus bogadh isteach i rang níos airde í ar an bpointe boise.

Bhí trua agam don chréatúr bocht a mbeadh orthu seinm ina dhiaidh sin, go dtí go dtug mé faoi deara go raibh an múinteoir ag breathnú ormsa. Bhí mé náirithe, bhí mé uafásach ar fad, mo mhéara ag sleamhnú thar na sreanganna agus mé ag iarraidh smaoineamh ar na nótaí uilig.

Tháinig mé slán, áfach, agus nuair a chríochnaigh muid shocraigh mé go raibh cúpla duine eile sa rang ar comhleibhéal liom - cé go raibh gach uile dhuine sa rang scór bliain níos óige ná mé.

Bhí mé réidh le léim amach fuinneog mo sheomra ranga chomh luath is gur thiontaigh mo mhúinteoir thart - ach tharla míorúilt.

D'oscail an doras, agus cé a shiúil isteach ach duine nua - agus buíochas le Dia, bhí sé níos sine ná mé!

Níos fearr ná sin, ní raibh sé pioc beag níos fearr ná mise ó thaobh seinme de.

Fear álainn ón Ísiltír a bhí ann agus bhí neart gáire eadrainn agus muid ag strachailt linn. Chuir sé iontas orainn beirt cé chomh gasta agus a d'fhoghlaim na daoine óga sa rang i gcomparáid linn féin ach ba chuma linn, bhí muid ag baint suilt as!

Shíl mé go bhfoghlaimeoinn níos mó faoi stíl seinnte ná mar a d'fhoghlaim mé ach d'fhág mé ag deireadh na seachtaine agus neart port le cleachtadh agam.

Ar an nóta sin, ba chóir dom imeacht anois agus an cleachtadh sin a dhéanamh - táim ag iarraidh bheith ag barr an ranga an bhliain seo chugainn!

Is Léiritheoir Cúnta le UTV í Áine Ní Chosgráin