Fáilte is fiche roimh an deoraí

Bé an t-ábhar cainte é gach áit dá ndeachaigh mé san iarthar faoi Nollaig

Bé an t-ábhar cainte é gach áit dá ndeachaigh mé san iarthar faoi Nollaig. Luath nó mall bhain gach comhrá le plean chun lucht gaoil a mhealladh abhaile le haghaidh teacht le chéile 2013. Tógáil croí do dhaoine i gceantair atá bánaithe ag an imirce, glúin i ndiaidh glúine.

Sciob sceab ar airgead a thug roint daoine in ardchathracha ar Thóstal 2013 (The Gathering) ach is deis cheiliúrtha é do dhaoine a bhfuil níos mó dá muintir ar deoraíocht ná mar atá ag baile.

Ní muintir na tuaithe amháin a d’imigh ar eisimirce ach is faoin tuath a chonaic mé an dúil agus an cíocras chun leas a bhaint as an Tóstal seo chun tamall a chaitheamh le daoine muinteartha.

Tá na mílte imeachtaí cláraithe go hoifigiúil mar chuid den Tóstal 2013 agus go leor tionól príobháideach eagraithe. In ollmhargadh i mBéal a’ Mhuirthead bhí cárta poist á dháileadh, saor in aisce ag oifig turasóireachta Iorrais.

READ MORE

Chuireas suntas ann mar gur pictiúr de na rásaí capaill a bhíonn ar an trá i mo bhaile dúchais i mí Lúnasa gach bliain a bhí ann. Cuireadh na rásaí sin ar bun in athuair scór bliain ó shin agus bíonn na céadta deoraí i measc an tslua orthu go seasta. “Tar Abhaile i 2013” a deir an cárta; nod go mbíonn cuireadh abhaile á eisiúint gach bliain, nós seanbhunaithe san iarthar.

Fearacht go leor imeachtaí atá ar an liosta oifigiúil bheadh na rásaí ar siúl ar aon nós ach tugann tacaíocht an Tóstail deis do lucht eagraithe obair bhreise a dhéanamh agus béim a chur ar ról an diaspóra.

Tá an diaspóra sin i ngach cearn den chruinne. Is sa Bhreatain atá mórlucht na n-eisimirceach ó cheantar Iorrais, i Londain, Birmingham, Bristol agus in Albain.

Níl an oiread de mhuintir Mhaigh Eo in Albain is atá de Chonallaigh ach d’imigh a lán sa chéad leath den chéad seo caite agus táthar ag súil go dtiocfaidh a sliocht ag imeachtaí i mbliana.

Tá roinnt daoine ón gceantar i Meiriceá, i Chicago, Nua-Eabhrach, Buffalo agus Florida. Tá cuid mhaith san Astráil, scata de mo mhuintir féin sa Tasmáin agus i Queensland.

Tá cuid de shliocht chomharsan sa Nua-Shéalainn agus tá roinnt den dream óg sa Mheán-Oirthear. Tá an scéal mórán mar a chéile i gConnachta ar fad, in iarthar na Mumhan agus i nDún na nGall.

Is léir go bhfuil meas mór ag na daoine sa bhaile ar an gceangal leis na deoraithe. Is léir freisin go mbainfidh siad sult agus sásamh as an gcumann leo. Saibhriú na beatha dóibh is ea filleadh na ndaoine a dtug siad gean dóibh.

Sin é príomhbhua an Tóstail do na daoine a labhair liomsa. Tá sochar thairis sin le baint as, áfach. Tá leas le baint ag an mhuintir sa bhaile as na himeachtaí cultúrtha, na drámaí, seisiúin cheoil, an taighde ar chraobh ghinealaigh, na cluichí peile, rásaí, comórtaisí lúthchleasaíochta agus galf. Ní beag an méid é sin mar nuair a bheas na cuairteoirí imithe beidh creatlach d’fhiontair phobail fágtha – ó chumann drámaíochta go foireann peile.

Tá sochar eile ar intinn an Rialtais ar ndóigh; brabach ó mhéadú ar líon na dturasóirí. Gan dabht tá tábhacht leis sin do na tithe ósta, na tábhairní agus na siopaí gach áit.

Cá bhfios ach go mbeidh siopa nó teach ósta amháin atá ar an ngannchuid faoi láthair in ann teacht slán bliain eile a bhuíochas don Tóstal?

Nílim ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh de na haidhmeanna eacnamúla atá ag na húdaráis don Tóstal ach sílim gurb iad an taca pearsanta agus an cothú pobail na gnéithe is tábhachtaí ar fad. Tá siad sin thar a bheith luachmhar do na deoraithe chomh maith leis an dream sa bhaile.

Is mór idir eisimircigh an lae inniu agus na seandeoraithe. Is uafásach an cor é go bhfuil 200 duine ag fágáil an Stáit in aghaidh an lae. Mar bharr ar an donas is daoine óga a bhformhór. Murab ionann agus iad sin a d’imigh sna 40í agus sna 50í tá na hógánaigh sin eolach ar an idirlíon, ar skype agus na meáin sóisialta. Tá siad in ann gach eolas ón mbaile a fháil ar an toirt. Tá sé tábhachtach go bhfaighidís deiseanna filleadh abhaile go minic ar mhaithe leo féin agus leo siúd atá croíbhriste ina ndiaidh.

Ceist eile agus dúshlán mór is ea é conas cúram a dhéanamh de na himircigh atá bocht agus nach béas leo a theacht abhaile.

Daoine gan oideachas is ea go leor acu sin, iad in aois an phinsin anois, cuid acu gan teach ná lóistín. Tá a fhios go bhfuil cuid acu i mbrúnna, roint ag brath ar charthanachtaí le haghaidh bia agus dídine.

Ar mhaith leo a theacht abhaile? Ar feadh tamaill? Go buan? An mbeadh Éire an lae inniu aduain? Níos strainséartha ná an áit a bhfuil siad anois? Ar chabhair dóibh nó a mhalairt iad a thabhairt abhaile? Arbh fhearr an ní “baile” sábháilte soilbhir a sholáthar thar lear? An bhfuil an tsochaí toilteanach an cheist sin a chíoradh agus teacht ar chinneadh dearfach?

Ba mhaith an teist ar Thóstal 2013 é sin.